Saothar taighde dhá scór bliain ag Pádraig Ó Héalaí ina shárleabhar nua

Tá os cionn 500 leathanach ar fad sa leabhar agus féadaim a rá gan bhréag gan áibhéil gur léigh mé chuile fhocal di le fonn agus le flosc

Saothar taighde dhá scór bliain ag Pádraig Ó Héalaí ina shárleabhar nua

Snátha den Seansaol (New Ireland Books) an teideal atá ar an leabhar is déanaí le Pádraig Ó Héalaí agus is maith is fiú í a léamh,

Staidéar domhain ar an mbéaloideas atá inti – saothar taighde dhá scór bliain ag an údar. Tá 21 caibidil inti a bhunaigh sé ar aistí leis a foilsíodh in irisí éagsúla in imeacht na mblianta sin.

Tá os cionn 500 leathanach ar fad sa leabhar agus féadaim a rá gan bhréag gan áibhéil gur léigh mé chuile fhocal di le fonn agus le flosc, cé is moite de thrí scéal Fiannaíochta a d’inis Tomás Ó Criomhthain.

Tá sé éasca an leabhar a léamh go deimhin. Gaeilge na Gaeltachta atá inti agus anáil na scoláireachta ligthe fúithi. Tá caint na ndaoine inti faoi mar a d’inis siad scéalta béaloidis agus tá Gaeilge na Gaeltachta saibhrithe, oibrithe snoite sa tráchtaireacht ar na scéalta.

Fear léannta go smior é Pádraig Ó Héalaí ach ní dhallann sé le carraigeacha móra na hacadúlachta muid mar a dhéanann cuid eile den lucht léinn. Shílfeá gur ag iarraidh a dhul i bhfeidhm ar a chéile a bhíonn siad agus dearmad á dhéanamh acu orainne na gnáthléitheoirí.

‘As an gcineál seo saoil, saol an tseanscéil, an tsean-amhráin, an tsean-ghnáis, na pisreoige más áil leat, a múnlaíodh na céadta glúin Gael,’ a dúirt Máirtín Ó Cadhain. ‘B’as saol an bhéaloidis, saol nach raibh mórán athrú air le míle bliain anuas, a fáisceadh mé,’ ar seisean.

D’fhéadfainn féin an rud céanna a rá. Bhí na pisreoga agus an lucht sí timpeall orm i gcónaí.

Ba bheag nár ‘tugadh as’ mé Lá Bealtaine agus mé i mo pháiste. Chuir mo mháthair síos i mbosca mór ard tae mé agus í ag dul amach le gabháil mhóna a fháil as an gcruach a bhí taobh ó dheas den teach. Ar fhilleadh ar ais di bhí mise tagtha aníos as an mbosca agus mé ag déanamh amach ar an doras.

Dúradh léi ina dhiaidh sin dá mbeinn imithe thar an tairseach nach bhfeicfeadh sí i mo chruth féin aríst mé. Chuirfí iarlais i m’áit.

Chonaic mé tlú curtha ar chliabhán páiste lena chosaint ar na sióga. Chonaic mé frog a tugadh isteach i mbuicéad uisce á chur síos ar an tine beo beathach. D’fhéadfainn beirt iascairí a ainmniú nach dtógfadh duine a bheadh á bháitheadh as an uisce ar fhaitíos gur báitheadh a bheadh i ndán dóibh féin.

Chuimhnigh mé ar rud eile a dúirt Máirtín Ó Cadhain nuair a léigh mé an chéad chaibidil den leabhar seo. Ba é sin nach raibh an piúratánachas i ndúchas mhuintir na Gaeltachta.

Bhí sé go láidir sa dream a bhí ag foilsiú leabhar Gaeilge, a dúirt sé. Seo mar a chuir sé é: ‘Ní thagann beithígh faoi dháir i leabhra Gaeilge; is anuas le tuillte na Féile Michíl a thig na naíonáin go léir; ní bhíonn mná ar bhruach an dá fhichead ag fiach fear, agus ná taobhaigh Port Láirge ar a bhfaca tú ariamh.’

Is beag den phiúratánachas atá san inseacht a rinne Méiní as an mBlascaod ar an gcaoi a bhféadfadh lánúin a chinntiú go mbéarfaí mac dóibh. Seo í an chomhairle a chuir sí ar an scoláire mór Sasanach Robin Flower (Bláithín) a thugadh cuairt ar an mBlascaod go minic:

‘Is ea, a Bhláithín,’ arsa mise ‘tá breis eile oraibh, slán a bheas sibh, ó bhís anso cheana.’

‘Tá, a Mhéiní,’ ar seisean, ‘iníon eile.’

‘Dhera,’ arsa mise, ‘cad ina thaobh ná bíonn mac agat?’

‘Conas a bheadh mac agam, a Mhéiní?’ ar seisean.

Ó, go maithfidh Dia dhom é, dúirt leis é: ‘A Bhláithín,’ arsa mise, ‘an chéad uair eile a bheir ag déanamh do chúraim le do mhnaoi bí ag feadaíl agus beidh mac agat.’

Naoi mí dár gcionn chuir Bláithín scéala go dtí an Blascaod gur saolaíodh mac dóibh.

D’airigh mé féin beirt bhan ag plé an ábhair céanna uair. Péire ‘wellingtons’ a bheith ar an bhfear a mhol siadsan.

Fág freagra ar 'Saothar taighde dhá scór bliain ag Pádraig Ó Héalaí ina shárleabhar nua'

  • Tadhg Mac Dhonnagáin

    Laoch léinn é Pádraig Ó Héalaí agus is iontach an bua atá aige an t-eolas domhain, leathan atá aige a chur i láthair. Tréaslaím leis a shaothar agus thaitin léirmheas seo Josie go mór liom. Maidir leis na wellingtons a bheith á gcaitheamh sa leaba ag fear agus é ag luí lena bhean agus iad ag iarraidh mac a bheith acu, chuala mé ráite ag Pádraig féin, má thig mé liom i gceart an scéal, go leagtaí sleán ar an leaba le taobh na mná in áiteacha ar mhaithe leis an toradh céanna a fháil. 😳

  • Carraig53@protonmail.com

    ‘Dúirt leis é’= ‘Dúrt (=dúirt mé) leis é’ adúirt Méiní ina canúint féin, canúint na Mumhan.
    ‘Go maithfidh Dia dhom é’ = ‘Go maithe Dia dhom é.’ Más fút sleachta a phoibliú as an leabhar ná cuir as a riocht iad.

  • Fachtna Ó Drisceoil

    Fear uasail lách é Pádraig. Comhgairdeachas leis.

  • KH

    Sheasfainn sa sneachta ag éisteacht leis – duine de na cainteoirí is breátha sa tír. Comhghairdeachas leis.

    Kevin Hickey

  • Brian Ó Conchubhair

    Scoláire den scoth a roinn a chuid eolais go fial, go fairsing agus go lách. Ag tnúth go mór leis an saothar is déanaí uaidh a léamh.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Tá an ceart ar fad ag Carraig53. Gabh mo leithscéal.

  • An tEisreachtach

    Tréaslaím a shaothar le Pádraig. Go maire sé.
    Is trua go mbíonn ar an gCuagach a leithéid seo de sheafóid a chur ina léirmheas: ‘Tá sé éasca an leabhar a léamh go deimhin. Gaeilge na Gaeltachta atá inti…’
    Is eagal liom nach ea. Manglam de Patois measctha le pidgin atá sa gcuid is mó de Ghaeilge na Gaeltachta anois. Cuid mhaith briathra Gaeilge, tá siad á ndíbirt, agus briathra Béarla á gcur ina n-áit, agus ‘-áil’ á chur mar eireaball leo.
    Téarmaíocht Ghaeilge: is eagal liom nach ann di sa nGaeltacht ach i bhfíor-chorrchás; i mBéarla a bhíonn an téarmaíocht nua-aoiseach.
    Úsáideann daoine ainbhiosacha, áitiúla an téarma maslach ‘An Ghaeilge Nua’ ar aon struchtúr nó nath nár chuala siad ar a dteallach dílis déin. Bí ag caint ar intinn agus ar dhearcadh dúnta!
    Bhíodh an tseafóid dheighilteach, pharóistiúil seo á craobhscaoileadh ag Joe Steve freisin ad nauseum.
    Pobal amháin iad pobal na Gaeilge, Gaeltacht agus Galltacht, agus muid ar brath go mór ar a chéile leis an dé a choineáil sa nGaeilge. Níl tuiscint ag móran sa nGaeltacht gur teanga náisiúnta í an Ghaeilge. Is teanga phríobháideach, iargúlta, áitiúil acu í.

  • Meas tú!

    Léirmheas? Cén léirmheas? Fógróir dá lua féin leis an gCadhnach is a’ caint ar a óige arís! Dheamhan a bhfeicimse ‘léirmheas’ ar bith murar léirmheas a rá gur scoláire mór é an t-údar is gur fear Gaeltachta é! Chuir sé iontas orm, lena cheart a thabhairt don ‘léirmheastóir’ gur dhearmad sé an modh foshuiteach, an modh sin a mbíodh gean sa nGaeltachta air tráth den tsaol. Nár imí uainn ach é!

  • Padraig ÓGallachoir

    ‘Fear léannta go smior é Pádraig Ó Héalaí ach ní dhallann sé le carraigeacha móra na hacadúlachta muid mar a dhéanann cuid eile den lucht léinn. Shílfeá gur ag iarraidh a dhul i bhfeidhm ar a chéile a bhíonn siad agus dearmad á dhéanamh acu orainne na gnáthléitheoirí.’

  • Seán Mag Leannáin

    Trácht spéisiúil ón Eisreachtach thuas. Seanscéal é an deighilt seo idir na cainteoirí dúchais agus na foghlaimeoirí ach cuid mhaith den fhírinne i ráiteas an Eisreachtaigh, tá mé ag ceapadh.

  • Eimear

    A Eisreachtaigh, más barr feabhais atá le cur agam ar mo chuid Gaeilge, is sa Ghaeltacht a dhéanfas sin agus ní in Utopia.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Maidir le sáiteán Mheastú. Níor dhúirt mise gur léirmheas a scríobh mé. Alt a bhí agam a tharraingeodh aird, cheap mé, ar an leabhar. Sílím gur éirigh liom sin a dhéanamh más cruthú ar bith na tagairtí a tháinig isteach. Bhí Pádraig Ó Héalaí sásta leis an méid a scríobh mé. Ghlac sé buíochas liom. Níl meas mada agamsa ar chantalóirí nach mbíonn sé de mhisneach acu a n-ainm a chur lena dtuairim. I bhfad uainn meatacháin mar iad.