‘Níl a fhios agam’ – freagra ar bith ag an Aire Ardoideachais ar cheist faoi líon na gcúrsaí Gaeilge ag an tríú leibhéal

Deir Sinn Féin gur léir nach bhfuil dóthain cúrsaí Gaeilge á gcur ar fáil i láthair na huaire agus go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil neamhaird á déanamh ag an Rialtas ar an bhfadhb

‘Níl a fhios agam’ – freagra ar bith ag an Aire Ardoideachais ar cheist faoi líon na gcúrsaí Gaeilge ag an tríú leibhéal

Beagnach dhá bhliain ó dúirt Simon Harris go bpléifeadh sé leis an Údarás um Ard-Oideachas (HEA) conas is fearr freastal ar an éileamh breise a bheidh sa tseirbhís phoiblí ar chainteoirí líofa Gaeilge amach anseo, níl an Roinn Ardoideachais ná an HEA ábalta a rá cé mhéad cúrsa tríú leibhéal atá ar fáil trí Ghaeilge.

I bhfreagra ar cheist ón Teachta Dála Mairéad Farrell an tseachtain seo, dúirt an tAire Ardoideachais nua, James Lawless, nárbh fhéidir leis-sean ná leis an Údarás um Ard-Oideachas a rá cé mhéad cúrsa a mhúintear trí Ghaeilge atá á gcur ar fáil ag institiúidí tríú leibhéal ar fud na tíre.

“Measann an HEA go bhfuil thart ar 70 clár ardoideachais ar fáil ina ndéantar staidéar ar an nGaeilge. Ach ní choinníonn an HEA aon taifead faoi láthair ar an líon cúrsaí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge,” a dúradh sa bhfreagra ar an gceist Dála.

Deir Sinn Féin gur léir nach bhfuil dóthain cúrsaí Gaeilge á gcur ar fáil i láthair na huaire agus go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil neamhaird á déanamh ag an Rialtas ar an bhfadhb.

Dúirt an tAire go bhfuil iarrtha ag a Roinn ar an HEA athbhreithniú a dhéanamh ar an eolas atá ar fáil agus go dtiocfaidh sé ar ais chuig Farrell le heolas faoi líon na gcúrsaí a mhúintear trí Ghaeilge ag an tríú leibhéal.

Ba i Meitheamh 2023 a dúirt an Tánaiste Simon Harris, a bhí ina aire ardoideachais ag an am, go rachadh sé i dteagmháil leis an Údarás um Ard-Oideachas agus institiúidí ardoideachais maidir leis an sprioc earcaíochta sa reachtaíocht teanga.

De réir na sprice sin Gaeilgeoirí líofa a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030. Dúirt Harris go labhródh sé leo maidir le soláthar cúrsaí Gaeilge i gcomhthéacs na reachtaíochta.

Beidh breis daoine le Gaeilge ag teastáil ar fud an státchórais chun an sprioc 20% a bhaint amach agus meastar go bhfuil gá le réimse níos leithne cúrsaí tríú leibhéal a chur ar fáil trí Ghaeilge chun freastal ar an éileamh sin.

Deir an Teachta Dála Mairéad Farrell Shinn Féin, nach bhfuil sé maith go leor go bhfuil an chuma ar an scéal nach bhfuil aon dul chun cinn déanta ag an rialtas ná ag an HEA le dhá bhliain anuas.

“Caithfidh mé a rá nach bhfuil sé sách maith ar chor ar bith,” a dúirt sí le Tuairisc. “Sílim nach bhfuil dóthain cúrsaí tríú leibhéal curtha ar fáil trí mheán na Gaeilge agus dá gcuirfeadh an tAire an t-eolas seo ar fáil go poiblí, go dtarraingeodh sé náire pholaitiúil air féin. Is é mo thuairim go mbreathnaíonn sé ar nós go gceapann an Rialtas, mura n-aithníonn siad an fhadhb, nach bhfuil aon fhadhb ann, ach, tá sé ríshoiléir go bhfuil.”

Deir Farrell go mbeadh sé an-éasca ag an HEA an t-eolas cuí a lorg ó na hinstitiúidí tríú leibhéal agus é a bhailiú le chéile. Deir sí go bhfuil “ceisteanna tromchúiseacha” le freagairt toisc nach bhfuil sin déanta dhá bhliain ó gheall Harris go ndéanfadh sé an scéal a fhiosrú.

Cuireadh i leith Harris roimhe sin go raibh sé “ag tabhairt an dá mhéar” d’Aire Stáit na Gaeltachta maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn ag an tríú leibhéal.

Dúirt Harris in 2022 gur faoi na hinstitiúidí ardoideachais amháin a bhí sé cinneadh a dhéanamh maidir le cúrsaí nua trí Ghaeilge a chur ar fáil agus go raibh dóthain cúrsaí ann cheana féin chun freastal ar an éileamh a bheadh ar Ghaeilgeoirí faoin reachtaíocht nua. Nuair a pléadh an cheist arís ina dhiaidh sin, dúirt sé go ndéanfadh sé an scéal a fhiosrú tuilleadh.

Thagair an t-aire nua, James Lawless, do neamhspleáchas na n-institiúidí tríú leibhéal sa bhfreagra a thug sé ar cheist Mhairéad Farrell. Dúirt sé go mbíonn a gcuid straitéisí féin don Ghaeilge ag na hinstitiúidí, soláthar cúrsaí trí Ghaeilge san áireamh.

Dúirt Lawless go dtugann a roinn €900,000 sa mbliain d’institiúidí tríú leibhéal an stáit chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i measc na mac léinn agus na foirne. Dúirt sé freisin go gcuireann Roinn na Gaeltachta maoiniú ar fáil do thograí eile san earnáil sin.

Fág freagra ar '‘Níl a fhios agam’ – freagra ar bith ag an Aire Ardoideachais ar cheist faoi líon na gcúrsaí Gaeilge ag an tríú leibhéal'