Inseofar scéal fear Gaeltachta a throid in Arm na Breataine sa Chéad Chogadh Domhanda i músaem nua a bheidh lonnaithe i mBéal Feirste agus in Inis Ceithleann.
Rugadh an saighdiúir singil Séamus Ó Dubhthaigh i nGaoth Dobhair in 1889 agus bronnadh Cros Bhuadhnatan (Victoria Cross) air i 1918 mar gheall ar ghníomh gaisce ar pháirc an áir.
Bhí sé lonnaithe in áit darbh ainm Kereina Peak sa Phalaistín nuair a chuaigh sé féin agus saighdiúir eile amach ar an bpáirc agus sínteán acu le fear eile a bhí gortaithe go dona a thabhairt ar ais.
Gortaíodh an saighdiúir eile, agus chuaigh Ó Dubhthaigh ar ais le duine eile a fháil a d’iompródh an sínteán. Maraíodh an dara duine sin ar an bpointe boise, agus choinnigh Ó Dubhthaigh air as féin leis an mbeirt a gortaíodh a thabhairt ar ais. Tháinig an triúr acu slán ón eachtra.
Inseofar scéal Uí Dhubhthaigh sa mhúsaem nua ‘Untold: The Museum’ a bheidh lonnaithe ag 28 Sráid Bedford i mBéal Feirste agus i gCaisleán Inis Ceithleann i bhFear Manach. Tá athchóiriú le déanamh ar Mhúsaem Reisimint Inis Ceithleann, mar a bhfuil Victoria Cross Uí Dhubhthaigh á coinneáil, mar chuid den togra nua.
Tá £13,600,00 (€16,200,00) le hinfheistiú sa dá ionad nua agus taispeántais le feistiú iontu ina n-inseofar scéal na nÉireannach a throid in Arm na Breataine le 350 bliain anuas. Táthar ag súil go n-osclófar an t-ionad i mBéal Feirste sa mbliain 2027.
Maítear gur Éireannaigh a bhí in 40% d’Arm na Breataine tráth agus go raibh an-tionchar ag na saighdiúirí sin ar chathanna móra cáiliúla dála Waterloo in 1815, mar ar cloíodh Napoleon Bonaparte, agus Cath an Somme le linn an Chogaidh Mhóir, mar a bhfuair na céadta Éireannach bás.
Tá beagnach £250,000 ceadaithe agus an gCiste Oidhreachta don togra agus gheofar os cionn £1,720,000 eile ón gCrannchur Náisiúnta amach anseo. Tabharfar le chéile sa mhúsaem nua bailiúcháin ó Mhúsaem Reisimint Inis Ceithleann, ó Mhúsaem Fhir Raidhfil Ríoga Uladh, ó Mhúsaem Fhiúsailéirí Ríoga na hÉireann, ó Bhailiúcháin agus Cartlanna Reisimint Ríoga na hÉireann, agus ó Bhailiúcháin agus Cartlanna Mharcshlua Thuaisceart na hÉireann.
Beidh ábhar ann freisin ó na reisimintí Briotanacha a bhí i ndeisceart na tíre roimh an gcríochdheighilt – Fianóglaigh Chonnacht, Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath agus Fiúsailéirí Ríoga na Mumhan ina measc.
Fág freagra ar 'Scéal saighdiúra as an nGaeltacht a throid sa Chéad Chogadh Domhanda le hinsint i músaem nua'