Sárú seacht mbliana Eircode ar an dlí teanga le plé i dTeach Laighean

Pléifear i dTeach Laighean gealltanas na Roinne Cumarsáide go n-úsáidfí na leaganacha oifigiúla Gaeilge de logainmneacha Gaeltachta sa chóras Eircode, gealltanas nár éirigh leo a chomhlíonadh riamh

Sárú seacht mbliana Eircode ar an dlí teanga le plé i dTeach Laighean

Seacht mbliana ó chinn an Coimisinéir Teanga go raibh an dlí maidir le logainmneacha Gaeltachta á shárú ag an gcóras Eircode, níl an scéal curtha ina cheart go fóill.

Pléifear arís inniu i dTeach Laighean gealltanas na Roinne Cumarsáide go n-úsáidfí na leaganacha oifigiúla Gaeilge de logainmneacha Gaeltachta sa chóras Eircode, gealltanas nár éirigh leo a chomhlíonadh.

Tháinig fadhb na logainmneacha chun cinn ar dtús seacht mbliana ó shin nuair a seoladh an córas Eircode. An uair sin i mBéarla amháin a bhí go leor seoltaí Gaeltachta sa chóras Eircode agus bhí an Ghaeilge lochtach i seoltaí eile. Tharraing an scéal níos mó gearán ná aon ábhar eile ó bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga.

Gealltar i scéim teanga na Roinne Cumarsáide go mbainfidh siad leas as logainmneacha oifigiúla Gaeilge na Gaeltachta agus mí na Nollag 2015 chinn an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill go raibh an dlí á shárú acu i gcás an chórais nua Eircode. Nuair nár éirigh leis an Roinn an scéal a chur ina cheart chuir an Coimisinéir tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais faoin ábhar mí Mheán Fómhair seo caite.

Breis is bliain ó chuir sé an tuarascáil sin faoi bhráid Thithe an Oireachtais, déarfaidh an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill le Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu gur léir ó líon na ngearán a bhíonn á fháil ag a oifig faoin ábhar i gcónaí nach bhfuil an fhadhb réitithe go fóill.

Beidh an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill os comhair an choiste chun labhairt faoin tuarascáil bhliantúil dheireanach dá chuid. Roimhe sin tráthnóna beidh grúpaí eile os comhair an choiste chun ceist Eircode agus na logainmneacha a phlé.

Beidh ionadaithe i láthair ag an gcruinniú den choiste Oireachtais ó Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann, ón mBrainse Logainmneacha sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

Níos túisce i mbliana dhiúltaigh Eircode féin agus an comhlacht Geodirectory teacht os comhair an choiste Oireachtais chun ceisteanna a fhreagairt maidir le leaganacha Béarla de logainmneacha Gaeltachta a bheith in úsáid.

Deir an Coimisinéir go dtiteann an dualgas reachtúil i gcás na seoltaí ar an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide seachas ar Eircode féin ná ar An Post, a dháil na héirchóid.

Dúirt an Coimisinéir Teanga cheana go raibh iarrachtaí déanta ag an Roinn Cumarsáide an scéal a chur ina cheart ach níl an córas athraithe go fóill chun gur logainmneacha Gaeilge amháin a bheadh ann do cheantair Ghaeltachta.

Bíonn na logainmneacha Gaeltachta i mBéarla amháin ar an leagan Béarla de shuíomh Eircode agus i nGaeilge amháin ar an leagan Gaeilge den suíomh. Deir an Coimisinéir Teanga gur chóir go n-úsáidfí na leaganacha Gaeilge amháin de na logainmneacha.

Tá ráite ag An Post nach bhféadfaí an leagan Béarla de sheoltaí Gaeltachta a bhaint dá mbunachar sonraí mar “go dteastaíonn sé le cruinnseachadadh litreacha” a chinntiú.

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Cumarsáide Hildegarde Naughton i mí an Mhárta go raibh an roinn le comhairle dlí a lorg ón Ard-Aighne faoi thuarascáil an Choimisinéara Teanga inar dúradh go raibh an dlí fós á shárú acu ó thaobh úsáid logainmneacha Gaeltachta sa chóras Eircode.

Dúirt an tAire Stáit Hildegarde Naughton agus oifigigh a roinne an uair sin nach bhféadfadh An Post an leagan Béarla de sheoltaí Gaeltachta a bhaint dá mbunachar sonraí mar go dteastaíonn siad lena chinntiú go seachadfaí litreacha go cruinn ceart.

Bhí dualgas reachtúil ar An Post faoi ComReg cloí le spriocanna seachadta lá arna mhárach, a dúradh. Bheadh sé “dodhéanta” na spriocanna sin a bhaint amach gan an leagan Béarla de na seoltaí a bheith sa bhunachar acu chomh maith.

Dúirt Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, Aengus Ó Snodaigh, nach bhfuair an coiste “freagraí sásúla” ag an gcruinniú i mí an Mhárta.

“Fós, tá an dlí á shárú i dtaobh úsáid logainmneacha Béarla i gceantair Ghaeltachta, agus mar sin, tá orainn dul ar ais chuig an ábhar seo agus é a phlé arís.”

Dúirt Aengus Ó Sndoaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin sa Dáil, go raibh baill an choiste ag iarraidh a fháil amach “cé air atá an fhreagracht” as fadhb na logainmneacha Gaeilge.

“Go dtí seo, níl aon eagraíocht sásta a rá leis an gComhchoiste go mbaineann an fhreagracht sin léi féin, agus níl an cur chuige seo inghlactha dúinn.

“Chomh maith leis sin, ní ghlacann an Comhchoiste leis an argóint nach bhfuil rogha ag An Post, ach leagan dátheangach de logainmneacha a úsáid i gcomhair na gceantar Gaeltachta.”

Fág freagra ar 'Sárú seacht mbliana Eircode ar an dlí teanga le plé i dTeach Laighean'

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    ‘Sea, ‘cé air atá an fhreagracht’ , sin an cheist. An é go bhfuil na stáitseirbhísigh ag imirt an sean-chleas úd ‘masterly inactivity’ nó an fhéadfadh sé a bheith fíor nach bhfuil fios a ghnó ag saineolaithe na Roinne?