Imní faoi ‘chonspóid chrogaill eile’— an DUP le cur i gcoinne comharthaíocht Ghaeilge i lárionad iompair Bhéal Feirste

Deir LeasChéad-Aire Stormont, Emma Little-Pengelly an DUP, go n-ardóidh sí ceist na comharthaíochta Gaeilge san lárionad iompair ag cruinniú den Fheidhmeannas Déardaoin

Imní faoi ‘chonspóid chrogaill eile’— an DUP le cur i gcoinne comharthaíocht Ghaeilge i lárionad iompair Bhéal Feirste

Deir an DUP go bhfuil sé i gceist acu dúshlán a thabhairt don chinneadh comharthaíocht i nGaeilge a chur in airde i Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste.

Tá sé ina imní anois go mbeidh raic mhór eile in Stormont faoin teanga ar chuma na conspóide a bhí ann roinnt blianta ó shin nuair a chuir iarcheannaire an DUP, Arlene Foster, lucht tacaíochta Shinn Féin i gcomparáid le crogaill a bhíonn i gcónaí ag iarraidh.

Dúirt Sinéad McLaughlin, ball Tionóil de chuid an SDLP “nach ar leas aon duine é go gcumfaí conspóid “crogaill” eile.

Deir LeasChéad-Aire Stormont, Emma Little-Pengelly an DUP, go n-ardóidh sí ceist na comharthaíochta Gaeilge san lárionad iompair ag cruinniú den Fheidhmeannas Déardaoin.

Léirigh pobal na Gaeilge sa gcathair díomá nuair a d’oscail an stáisiún nua anuraidh agus gan ach Béarla le feiceáil ar na comharthaí. D’fhógair an tAire Iompair ó thuaidh, Liz Kimmins Shinn Féin, an tseachtain seo caite go raibh comharthaíocht dhátheangach le crochadh anois agus go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil ar na meaisíní ticéad.

Meastar go gcosnóidh sé thart ar £120,000 na hathruithe cuí a dhéanamh.

Cheistigh an LeasChéad-Aire, Emma Little-Pengelly an DUP, an cinneadh an tseachtain seo caite agus is léir anois go bhfuil sé i gceist ag a páirtí cur i gcoinne chrochadh na gcomharthaí.

I dteachtaireacht a sheol sé chuig lucht tacaíochta an pháirtí, dúirt ceannaire an DUP, Gavin Robinson go raibh airí an DUP san Fheidhmeannas tar éis scríobh chuig an Aire Kimmins ag cur in aghaidh an chinnidh.

“Tá scríofa ag ár bhfoireann san Fheidhmeannas chuig an Aire Bonneagair chun a chur in iúl di nach n-aontaímid leis an gcinneadh agus ag ceistiú an phróisis faoinar ndearnadh é. Uair amháin eile, feicimid go soiléir cur chuige Shinn Féin maidir leis an gcomhionannas, go dtugann siad tosaíocht do na tionscnaimh is ansa leo féin seachas leas an phobail ar fad,” a dúirt Robinson.

An tAire Kimmins a rinne an cinneadh an chomharthaíocht nua a cheadú ach is léir go gceapann Robinson gur chóir go mbeadh an cheist curtha faoi bhráid an fheidhmeannais. Is faoin Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire atá sé cinneadh a dhéanamh i gcomhpháirt maidir le céard iad na ceisteanna nó na cinntí suntasacha nó conspóideacha ar cheart don rialtas ó thuaidh vótáil orthu.

“Is léir gur ábhar conspóideach é seo agus ina ról san Fheidhmeannas, ní hé amháin go mbeidh ár gcuid airí in ann a fháil amach conas a rinneadh an cinneadh seo faoin gcomharthaíocht ach cuirfidh siad in iúl nach féidir airgead poiblí a úsáid chun na tionscadail is ansa le Sinn Féin a chur chun cinn,” a dúirt Robinson.

Ní hiad an DUP amháin atá ag cur i gcoinne an chinnidh. Tá Timothy Gaston ón TUV ag iarraidh go dtacódh Comhaltaí den Tionól Reachtach le hachainí atá ag lorg vóta trasphobail ar an gceist. Tá an gníomhaí Jamie Bryson freisin ag lorg athbhreithniú breithiúnach i gcoinne na Roinne Iompair.

Is é Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste, a d’oscail mí Mheán Fómhair seo caite, an lárionaid iompair is mó in Éirinn. Bhí conspóid ann nuair a osclaíodh é mar nach raibh aon chomharthaíocht dhátheangach le feiceáil agus mar gur Weavers Cross amháin a tugadh ar an bhforbairt nua, in ainneoin go raibh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus lucht feachtais ag éileamh go mbeadh brandáil agus comharthaíocht i nGaeilge le feiceáil.

Agus a cinneadh fógartha aici an tseachtain seo caite, dúirt an tAire Liz Kimmins gur “forbairt dhearfach” a bhí ann agus go raibh sé “cuí” go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil sa stáisiún.

Dúirt an grúpa gnímh An Dream Dearg gur “bua thar a bheith suntasach” do phobal na Gaeilge a bhí sa scéal go raibh comharthaíocht dhátheangach le cur in airde.

Fág freagra ar 'Imní faoi ‘chonspóid chrogaill eile’— an DUP le cur i gcoinne comharthaíocht Ghaeilge i lárionad iompair Bhéal Feirste'

  • Amú

    Agus cén Gaeilge atá ar Stáisiún Heuston agus stad an Luas Heuston?

  • Carraig

    ‘Amú’.
    Ainm duine ar leith is ea ‘Heuston’. Cuoreadh Seán Heuston chun báis t’réis Éirí Amach 1916 san áit sin agus is ina dhiaidh slúd a ainmníodh an Stáisiún. Solas ó Dhia ar a anam.
    I gcásanna den sórt sin is minic a fhágtar sloinne an duine gan athrú, amhail Plás Heytesbury etc.
    Ní hionann cás in aon chor maidir le ‘Fíodóirí’.

  • Amú

    @ Carraig. Tá Mac Aoidh/Heuston ar an uaigh i gCnoc an Arbhair ach Heuston/Heuston ar Stad an Luais in aice láimhe. Mínigh é sin le do thoil.