‘Lá na Saoirse’ – an rialtas agus lucht gnó ag fanacht ar tharaifí Trump

Tá Rialtas na tíre seo ag glacadh leis go ngearrfar taraifí 20% ar earraí ó gach tír san Aontas Eorpach

‘Lá na Saoirse’ – an rialtas agus lucht gnó ag fanacht ar tharaifí Trump

Inniu lá na cinniúna do go leor gnólachtaí in Éirinn, an lá atá tofa ag Donald Trump leis na taraifí trádála ar thíortha san Aontas Eorpach a fhógairt.

Lá na Saoirse atá baiste ag Uachtarán na Stát Aontaithe féin air.

Tá Rialtas na tíre seo ag glacadh leis go ngearrfar taraifí 20% ar earraí ó gach tír san Aontas Eorpach ón lá amárach ar aghaidh.

Tá fainic curtha ag an rialtas anseo go bhféadfadh laghdú 50% a bheith ar easpórtálacha earraí cógaisíochta as an tír seo go dtí na Stáit Aontaithe as seo go ceann cúig bliana de bharr na dtaraifí nua.

Ach tá éiginnteacht go leor ann go fóill faoi cé acu a ngearrfar taraifí ar thír amháin seachas tír eile nó nach ngearrfar.

Sa gcás go ngearrfaí taraifí ar earraí a thagann chugainne ó na Stáit Aontaithe, tharlódh go n-ardódh sin an praghas a bheadh le n-íoc ag an tomhaltóir.

Meastar nach faoi dheifir a thabharfaidh an tAontas Eorpach freagra ar na dleachtanna nua, ach beidh súil ag daoine sa tír seo go gcuirfear san áireamh an tionchar a bheidh ag taraifí díoltais ar earnálacha agus tíortha faoi leith.

Bhí tuairiscí i meáin na Stát Aontaithe inné go raibh an feidhmeannas ansin fós ar a mine ghéire ag iarraidh sonraí na dtaraifí a shainiú agus go raibh siad fós ag iarraidh teacht ar chinneadh cé acu a leagfaí na taraifí ar thíortha ar leith nó an ngearrfaí iad ar gach uile thír san AE.

Is é bun is barr chogadh trádála seo an Uachtaráin Trump go dteastaíonn uaidh an bhearna idir luach na n-earraí a cheannaíonn Meiriceá thar teorainn amuigh agus luach na n-earraí a dhíolann sí le tíortha eile a laghdú.

Maíonn Trump go spreagfaidh na taraifí seo tomhaltóirí na Stát Aontaithe le níos mó earraí a táirgeadh i Meiriceá a cheannach, rud a chuirfeadh borradh faoin ngeilleagar agus a mhéadódh an lear cánacha a bhaileodh an státchóras.

Tá sé ráite ag an Taoiseach Micheál Martin go n-athróidh na taraifí seo ar earraí an Aontais Eorpaigh “an seanchóras” “ó bhonn”. Dúirt sé fiú tar éis na hidirbheartaíochta go mbeadh “leibhéal éigin taraifí” fós i bhfeidhm.

Meastar pé freagra a thabharfaidh an tAontas Eorpach ar na taraifí go gcaithfear tamall i mbun idirbheartaíochta. Is é an ceangal eacnamaíochta idir na Stáit Aontaithe agus tíortha an Aontais Eorpaigh an comhcheangal eacnamaíochta is mó ar domhan.

Dúirt Micheál Martin nár mhór don tír seo agus don AE gach iarracht a dhéanamh chun “an cás is measa’ a sheachaint.

Ní inniu a chuirfidh Trump tús lena fheachtas taraifí mar tá siad gearrtha cheana aige ar earraí as roinnt tíortha.

Déantúsaíocht na Stát Aontaithe a mhéadú agus postanna a chosaint an aidhm atá ag an Uachtarán Trump ach tá imní ar eacnamaithe go bhféadfadh gur ardú ar phraghsanna don tomhaltóir an toradh a bheidh ar a bheart.

Tá sé ina imní mhór go bhféadfadh na taraifí forleathana seo, i dteannta na gciorruithe ar fhostaithe feidearálacha agus na hathruithe ar an inimirce, marbh-bhoilsciú a chothú sna Stáit Aontaithe. Dá dhonacht é an cúlú eacnamaíochta, is measa fós an marbh-bhoilsciú mar go mbíonn an dífhostaíocht ard ach praghsanna fós ag ardú.

Tá roinnt tíortha tar éis cánacha úra a ghearradh ar earraí ó na Stáit Aontaithe mar bheart díoltais ar tharaifí Trump.

is amhlaidh a chuir said sin leis an bhfaitíos atá ar dhaoine gur cogadh trádála an deireadh a bheas leis an aighneas seo, rud a chruthódh fadhbanna eacnamaíochta ar fud na cruinne.

Fág freagra ar '‘Lá na Saoirse’ – an rialtas agus lucht gnó ag fanacht ar tharaifí Trump'