Deireadh san Ard-Chúirt le cás faoi Bhéarla amháin a bheith ar tháirgí leighis d’ainmhithe

Cinneadh le déanamh faoi chás a thóg Peadar Mac Fhlannchadha, atá ina Leas-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge, in aghaidh an Aire Talmhaíochta

Deireadh san Ard-Chúirt le cás faoi Bhéarla amháin a bheith ar tháirgí leighis d’ainmhithe

Tá deireadh tagtha san Ard-Chúirt le héisteacht cás faoi gan ach Béarla amháin a bheith á úsáid ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.

Peadar Mac Fhlannchadha, atá ina Leas-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge, a thóg an cás in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit agus é ag maíomh gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid freisin ar na táirgí sin sa tír seo.

Cuireadh tús leis an chás san Ard-Chúirt Dé Máirt agus leanadh leis an éisteacht inné. Tháinig deireadh leis an gcás inné ach tá a cinneadh le fógairt fós ag an Bhreitheamh Úna Ní Raifeartaigh. 

Mhaígh foireann dlí Pheadair Mhic Fhlannchadha nach bhfuil an treoir Eorpach (2001/82/EC) a bhaineann le táirgí leighis d’ainmhithe á cur i bhfeidhm ag an Stát.

Faoi réir na treorach áirithe sin, a d’eisigh an tAontas Eorpach in 2001, caithfear sonraí a bhaineann le táirgí leighis ainmhithe a bheith i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla na mballstát ina bhfuil na táirgí á ndíol.

Tá dearbhú na hArd-Chúirte á lorg ag Mac Fhlannchadha nach bhfuil a dhualgas faoin treoir Eorpach á chomhlíonadh ag an Stát go fóill. Chuaigh sé i muinín na cúirte i ndiaidh dó dhá bhliain a chaitheamh i mbun comhfhreagrais leis an Roinn Talmhaíochta faoin cheist.

Tá sé á maíomh ag an Roinn Talmhaíochta, dá gcuirfí an treoir i bhfeidhm, go mbeadh ardú ar phraghsanna na dtáirgí agus go mbeadh drochthionchar aige ar mhargadh na gcógas leighis d’ainmhithe in Éirinn. Maítear freisin nach mbeadh comhlachtaí cógaisíochta sásta an lipéadú a chur ar fáil sa dá theanga agus go dtiocfadh deireadh leis an chomhphacáistiú a dhéantar ar tháirgí a bhíonn á ndíol in Éirinn agus sa Bhreatain.

De réir Alt 58 (4) den treoir Eorpach maidir leis an lipéadú ar chógais leighis d’ainmhithe, deirtear:

‘The particulars mentioned in paragraph 1(f) to (l) shall appear on the outer package and on the container of the medicinal products in the language or languages of the country in which they are placed on the market.’

Baineann Alt 61 le haon bhileog eolais a bheadh i dteannta na gcógas leighis:

‘The package leaflet shall be written in terms that are comprehensible to the general public and in the official language or languages of the Member State in which the medicinal product is marketed.’

Mháigh foireann dlí Mhic Fhlannchadha gur léir ón treoir go gcaithfidh an t-eolas ar an lipéadú a bheith i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an bhallstáit, an Ghaeilge agus Béarla sa tír seo.

Mhaígh foireann dlí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara nach léir dóibh a leithéid de cheangal a bheith orthu maidir le Gaeilge a chur ar phacáistiú na dtáirgí agus go raibh saoirse ag an Stát maidir le léirmhíniú a dhéanamh ar an treoir Eorpach.

Ní gá brí litriúil a bhaint as foclaíocht na treorach, dar leo. 

Fág freagra ar 'Deireadh san Ard-Chúirt le cás faoi Bhéarla amháin a bheith ar tháirgí leighis d’ainmhithe'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Cuireann cás mar seo samhnas agus cantal orm, caithfidh mé a rá. Níl mórán de na ranna stáit in Éirinn in ann déileál le comhfhreagras i nGaeilge nó déileál le fiosrúchán i nGaeilge ar an bhfón agus tá Leas Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge ag iarraidh go mbeadh an t-eolas casta teicniúl ar tairgí leighis d’ainmhithe curtha ar fáil i nGaeilge ar na lipéid, a chuirtear ar na buidéil is na pacáistí? Cé bheas in ann iad a thuiscint is a léamh?

    Ní fhéadfadh bua sa chás seo ach dochar a dhéanamh sa bhfadthéarma do mheon an phobail i leith na Gaeilge, mar nach bhfuil sé bunaithe ar éileamh ciallmhar ar chearta teanga.