Tá liom – tá sainmhíniú faighte agam ar an spás fioscach! An craoltóir Pat Kenny a d’inis dúinn é ar Newstalk am lóin inniu thíos i dTeach sómasach Bhaile Uí Mhothláin i gCorcaigh agus leathchéad duine as an bpobal ina chuideachta agus a bhformhór chomh sásta le cat a mbeadh póca air leis an téarnamh. Ní mé an é áilleacht agus compord na háite nó easpa polaiteoirí a d’fhág chomh habartha deisbhéalach é. Más é, molaim Adhmhaidin a theacht as Caisleán Cheapach Corcóige as seo amach.
Ach an sainmhíniú sin, ‘airgead breabaireachta na vótálaithe’ nó an sprus a bheas fágtha le daoine a cheannach. Meas tú nach bhfuil sé buailte ar an gcaipín aige agus ar ndóigh tá praghas againn uilig.
Níl machaire méith na Mumhan saor ón mbráca – altraí ag imeacht, dochtúirí teaghlaigh traochta briste, scéimeanna oiliúna do jabanna nach bhfuil ann, easpa oibre i dtionscal na tógála, conarthaí gearra – ach dearfach, comharsanúil, suachma a bhí an dream seo. Is léir nár chas siad ar Phatrick Coveney thart ar Greencore! Ní bheidh an choiriúlacht faoin tuath ná an t-ochtú leasú ar an mbunreacht mar cheist ag aon duine d’aon pholaiteoir ag an doras.
Tá’s agat anois cén fáth go bhfágfaidh Kenny aon leasú bunreachta faoi ‘chomhthionól saoránach’ go ceann 33 bliain eile! Cuireadh ceist mhaith amháin – caithimid níos mó ar an gcóras sláinte ná aon tír eile seachas Meiriceá, cá dtéann an t-airgead sin? Leathanbhanda chomh maith leis an India agus lámha an rialtais a thógáil aníos as pócaí na meánaicme an bhreab a d’oibreodh anseo.
Freagra eile agam daoibh ó Mhary Lou McDonald a bhí ag Jonathan Healy ar an stáisiún céanna. An fáth ar roghnaigh Sinn Féin Acadamh Ríoga na hÉireann don seoladh – bhí an bhalcóin go hálainn le pictiúir dheasa a thógáil den leathchéad iarrthóir. Anois céard a déarfá agus mise a cheapadh gurb í an ríogacht a mheall iad!
Mhínigh sí go húdarásach roinnt an sparáin. Níor lig sí orlach le Jonathan. ‘Cuireadh tusa na ceisteanna agus fág fúmsa na freagraí,’ a deir go crosta nuair a shíl sí go raibh sé róchabach. Ní chreidfeadh sí aon fhigiúr a thiocfadh amach as béal Alan Kelly agus cé go mbeidh na meáin ag iarraidh a bheith diúltach, tá chuile dhuine breá dearfach ar na doirse a thaithíonn Mary Lou.
Ní bheidh siad ina bpáirtí sóisearach in aon chomhrialtas mar tá’s acu cén deireadh a bhíonn air sin. Ba cheart iarraidh uirthi a bheith ina Ceann Comhairle agus ní bheadh a leath oiread slabáil sa Dáil. An Taoiseach McDonald a déarfainn a thugann sí uirthi féin sa scáthán.
Níl sé éasca do vóta a chaitheamh ach cuimhnigh ar an deartháir agus an deirfiúr, John Kelly agus Anne Farrell as Ros Comáin, atá ag seasamh san áit chéanna do dhá pháirtí éagsúla – Lucht Oibre agus Renua. D’iarr Anne ar John seasamh do Renua ach mar a deir sé féin ‘pé seans a bhí agam seasamh ag 6%, níl seans ar bith go seasfainn ag 1%’! Gal is gaisce an lae inniu! Rún Fatima a bheas i vóta a máthar! ‘Ní chuirfidh ceachtar acu aon trioblóid ar an gceann comhairimh,’ arsa Ivan Yates agus é breá sásta nach é féin a bhíonn ag na doirse.
Bhí an fear grinn Jim Elliott ar an gclár céanna (ar a bhealach go Gaillimh) agus an-spraoi aige ar na póstaeir. ‘Tinder polaitíochta’, a thug sé orthu, mar nach bhfuil orthu ach an t-éadan agus go gcaithfidh tú meon agus beartaíocht a léamh ón straois sin. Shíl sé go bhfeilfidís Hillary Clinton i Meiriceá – meangadh mór in áit 18 nóiméad pápaireachta, ach dhéanfaidís an diabhal ar Trump! Súil aige go mbíonn siad áisiúil le cur fút má bhíonn ort codladh amuigh.
Áiféis an lae – Terry Prone ar Newstalk ag clamhsán faoi leadrán an fheachtais, an bhean cheannann chéanna a choill polaiteoirí na tíre sula ngabhfaidís ar an aer. Agus íocadh go maith air í!
Fág freagra ar 'Scáthán Mary Lou, ‘Tinder na polaitíochta’ agus a phraghas féin ag gach duine'