Tá sé ráite ag an Aire Ardoideachais go bhfuil sé ag iarraidh cur le líon na mac léinn a a dhéanann cúrsaí tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge.
Dúirt an tAire James Lawless sa Dáil go dtacaíonn sé leis an éileamh go gcuirfí le líon na ndaltaí a théann ar aghaidh chun a gcuid oideachais tríú leibhéal a fháil trí mheán na Gaeilge agus go raibh a roinn ag obair i dtreo na sprice sin.
Tháinig an léiriú tacaíochta sin sna sála ar thuairisc ar an suíomh seo nach bhfuil an tAire ná an tÚdarás um Ard-Oideachais (HEA) in ann a rá cé mhéad cúrsa tríú leibhéal atá ar fáil trí Ghaeilge ná cé mhéad mac léinn atá ag freastal orthu.
D’ardaigh beirt de Theachtaí Dála Shinn Féin an cheist leis an Aire Lawless le seachtain anuas.
Dúirt an tAire leis an Teachta Dála Mairéad Farrell gur iarr oifigigh sa Roinn Ardoideachais agus Breisoideachais ar an HEA athbhreithniú a dhéanamh ar an eolas atá ar fáil agus go dtiocfaidh sé ar ais le heolas faoi líon na gcúrsaí a mhúintear trí Ghaeilge ag an tríú leibhéal.
Agus é ag freagairt ceiste de chuid urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aenugs Ó Snodaigh níos déanaí, thug an tAire Lawless le fios go raibh súil aige níos mó a dhéanamh faoin ábhar.
Dúirt an Teachta Ó Snodaigh go raibh 50,000 páiste ag fáil a gcuid oideachas trí mheán na Gaeilge ag leibhéal na bunscoile ach gur thit an figiúr sin go dtí 17,000 ag leibhéal na hiar-bhunscoile agus gur titim eile go dtí 3,000 a bhí i gceist ag an tríú leibhéal.
“Ó tharla go bhfuil suim níos mó i measc páistí in oideachas trí mheán na Gaeilge, ba mhaith liom tacú leis seo,” a dúirt an tAire. “Déanfaidh mé mo dhícheall, ag obair le mo chomhghleacaí an tAire [Oideachais] Helen McEntee. Is dóigh go bhfillfidh muid ar an gceist seo ach ba mhaith liom mo thacaíocht don phrionsabal a chur ar an taifead agus dearbhú don Teachta go bhfuil muid ag obair i dtreo sin.”
Dúirt an tAire Lawless, a labhair i mBéarla agus i nGaeilge, go raibh “go leor céille” sa méid a bhí le rá ag Aengus Ó Snodaigh agus go gcuirfeadh sé san áireamh é.
Dúirt Ó Snodaigh gur thuig sé gur faoi na hinstitiúidí tríú leibhéal a bhí sé cinneadh a dhéanamh faoi chúrsaí trí Ghaeilge a chur ar fáil ach go raibh “ag teip go huile is go hiomlán” ar an HEA líon na gcúrsaí Gaeilge a ardú sna hinstitiúidí ar fud an stáit.
Cé go bhfuil na hinstitiúidí neamhspleách, dúirt Ó Snodaigh go raibh siad ag brath ar mhaoiniú ón stát agus go bhféadfaí brú a chur orthu cur le líon na gcúrsaí Gaeilge tríd an HEA nó trí chúrsaí maoinithe.
“[Beidh] dualgas anois ar an Stát a chinntiú go bhfuil 20% dóibh siúd a n-earcófar chuig an Státseirbhís inniúil ar an nGaeilge. Beidh innealtóirí, banaltraí, dochtúirí agus é sin ar fad i gceist,” a dúirt Ó Snodaigh agus é ag tagairt don sprioc earcaíochta son Acht Teanga.
“Mura bhfuil na cúrsaí ar fáil, ní bheidh na dochtúirí agus Státseirbhísigh leis an nGaeilge cheart ann amach anseo. Caithfidh an Stát seirbhísí a sholáthar i nGaeilge i gceantair Ghaeltachta. Beidh níos mó de dhíth amach anseo.”
An tseachtain seo caite, cháin an Teachta Dála Mairéad Farrell an easpa dul chun cinn a bhí déanta ag an Roinn agus an HEA i dtaobh cúrsaí nua trí Ghaeilge a chur ar fáil. Tá dhá bhliain anois ann ó dúirt an Tánaiste Simon Harris, a bhí ina aire ardoideachais ag an am, go rachadh sé i dteagmháil leis an Údarás um Ard-Oideachas agus institiúidí ardoideachais maidir leis an sprioc earcaíochta sa reachtaíocht teanga.
“Is é mo thuairim go mbreathnaíonn sé ar nós go gceapann an Rialtas, mura n-aithníonn siad an fhadhb, nach bhfuil aon fhadhb ann, ach, tá sé ríshoiléir go bhfuil,” a dúirt Farrell.
Deir sí go mbeadh sé an-éasca ag an HEA an t-eolas cuí a lorg ó na hinstitiúidí tríú leibhéal agus é a bhailiú le chéile. Deir sí go bhfuil “ceisteanna tromchúiseacha” le freagairt toisc nach bhfuil sin déanta dhá bhliain ó gheall Harris go ndéanfadh sé an scéal a fhiosrú.
Niall Ó Flatharta
‘Ba mhaith liom mo thacaíocht a chur ar an taifead’ ( An t-Aire Ard-Oideachais)
Cad é an Ghaeilge a bhéadh ar sin?