Meastar gur ghlac suas le 800 duine páirt in agóidí i gConamara ar maidin agus aird tarraingthe acu ar chúrsaí sábháilteachta bóthair sa gceantar.
Bhailigh grúpaí lasmuigh de scoileanna i mBearna, sna Forbacha, ar an Spidéal agus in Indreabhán agus iad ag iarraidh go ndéanfaí gníomh chun an bóthar áitiúil, an R336, níos sábháilte do ghasúir.
Tá imní léirithe ag tuismitheoirí faoin luas a bhíonn faoi charranna agus feithiclí agus iad ag dul thar scoileanna i gceantar Chois Fharraige agus deirtear go mbíonn sé an-chontúirteach ag páistí a bhíonn ag iarraidh an bóthar a thrasnú agus iad ag teacht agus ag imeacht ón scoil.
Bhailigh sluaite lasmuigh de Scoil Shéamais Naofa i mBearna, Scoil na bhForbacha, Scoil Éinne an Spidéil agus Scoil Sailearna sna hAille in Indreabhán agus iad ag lorg gnímh ó na húdaráis.
Agus í ag labhairt ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin, dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly nach raibh “an dara rogha” ag tuismitheoirí ach tabhairt faoi agóid.
“Ní raibh an dara rogha acu ach dul ar an mbóthar i mbun agóide agus is mór an trua é sin. Ba chóir go mbeadh an córas ag feidhmiú i bhfad níos fearr agus go mbeadh réiteach ar an scéal.”
Dúirt an Teachta Neamhspleách gur bhuail sí le hoifigigh ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus leis an Údarás Náisiúnta Iompair le mí anuas ach gur bheag tuiscint a bhí ann ar thábhacht na ceiste.
“D’éist siad go cúramach ach ní raibh aon tuiscint ann cé chomh práinneach is atá sé rud a dhéanamh,” a dúirt sí.
Dúirt Connolly go raibh na scoileanna ar fad a ghlac páirt san agóid san áireamh i scéim faoi chúrsaí sábháilteachta bóthair atá á reáchtáil ag an Údarás Náisiúnta Iompair i gcomhar leis An Taisce ach nach bhfeicfí aon toradh ar sin sa ghearrthéarma.
Deir tuismitheoirí a bhfuil gasúir acu sna scoileanna i gCois Fharraige go bhfuil an bóthar an-chontúirteach agus go dtarlóidh timpiste luath nó mall.
Dúirt Cathal Ó Flatharta, a bhfuil páiste aige ag freastal ar bhunscoil Scoil Éinne ar an Spidéal, go bhfuil an scéal seo á phlé ag tuismitheoirí le polaiteoirí agus leis an gcomhairle contae le roinnt mhaith blianta ach go bhfuil na hagóidí á n-eagrú chun gníomh a éileamh.
“Tá sé cosúil le mótarbhealach ag dul trí lár an bhaile,” a deir sé. “Tá busanna, HGVs, leoraithe ag dul siar agus aniar chuile am den lá. Bíonn daoine ann, nuair a fheiceann siad an Prom agus bóthar leathan, cuireann siad an chos síos sa gcarr. Tá sé chomh contúirteach.”
Fág freagra ar '‘Ní thuigtear cé chomh práinneach is atá sé’ – na céadta i láthair ag agóidí chun aird a tharraingt ar chontúirt an R336'