Saothair cuid de mhórfhilí na Gaeilge faoi chaibidil ag clár faisnéise faoi ‘Leabhar Ceanannais na haoise seo’

Tugadh cuireadh d’ealaíontóirí, d’fhilí agus do chumadóirí ceoil a rogha ábhair féin a chur i Leabhar Mór na hÉireann, cuid de mhórscríbhneoirí na Gaeilge ina measc

Saothair cuid de mhórfhilí na Gaeilge faoi chaibidil ag clár faisnéise faoi ‘Leabhar Ceanannais na haoise seo’

Tá Nuala Ní Dhomhnaill agus Biddy Jenkinson i measc na scríbhneoirí a gcuirtear faoi agallamh iad i gclár faisnéise nua faoi Leabhar Mór na hÉireann, saothar a foilsíodh sna nóchaidí agus ar tugadh ‘Leabhar Ceanannais na haoise seo’ air.

Insítear sa chlár nua The Great Book of Ireland, scéal an leabhair a ceapadh an chéad lá chun airgead a bhailiú i gcomhair eagraíochtaí a thacaigh le healaíontóirí agus scríbhneoirí.

Ag deireadh na n-ochtóidí, tugadh cuireadh d’ealaíontóirí, d’fhilí agus do chumadóirí ceoil a rogha ábhair féin a chur sa leabhar ar mhaithe le léargas a thabhairt ar Éirinn na linne “a mhairfeadh míle bliain” nó pé faid a mhairfeadh an leabhar féin.

Tá 278 leathanach ann agus is idir 1989 agus 1991 a cuireadh an leabhar le chéile.

Ar na filí Gaeilge a raibh dánta leo i Leabhar Mór na hÉireann, tá Nuala Ní Dhomhnaill, Liam Ó Muirthile, Cathal Ó Searchaigh, Micheál Ó Conghaile, Tomás Mac Síomóin, Gabriel Rosenstock, Pearse Hutchinson, agus Pádraig Ó Snodaigh.

Beidh saothar cuid de na filí Gaeilge le feiscint chomh maith i dtaispeántas i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus é i gceist gailearaí nua a thógáil san ollscoil.

Cheannaigh an ollscoil Leabhar Mór na hÉireann in 2012 ar chostas €1 milliún d’fhonn é “a chaomhnú, a chur chun cinn agus a chur ar taispeáint go buan ar son mhuintir na hÉireann”.

Tá sé i gceist Leabhar Mór na hÉireann a thaispeáint i nGailearaí na Séad, atá le forbairt i Leabharlann Bhoole san ollscoil.

Tá an clár, The Great Book of Ireland, le craoladh ar RTÉ One Déardaoin, an 20 Lúnasa, ag 10.10i.n..

Fág freagra ar 'Saothair cuid de mhórfhilí na Gaeilge faoi chaibidil ag clár faisnéise faoi ‘Leabhar Ceanannais na haoise seo’'