Sárú ar dhlí Eorpach é Béarla amháin a bheith ar lipéid táirgí leighis d’ainmhithe – cinneadh Ard-Chúirte

Peadar Mac Fhlannchadha a thóg cás in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit agus é ag maíomh gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid freisin ar tháirgí leighis d’ainmhithe

Sárú ar dhlí Eorpach é Béarla amháin a bheith ar lipéid táirgí leighis d’ainmhithe – cinneadh Ard-Chúirte

Cinneadh san Ard-Chúirt inniu go bhfuil dualgas teanga faoi dhlí Eorpach á shárú ag an stát seo mar go gceadaítear Béarla amháin a úsáid ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.

Peadar Mac Fhlannchadha, atá ina Leas-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge, a thóg an cás in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit agus é ag maíomh gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid freisin ar na táirgí sin sa tír seo.

Sa chúirt anuraidh mhaígh foireann dlí Pheadair Mhic Fhlannchadha nach raibh an treoir Eorpach (2001/82/EC) a bhaineann le táirgí leighis d’ainmhithe á cur i bhfeidhm ag an Stát.

Faoi réir na treorach áirithe sin, a d’eisigh an tAontas Eorpach in 2001, caithfear sonraí a bhaineann le táirgí leighis ainmhithe a bheith i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla na mballstát ina bhfuil na táirgí á ndíol. 

Bhí dearbhú na hArd-Chúirte á lorg ag Mac Fhlannchadha nach raibh a dhualgas faoin treoir Eorpach á chomhlíonadh ag an Stát go fóill.

Fuair sé an dearbhú sin inniu nuair a chinn an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh nár tugadh feidhm cheart don dlí Eorpach sa chás seo.

Chuir an Breitheamh an t-ábhar siar go dtí mí Dheireadh Fómhair chun deis a thabhairt don Stát déileáil le himpleachtaí chinneadh an lae inniu. Dúirt sí go mb’fhéidir nárbh fhiú tosú anois ar an bpacáistiú a dhéanamh dá-theangach ó tharla go mbeidh treoir eile á thabhairt isteach ag an AE in 2022 a cheadóidh don Stát Béarla nó Gaeilge a roghnú do na lipéid. Bhí ceist ann an faoin gcúirt a bhí sé cinneadh a dhéanamh faoin méid sin, a dúirt sí, ach éistfidh sí le hargóintí i dtaobh na ceiste sin sa bhfómhair.

Chuaigh Peadar Mac Fhlannchadha i muinín na cúirte i ndiaidh dó dhá bhliain a chaitheamh i mbun comhfhreagrais leis an Roinn Talmhaíochta faoin cheist.

Mhaígh an Roinn Talmhaíochta sa chúirt anuraidh dá gcuirfí an treoir i bhfeidhm go mbeadh ardú ar phraghsanna na dtáirgí agus go mbeadh drochthionchar aige ar mhargadh na gcógas leighis d’ainmhithe in Éirinn.

Mhaigh siad freisin nach mbeadh comhlachtaí cógaisíochta sásta an lipéadú a chur ar fáil sa dá theanga agus go dtiocfadh deireadh leis an gcomhphacáistiú a dhéantar ar tháirgí a bhíonn á ndíol in Éirinn agus sa Bhreatain.

Fág freagra ar 'Sárú ar dhlí Eorpach é Béarla amháin a bheith ar lipéid táirgí leighis d’ainmhithe – cinneadh Ard-Chúirte'

  • Victor

    A leithéid de sheafóid agus glactar leis! Féachaigí ar na boscaí calóg nó seacláid nó rud ar bith eile den sórt seo a bhfuil na comhábhair scríofa i bhfiche teanga! An méadaíonn sé praghas na gcalóg? Like, really?!