Beidh trí ghrúpa as scoileanna Ghaeltacht Chonamara ag dul ar aghaidh go dtí an Craobh Náisiúnta Fiontraíochta faoi ‘Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta’.
Is iad na trí scoile a bheidh ag dul go dtí an Chraobh Náisiúnta Coláiste na bPiarsach i Ros Muc, Scoil Phobail Mhic Dara i gCarna agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua.
D’fhoilsigh Blas Chonamara, comhlacht scoláirí Choláiste na bPiarsach, leabhar oideas ina bhfuil béilí traidisiúnta agus nua-aimseartha.
Tá Habitats Chonamara as Scoil Phobail Mhic Dara ag díriú aird ar thábhacht na hinbhuanaitheachta. Thóg siad gnáthóg as adhmad agus chuir siad leabhar le chéile chun béim a leagan ar thábhacht feithidí agus ainmhithe san éiceachóras.
Chruthaigh Comhluadar as Scoil Chuimsitheach Chiaráin cártaí lámhdhéanta as Gaeilge ar a bhfuil oidis is nótaí ceoil an dúchais.
Bhí 18 gnó ar fad sa gcomórtas réigiúnach as ocht iarbhunscoil ar fad.
Bhuaigh Cosaint Cluas, Coláiste Pobail Ráth Chairn, Co. na Mí an Gradam Nuálaíochta, agus bronnadh an Gradam Margaíochta agus Airgeadais ar Ceardaíocht GD, gnó a bhunaigh scoláirí i gColáiste Cholmcille in Indreabhán.
Ghlac breis agus 450 dalta as an Idirbhliain i gceantair Ghaeltachta i gCorcaigh, Gaillimh, Dún na nGall, Ciarraí, Maigh Eo, an Mhí agus Port Láirge páirt sa gcomórtas fiontraíochta i mbliana.
Beidh na trí fhoireann chaithréimeach leis na buaiteoirí ó na réigiúin eile páirteach i gCraobh Náisiúnta Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta a bheidh ar siúl in Ollscoil na Gaillimhe ar an 9 Aibreán agus in Óstán Chois Fharraige sna Forbacha i nGaillimh ar an 10 Aibreán 2025.
Fág freagra ar 'Trí scoil as Conamara ag dul ar aghaidh go dtí an chraobh náisiúnta fiontraíochta'