‘Sárdheis’ ag muintir Mhúscraí agus plean teanga eile ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta

Cúig cinn de phleananna teanga atá ceadaithe anois ag an Aire Stáit Joe McHugh sna 26 Limistéar Pleanála Teanga sa Ghaeltacht

‘Sárdheis’ ag muintir Mhúscraí agus plean teanga eile ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta

Tá an cúigiú plean teanga faofa ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh agus €100,000 thar thréimhse bliana á chur ar fáil chun tús a chur le feidhmiú phlean Mhúscraí.

Tá €490,000 ceadaithe cheana do na ceithre phlean eile a bhfuil glactha leo go dtí seo – Cois Fharraige, Na Déise, Cloich Chionnaola agus Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire, Loch an lúir.

Ceithre cinn eile de phleananna teanga atá curtha faoi bhráid Aire Stáit na Gaeltachta ag Údarás na Gaeltachta le faomhadh– Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh, An Cheathrú Rua, Ciarraí Theas agus Maigh Eo Thuaidh.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta gur “sárdheis é seo do mhuintir Mhúscraí an Ghaeilge a chaomhnú agus a neartú ina gceantar”.    

“Tréaslaím le gach duine a bhí páirteach in ullmhú an phlean teanga agus guím gach rath orthu – anois go bhfuil feidhmiú an phlean ar tí tosú.

“Tá sé soiléir go bhfuil ceanneagraíocht an limistéir tar éis tabhairt faoin bpróiseas go díograiseach ar mhaithe lena gceantar agus a dteanga. Guím gach rath orthu, agus ar phobal Mhúscraí uile, agus iad i mbun a gcuid oibre sna blianta atá amach romhainn,” a dúirt an tAire Stáit Joe McHugh 

 

Fág freagra ar '‘Sárdheis’ ag muintir Mhúscraí agus plean teanga eile ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta'