Fuair Gaeilgeoirí agus daoine nach iad a chreideann i gcearta teanga dea-scéal ó Stormont faoi dhó le déanaí. Ní hamháin gur fógraíodh feachtas earcaíochta don Choimisinéir ar deireadh ach d’fhógair an tAire Bonneagair gur gearr go mbeadh comharthaíocht i nGaeilge sa stáisiún iompair láir, Grand Central i mBéal Feirste. B’údar díomá é easpa Gaeilge sna comharthaí nuair a osclaíodh an mol iompair mór nua-aoiseach leathbhliain ó shin. Rinne An Dream Dearg agóid agus seoladh aighneachtaí chuig Translink agus na polaiteoirí.
Ó tharla Acht na dTeangacha a bheith ar bhonn reachtúil agus Coimisinéir le ceapadh a mholfaidh scothchleachtais maidir le haitheantas poiblí don Ghaeilge mhaithfí don té a cheapfadh gur cinneadh neamhchonspóideach amach is amach é comharthaíocht Ghaeilge a chur leis na cinn eile atá in úsáid sa stáisiún. Áiríodh go gcosnódh na comharthaí agus seirbhís Ghaeilge sna meaisíní ticéad timpeall £150,000; suim mhór cinnte ach is beag é i gcomparáid leis an £350 milliún a chosain an stáisiún. Déantar talamh slán de nach mbeadh an obair chomh daor sin dá ndéanfaí é nuair a bhí na comharthaí eile á soláthar, mar ba cheart.
Ach mar a bheadh Dia á rá leo, seo chugainn an páirtí nach seachnaíonn an deis chun botún a dhéanamh i dtaca le cás na Gaeilge. D’ainneoin a gcoimhthíos leis an nGaeilge is léir go bhfuil glactha ag an DUP le ceapadh an Choimisinéara. Mura mbeadh ní bheadh an post fógartha. Mar sin féin bhí an DUP chomh hoibrithe sin faoi fhaomhadh na comharthaíochta go bhfuil údarás an Aire Liz Kimmins Shinn Féin á cheistiú acu agus caint ar dhúshlán cúirte.
Bhí a mhíshástacht follasach i ríomhlitir rialta an cheannaire, Gavin Robinson, chuig a Lucht leanta. Cháin sé an caiteachas £150,000. B’fhearr an t-airgead a chaitheamh mar chúiteamh do lucht gnó i Rae an Ghainimh in aice leis an stáisiún, ar sé. Bhí titim mhór ar theacht isteach sa cheantar dílseach de bharr fadhbanna tráchta ó d’oscail an stáisiún nua, a dúirt Robinson. Nó b’fhearr go gcaithfí an t-airgead chun na poill sna bóithre a dheisiú, dar leis.
Ceist íogair ab ea í seo, dar leis an DUP, agus cheisteodh a gcuid airí sa bhFeidhmeannas an cinneadh, conas a deineadh é agus ar cheart é a bheith curtha faoi bhráid na comh-aireachta in iomlán. Níor cheart airgead poiblí a chaitheamh ar ‘pet projects’ de chuid Shinn Féin, arsa Gavin Robinson.
Sceith bhéil is ea an DUP as naimhdeas don Ghaeilge. Chuir said cos i dtaca arís agus arís in aghaidh cearta teanga. Ní chloistear maslaí ar nós na ‘crocodiles’ a thuilleadh, ach is léir nach bhfuil glactha le cothromaíocht measa. D’ainneoin iarrachtaí an DUP chun Acht Gaeilge/Acht Teangacha a chosc, theip orthu. Chuir siad moill ar earcú an Choimisinéara ach theip orthu. Tá moill ar Straitéis na Gaeilge ach tá a fhios acu go gcaithfear an obair sin a chur i gcrích luath nó mall. Tá bac curtha acu ar fhuascailt na faidhbe i dtaca le maoiniú Fhoras na Gaeilge ach admhaíonn cuid acu go gcuirfear na caoirigh thar abhainn luath nó mall.
Cén fáth an chos i dtaca mar sin? Tá an páirtí ag sodar i ndiaidh an TUV, dornán dílseoirí agus cuid dá bhallraíocht féin – ag leanúint in áit a bheith ag tabhairt ceannaireachta. Comhartha laige seachas taispeántas nirt is ea é.
WTF
‘Ulcer says No’.