Saothar tathagach faoi thréimhse chinniúnach chorrach i stair na hÉireann

Is deas mar a thugann an t-ainm Gaeilge, Cogadh na gCarad, truacántacht na tréimhse leis

Saothar tathagach faoi thréimhse chinniúnach chorrach i stair na hÉireann

Maraíodh tuairim is 1,600 duine i rith Chogadh Cathartha na hÉireann. Ba shaighdiúirí san arm náisiúnta 800 díobh, ba bhaill den IRA frithchonartha 500 acu agus ba shibhialtaigh an chuid eile. Ba bhinbeach agus b’fhuilteach an tréimhse í. Pobail dhlútha in adharca a chéile, teaghlaigh i bpíobáin a chéile agus iarchomrádaithe cogaidh ag scaoileadh a chéile. Is deas mar a thugann an t-ainm Gaeilge, Cogadh na gCarad, truacántacht na tréimhse leis. I dtrí chlár uair an chloig Thug an saothar toirtiúil tathagach The Irish Civil War (RTÉ1) léargas ar an tréimhse chorrach chinniúnach úd.

Tá deich mbliana na gcomórthaí céad bliain ag teannadh chun críche agus b’éigean don chéad ghála de shaothar Ruán Magan súil a chaitheamh go tapaidh ar bhlianta eachtracha na réabhlóide. Deineadh an tsraith seo i gcomhar le hOllscoil Chorcaí agus é bunaithe ar an saothar cuimsitheach toirtiúil úd Atlas of the Irish Revolution. Bhí an saothar lán go gad le staraithe ar fud Éireann, na Ríochta Aontaithe agus Mheiriceá. Dhein daoine amhail Brendan O’Leary, John Crowley, Gavin Foster, Síobhra Aiken agus Diarmaid Ferriter dreasa eolgaiseacha cainte. Bhí reacaireacht bhinn againn ó Brendan Gleeson agus deineadh míreanna cartlainne le leithéidí Dan Breen a shníomh isteach go néata.

Chuir an t-easaontas a bhain leis an gConradh Angla-Éireannach a shíniú an t-aighneas sa tsiúl. Iad siúd a bhí ina fhabhar ag maíomh gur cloch chora a bhí ann; iad siúd a bhí ina choinne ag maíomh go raibh feall déanta ar an bPoblacht. Cuireadh abhaile orainn gur teip cheannaireachta a bhí ann nár deineadh tnútháin a mhaolú tar éis an tsosa cogaidh.

Daoine ag taobhú le dream amháin nó le dream eile bunaithe ar a léamh is a dtuiscintí féin. Teaghlaigh is pobail scoilte go binbeach ó bhun go barr. “The end of a dream” a bhaist Liam Deasy ar thosach na cogaíochta. Bhí sé suimiúil gur luadh gurbh iad an dream gustalach, na feirmeoirí móra, fostóirí agus lucht gnó mar aon leis an eaglais is na meáin is mó a bhí i bhfabhar an chonartha. Bhí eagla roimh an mBoilséiveachas ag éirí thiar as seo. Mar chuid de sin, agus lena chois, sea is lú tacaíocht a bhí ann don chonradh dá fhad a bhíothas ó Bhaile Átha Cliath.

Leis an oiread sin eachtraí ag tarlú i rith na tréimhse b’éigean don saothar bogadh ar aghaidh go tapaidh agus gan dul ródhomhain in eachtraí faoi leith. B’eachtra chinniúnach é lámhach Michael Collins agus cor in aghaidh an chaim acu le chéile. Rinneadh uafáis ar an dá thaobh agus bhí brúidiúlacht faoi leith ag baint leis na heachtraí i gCiarraí i Márta na bliana1923 mar ar tharla sléacht Bhailte Ó Síoda. Tá truacántacht faoi leith ag baint le scéal Kevin O’Higgins agus Rory O’Connor. Sé Rory a sheas le Kevin lá a phósta agus bhí Kevin ag an mBord Rialtais a chinn Rory agus triúr eile a chur chun báis mar dhíoltas ar mharú an Teachta Dála Seán Hales.

Filleadh arís is arís ar an lorg a d’fhág cogadh seo na gcarad agus na muintire ar phobal na hÉireann. Dúirt an Dr. Síobhra Aiken linn gurbh í tuairim na n-iarshaighdiúirí gur fhág an choimhlint “colm ar anam na hÉireann” agus go raibh “cneácha spioradálta ag at ar feadh glúnta”. Gan amhras d’fhág goimh agus brúidiúlacht na tréimhse lorg ar na rannpháirtithe agus cuireadh abhaile orainn gurbh é an t-aon slí a bhí ag daoine le déileáil leis uafáis na tréimhse a bhrú fé chois. Dúirt Seán Lemass féin, ar céasadh agus ar maraíodh a dheartháir, gurb é an ciúnas an t-aon tslí le bogadh chun cinn. Chuaigh Fine Gael agus Fianna Fáil i mbun comhrialtais i dtosach 2020, nach mór céad bliain i ndiaidh an Chogaidh Chathartha. An bhfuil an colm cneasaithe?

Fág freagra ar 'Saothar tathagach faoi thréimhse chinniúnach chorrach i stair na hÉireann'