Ritheadh rún sa Dáil tráthnóna ag léiriú muiníne sa Cheann Comhairle Verona Murphy.
Ba é an chéad uair riamh go raibh a leithéid de vóta ann faoi Cheann Comhairle, agus d’éirigh le vóta muiníne an Rialtais, 96 vóta in aghaidh 71.
Dúirt an Ceann Comhairle i ndiaidh na vótála nach raibh “aon olc aici d’aon duine” agus go mbeadh “a doras oscailte i gcónaí”. Dúirt sí go seasfadh sí lena “móid shollúnta”, go seasfadh sí le cearta gach ball den Teach agus go gcuirfeadh sí na rialacha na Dála i bhfeidhm go “neamhchlaonta agus go cothrom”.
D’eascair an rún muiníne as an gclampar sa Dáil an tseachtain seo caite nuair a glacadh le moladh maidir le cearta cainte nua a thabhairt don Ghrúpa Neamhspleách Réigiúnach atá ag tacú leis an rialtas agus do chúlbhinseoirí an rialtais.
Chuir páirtithe an fhreasúra i leith an Cheann Comhairle nár chuir sí rialacha na Dála i bhfeidhm mar ba chóir agus gurb amhlaidh gur chabhraigh sí leis an rialtas a mholadh a bhrú tríd.
Roimh an vóta tráthnóna, dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur “údar mór díomá” a bhí ann go rabhthas ag vótáil faoina raibh i ndán don Cheann Comhairle.
“Tá bagairtí móra roimh ár dtír, bagairtí a bhfuil an baol ann go bhfágfaidh siad a lorg ar gach pobal agus gach teaghlach,” a dúirt an Taoiseach.
“Níl dóthain ama againn le bheith ag meilt ama ar sheifteanna soiniciúla atá bunaithe ar iompar bagrach agus achrann.
“Níl dóthain ama againn go mbeifí á mheilt ar an iarracht seo fáil réidh leis an gCeann Comhairle mar nach raibh sí sásta umhlú d ’fhreasúra atá ag éileamh go mbeadh sé de cheart ag an mionlach veto a chur ar ár gcuid oibre.”
Dúirt an Taoiseach go dteipfeadh ar iarracht an fhreasúra “fáil réidh” leis an gCeann Comhairle agus go mbeadh ar chumas na Dála ansin “leanúint ar aghaidh ag déanamh obair an phobail”.
Sular caitheadh an vóta, dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go raibh iarracht ar siúl ag Fine Gael agus Fianna Fáil spior spear a dhéanamh de chóras daonlathach na Dála. Bhí an Ceann Comhairle ar thús cadhnaíochta na hiarrachta sin agus í ag tacú le fonn le leas an Rialtais, a dúirt ceannaire Shinn Féin.
Mhaígh Mary Lou McDonald go raibh Verona Murphy mar a bheadh “aire dílis ag glacadh le treoir pholaitiúil ón mbarr”.
Mhaígh nach raibh aon oidhre ar Verona Murphy ach “Ceann Comhairle an Rialtais, í sínithe, séalaithe agus seachadta ag Michael Lowry”.
Dúirt ceannaire Shinn Féin gur stróiceadh as a chéile leabhar rialacha na Dála agus gur deineadh ceap magaidh de mhóid an Cheann Comhairle nuair a cinneadh gan aon vóta a reáchtáil faoi mholadh an rialtais mar a bhí á éileamh.
Bhí an Ceann Comhairle agus an Rialtas ag comhoibriú le chéile gan náire, ar sí.
Thagair ceannaire Shinn Féin don “mhargadh suarach” a bhí déanta ag an rialtas le Michael Lowry, an Teachta Dála conspóideach as Tiobraid Árann. Dúirt sí go ndúirt Lowry go neamhbhalbh go raibh toghadh Verona Murphy mar chuid den mhargadh a deineadh leis féin agus neamhspleáigh eile.
“Aon daoine a mbeadh aon mheas acu ar ról an Cheann Comhairle, ní bheadh aon bhaint acu le socrú náireach dá leithéid,” ar sí.
Shéan Verona Murphy féin scun scan líomhaintí an fhreasúra agus deir sí nach raibh aon bhunús in aon chor leis an méid a bhí á mhaíomh acu.
D’iarr an Tánaiste Simon Harris ar pholaiteoirí an fhreasúra a raibh baint acu leis an iompar a d’fhág an Dáil ina cíor thuathail an tseachtain seo caite leithscéal a ghabháil le cléireach na Dála agus foireann Thithe an Oireachtais.
Daithí
Im’ thuairim féin is cúis náire ar an rialtas gan a réitigh an fadhb seo. Ar an lámh eile n’fheadar go ndéanfaidh an ceann comhairle aon dul chun cinn lena caighdeán Gaelainn