Cé aige a mbeadh seans a bheith mar an chéad Choimisinéir Teanga sa Tuaisceart?

Fógraíodh an tseachtain seo an folúntas do Choimisinéir don Ghaeilge ó thuaidh, fógra tábhachtach i stair na gceart teanga in Éirinn

Cé aige a mbeadh seans a bheith mar an chéad Choimisinéir Teanga sa Tuaisceart?

Tá an chaint tosaithe faoi cé a d’fhéadfadh a bheith ina chéad choimisinéir teanga sa Tuaisceart.

Fógraíodh an tseachtain seo an folúntas don phost nua, fógra tábhachtach i stair na gceart teanga in Éirinn.

‘Duine spreagúil’ a bheidh in ann obair ‘i dtimpeallacht chasta’ atá ag teastáil de réir an fhógra.

Mar gheall ar dhoicheall traidisiúnta an DUP roimh an nGaeilge, meastar go mbeidh buntáiste chomh maith ag an iarrthóir nach bhfuil luaite chomh mór sin leis an bpolaitíocht ná leis an bhfeachtasaíocht.

An chéad-aire agus an leaschéad-aire in éineacht a cheapfaidh an coimisinéir.

Fágann sin go raibh formhór na bhfoinsí ar labhair Tuairisc leo den tuairim go bhfuil seans an-mhaith ann go roghnófar iarrthóir ó chúlra acadúil, iriseoireachta nó seirbhíse poiblí, seachas aon duine a bheadh luaite le páirtí polaitíochta nó leis an bhfeachtas pobail a réitigh an bealach do bhunú oifig an choimisinéara.

Ar na daoine is mó a shíltear go mbeadh seans acu ar an bpost dá gcuirfidís suim ann tá Aodhán Ó Conghaile, atá ina cheannaire ar oifig Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann sa Bhruiséil agus ar iarstiúrthóir é ar Chumann Miondíola Thuaisceart Éireann.

Duine eile atá á lua ná Pól Deeds, leas-phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, a chaith 20 bliain i gceannas ar Droichead, an clár oideachais atá lonnaithe i mBéal Feirste.

Tá Áine Walsh, stiúrthóir an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ag Northern Ireland Screen, á lua chomh maith mar iarrthóir láidir dá mbeadh spéis aici sa chúram. Duine eile a bhfuil cúlra sna meáin aige atá á lua leis an bpost ná Antaine Ó Donnaile, déantóir scannán aitheanta agus stiúrthóir an chomhlachta léiriúcháin Macha Media.

Ó thaobh na hiriseoireachta de, tá tamall fada caite ag Áine Ní Ghallchóir i mbun tuairisceoireachta ó na sé chontae do Nuacht TG4 agus aithne mhaith uirthi dá réir, mar atá ar Robert McMillen eagarthóir Gaeilge an Irish News. Iar-iriseoir é Ciarán Ó Pronntaigh atá ina bhainisteoir ar an Áisaonad i gColáiste Ollscoile Naomh Muire a chuireann áiseanna teagaisc ar fáil do ghaelscoileanna.

I measc na ndaoine ó chúlra acadúil a shíltear go mbeadh seans acu dá mbeadh suim acu sa phost tá Niall Comer, léachtóir in Ollscoil Uladh agus iaruachtarán ar Chonradh na Gaeilge agus Síobhra Aiken, léachtóir in Ollscoil na Ríona.

Beirt eile a bheadh cáilithe go maith ó thaobh a gcuid tuisceana ar chearta teanga iad Pádraig Ó Tiarnaigh, bainisteoir cumarsáide Chonradh na Gaeilge, agus Ciarán Mac Giolla Bhéin, a toghadh ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge an mhí seo caite. Bhí an bheirt acu lárnach sa bhfeachtas cearta teanga a thug ann an reachtaíocht faoina bhfuil oifig an choimisinéara nua á bunú.

Fág freagra ar 'Cé aige a mbeadh seans a bheith mar an chéad Choimisinéir Teanga sa Tuaisceart?'

  • Lillis Ó Laoire

    Tinneas cinn agus coim agus aicídeacha báis…

  • Mise Mé Féin

    Cad é atá i gceist ag Lilis? Seans go mbeadh tinneas cinn ar an Choimisinéir nua in amanna ach is obair thábhachtach atá roimhe.