Scéal an Éireannaigh a chaith Mussolini agus sraith nua faoi sceithirí i sceideal an fhómhair

Tá breis is dosaen sraitheanna agus cláir Ghaeilge nua fógartha ag TG4 atá ag ceiliúradh 25 bliain a bhunaithe sa bhfómhar

Scéal an Éireannaigh a chaith Mussolini agus sraith nua faoi sceithirí i sceideal an fhómhair

Tá sceideal nua TG4 seolta inniu agus an stáisiún Gaeilge ag ceiliúradh 25 bliain a bhunaithe an fómhar seo. Tá breis is dosaen sraitheanna agus cláir Ghaeilge nua fógartha ag TG4 mar chuid de sceideal an fhómhair.

Sa tsraith faisnéise nua Misneach, cuirfear aithne ar dhaoine ar caitheadh go dona leo de bharr gur labhair siad amach i gcoinne na héagóra san ionad oibre. Tabharfar léargas ar bhliain a caitheadh i gceann de na héiceachórais is aitheanta in Éirinn – Cuan Bhaile Átha Cliath sa tsraith nua faisnéise An Cuan.

Caithfear súil i Go mBeirimid Beo ar eachtraí móra an tsaoil, ina measc paindéim an Covid-19, agus an t-ullmhúchán a bhí déanta nó nach raibh déanta ag muintir na hÉireann ina leith.

Tá comóradh á dhéanamh i mbliana ar 1,500 bliain ó rugadh Naomh Colm Cille agus déanfaidh an fadchlár faisnéise Colm Cille – An Naomh Dána ceiliúradh ar a shaol agus ar a shaothar.

Sa chlár staire Áille ar Airgead, déanfar cur síos ar scéal beirt bhan ar dhíol suntais iad, Mary Cunningham a rugadh sa Charraig i gcontae Dhún na nGall agus ar úsáideadh a híomhá ar Dollar Óir Mheiriceá, agus Hazel Lavery a rugadh i Meiriceá agus a raibh a híomhá féin ar an gcéad nóta bainc in Éirinn.

Inseoidh clár staire eile scéal Violet Gibson, a scaoil urchar leis an deachtóir Iodálach Benito Mussolini ach ar theip uirthi é a fheallmharú.

Ó thaobh na siamsaíochta de, beidh sraith nua ag Hector Ó hEochagáin, Hector – Éire Nua, ina dtabharfaidh Hector faoi thuras timpeall na tíre le casadh le daoine atá tagtha ó thíortha thar lear le cur fúthu in Éirinn. Sa tsraith Éadaí SOS, atá á cur i láthair ag Caoimhe Ní Chathail agus Proinsias Ó Coinn, cuirfear dúshlán roimh cheathrar atá an-tógtha go deo le faisean a gcuid éadaí a athúsáid agus a athchúrsáil.

I measc na sraitheanna a bheidh ag filleadh ar TG4 i rith an fhómhair, beidh Junior Eurovision ar ais le láithreoir nua, Louise Cantillon. Beidh sraith nua Underdogs ann freisin agus Kevin Cassidy, Michelle Ryan agus Mickey Ned O’Sullivan ag iarraidh foireann ban a bhainistiú.

Ó thaobh spóirt de, taispeánfar 26 cluiche ón gCraobh Rugbaí Aontaithe nua ar Rugbaí Beo agus den chéad uair riamh, beidh clúdach beo ag TG4 ar Shraith Vodafone Rugbaí Idirchúige na mBan ar Rugbaí na mBan Beo. Beidh GAA BEO ag filleadh do chluichí na gclubanna freisin.

Is iad Mairéad Ní Mhaonaigh, Séamus Fay, John agus Pip Murphy, Áine Uí Cheallaigh agus Kevin Cunniffe a bheidh faoi chaibidil sa tsraith is deireanaí de Sé mo Laoch agus craolfar Gradam Ceoil 2021 Oíche Shamhna, ócáid cheiliúrtha 25 bliain TG4.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, agus an sceideal á sheoladh go rabhthas ag iarraidh freastal níos fearr a dhéanamh ar an lucht féachana óg.

Tá ceithre shraith nua do pháistí seolta ag TG4 mar chuid de sceideal an fhómhair – sraith innealtóireachta Na hInnealtóirí; sraith siamsaíochta Mo Shaol, do Shaol ina mbeidh beirt pháistí éagsúla i ngach clár ag babhtáil a gcaitheamh aimsire lena chéile; sraith nua dúlra agus timpeallachta Timpeall Orainn le Póilín Nic Géidigh agus Peadar Ó Goill; agus An Bhfuil a Fhios Agat? le Brídín Ní Mhaoldomhnaigh a fhreagróidh ceisteanna faoi mar a oibríonn rudaí.

“Beidh TG4 ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód i mbliana ar an 31 Deireadh Fómhair agus is féidir linn a bheith sásta go bhfuil ‘súil eile’ anois ag earnáil na craoltóireachta in Éirinn de bharr chláracha TG4 agus go raibh ról ríthábhachtach ag branda TG4 i dtaobh an dearcadh atá ag daoine i leith na Gaeilge a athrú,” a dúirt Esslemont ag an seoladh.

“Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh lenár gcuid comhpháirtithe go léir atá ag obair sa tionscal neamhspleách closamhairc agus comhghairdeas a dhéanamh leo. Bhí an tsamhlaíocht agus an chruthaitheacht a bhí acu ina mbonn taca leis an rath atá ar TG4 le cúig bliana fichead agus leis an saothar is déanaí leo atá á cheiliúradh againn ag Seoladh an Fhómhair.”

Fág freagra ar 'Scéal an Éireannaigh a chaith Mussolini agus sraith nua faoi sceithirí i sceideal an fhómhair'

  • Eoin Ó Fátharta

    Laoch den chéad scoth a bhí i Mussolini, ceannaire cóir láidir den scoth! Mo náire thú a TG4 ag cur cláir amach ag comóradh na mná craiceáilte seo a rinne iarracht gaiscíoch na hIodáile a mharú. Is leor cur in iúl go dhaoine go raibh an naomh Padre Pio an-mhór le ‘Il Duce’ agus gur thug sé le fios blianta ó shin go raibh sé ar neamh. Agus fós féin inniu tá gean agus gnaoi ag muintir na tíre don bhfathach fir seo.