Ní mór an fonn cainte a bhí ar chomhlachtaí cógaisíochta agus earraí leighis sa Ghaeltacht tráthnóna inné faoin bhfógra maidir le taraifí a bhfuiltear ag súil leis inniu ó Donald Trump.
Tá comhlachtaí cógaisíochta agus earraí leighis i measc na bhfostóirí is mó sa Ghaeltacht agus meastar gurb í an earnáil sin is mó a d’fhéadfadh a bheith thíos le cogadh trádála Trump.
Tá fainic curtha ag an rialtas anseo go bhféadfadh laghdú 50% a bheith ar easpórtálacha earraí cógaisíochta as an tír seo go dtí na Stáit Aontaithe as seo go ceann cúig bliana de bharr na dtaraifí nua.
Dúirt roinnt de na comhlachtaí cógaisíochta agus earraí leighis is mó sa Ghaeltacht le Tuairisc inné nach raibh aon rud le rá acu faoi láthair maidir leis na taraifí atá le fógairt.
De réir na bhfigiúirí, chuig Meiriceá Thuaidh a théann beagnach 25% de na hearraí a easpórtálann comhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.
De réir na bhfigiúirí do na comhlachtaí Gaeltachta sin, is le hearraí easpórtála a bhaineann 60% dá gcuid díolacháin. In 2024, mar shampla, díolachán iomlán €1.098 billiún a bhí ag cliantchomhlachtaí, agus bhain €658 milliún de sin le hearraí easpórtála.
Ní raibh figiúir ar fáil ó Údarás na Gaeltachta faoin gcéatadán de na hearraí easpórtála sin a chuaigh chuig Meiriceá Thuaidh in 2024 ach in 2023 is 24% a bhí i gceist. Díolachán €156 milliún a rinne cliantchomhlachtaí an Údaráis le Meiriceá Thuaidh in 2023. 23% d’earraí easpórtála na gcomhlachtaí Gaeltachta a chuaigh chuig Meiriceá Thuaidh in 2022, 2021 agus 2020.
De réir na bhfigiúirí is déanaí ceimiceáin agus táirgí leighis ab iad 19% de na hearraí a easpórtálann cliantchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta. Earraí bia agus dí a bhí sa dara háit ar 16% agus earraí talmhaíocha, iascaireachta agus mara a bhí sa tríú háit le 11%.
Inniu lá na cinniúna do go leor gnólachtaí in Éirinn, an lá atá tofa ag Donald Trump leis na taraifí trádála ar thíortha san Aontas Eorpach a fhógairt.
Fág freagra ar 'Comhlachtaí Gaeltachta ag fanacht ar tharaifí Trump, 25% dá n-earraí easpórtála a théann chuig Meiriceá Thuaidh'