Spreagadh le tabhairt do ghnólachtaí Gaeltachta a bheith ‘tuisceanach’ le cuairteoirí atá ag iarraidh Gaeilge a labhairt

‘Seo an áit’ is ainm do straitéis nua a sheolfaidh Údarás na Gaeltachta an bhliain seo chugainn ar mhaithe le ‘eispéireas tumtha teanga” a chur ar fáil do thurasóirí teanga agus iad i siopaí agus bialanna na Gaeltachta

Spreagadh le tabhairt do ghnólachtaí Gaeltachta a bheith ‘tuisceanach’ le cuairteoirí atá ag iarraidh Gaeilge a labhairt

Tá Údarás na Gaeltachta ag obair ar fheachtas turasóireachta nua a bhfuil sé i gceist aige “barántas” a thabhairt do thurasóirí go labhrófar Gaeilge leo “go foighneach agus tuisceanach” agus iad ar saoire sa Ghaeltacht.

‘Seo an áit’ is ainm don straitéis nua a sheolfar an bhliain seo chugainn, straitéis a bhfuil sé i gceist aici “eispéireas tumtha teanga” a chur ar fáil do thurasóirí teanga agus iad i siopaí agus bialanna na Gaeltachta.

Dúirt urlabhraí ón Údarás le Tuairisc go gcinnteoidh ‘Seo an áit’ go mbeidh cainteoirí Gaeilge atá ag obair sa Ghaeltacht “foighneach agus tuisceanach le cuairteoirí gan mórán Gaeilge nó a bhfuil easpa muiníne acu i labhairt na Gaeilge”.

D’fhiafraigh an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Cathy Bennett den Aire Gaeltachta le déanaí sonraí a thabhairt maidir le scéimeanna a bhí á bhforbairt le borradh a chur faoin turasóireachta Gaeltachta. Dúirt an tAire Charlie McConalogue, a bhí ag labhairt thar ceann an Aire, go raibh ceithre mhórchuspóir straitéiseach ag an Údarás – an togra ‘Seo An Áit’ ina measc.

Dúirt Meadbh Seoighe, bainisteoir turasóireachta Údarás na Gaeltachta, le Tuairisc go bhfuil sé i gceist ag an Údarás scéim phíolótach a dhéanamh de ‘Seo An Áit’ an bhliain seo chugainn agus gurb é a bheidh i gceist ná go bhféadfadh “duine teacht isteach i gceantar agus a bheith cinnte go mbeadh gach idirbheart i nGaeilge”.

“Tagann daoine chun na Gaeltachta, daoine a bhfuil Gaeilge acu, daoine nach bhfuil Gaeilge acu, agus daoine atá ag foghlaim na Gaeilge, agus deir siad nach bhfuil aon Ghaeilge san áit.

“Tá muid ag iarraidh gurb í an Ghaeilge a bheadh ina ‘default’ rompu agus go mbeadh gach idirbheart ón gcéad bheannú go dtí ‘an slán’ i nGaeilge.

“Piocfaidh muid ceantair bheaga mar thús – ceann ó thuaidh, ceann san iarthar agus ceann ó dheas. Beidh tabhartas dóibh [na gnólachtaí Gaeltachta], beidh traenáil ann, beidh muid ag obair leo leis an eispéireas a fhorbairt. Tá obair le déanamh agus tá an phleanáil teanga i gceist go pointe,” a dúirt sí.

Dúirt Seoighe go gcaithfeadh “gach duine a bheith ar bord” leis an scéim. Dúirt go bhfuil grúpaí áirithe sa Ghaeltacht atá “ina gceannródaithe” cheana féin maidir le déileáil le turasóirí teanga, ach go mbíonn drogall ar chuid de mhuintir na Gaeltachta an Ghaeilge a labhairt le cuairteoirí.

“Nuair a théim féin isteach go ceantar Gaeltachta nach bhfuil aithne agam ar dhaoine ann tarlaíonn sé freisin. Tá muid ag caint air seo le blianta fada agus tá muid ag iarraidh daoine a spreagadh tús a chur le comhráite i nGaeilge.

“Ní bhíonn muintir na Gaeltachta ag iarraidh daoine eile a dhéanamh míchompordach lena gcuid Gaeilge agus tá muid ag iarraidh an faitíos sin a bhaint amach agus daoine a spreagadh,” a dúirt sí.

Ar na pleananna eile atá á bhforbairt ag Údarás na Gaeltachta leis an turasóireacht a mhéadú sa Ghaeltacht tá deiseanna foghlama Gaeilge taobh amuigh den seomra ranga. Dúirt Meadbh Seoighe le Tuairisc go bhfuil Fáilte Ireland “ag tacú go mór leis an nGaeilge le déanaí” agus go bhfuil spéis acu daoine a mhealladh chun na Gaeltachta leis an teanga a fhoghlaim ar bhealaí “spéisiúla”.

“Níl figiúirí cruinne ann go fóill ach tá go leor daoine ag caint faoin gcineál seo foghlama – an chraic, spraoi agus comhrá a bheith fite fuaite leis an nGaeilge. Tá cúpla áit mar sin ann cheana féin – Oideas Gael ó thuaidh agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne ó dheas – ach féachfaidh an scéim seo le pacáistí a chur le chéile a laghdóidh an riosca do dhaoine nua atá ag rudaí mar sin a fhorbairt.

“Beidh scéim phíolótach ann agus muid ag díriú ar dtús ar dhaoine a bheadh sásta taisteal sa gheimhreadh agus tabhairt faoi shaoire foghlama. I gceann cúig bliana bheadh muid ag súil go mbeadh suíomh idirlín ann agus go mbeadh duine in ann a rá gur mhaith liom Gaeilge Uladh nó Gaeilge na Mumhan a fhoghlaim, gur mhaith liom trí, cúig, seacht lá a chaitheamh sa Ghaeltacht, agus go bhfuil suim agam i siúlóidí, sa chniotáil, sa bhácáil agus araile agus go mbeadh saoire bácála ann duit i nGaeltacht Chonamara ar feadh cúig lá,” a dúirt sí.

Dúirt urlabhraí an Údaráis le Tuairisc nach bhfuil na pleananna seo ach ina thús agus go bhfuiltear ag súil go mbeidh na scéimeanna píolótacha ar bun in 2026 agus go ndéanfar measúnú ar thorthaí na scéimeanna sin ina dhiaidh sin féachaint arbh fhiú iad a leathnú amach chun na Gaeltachta ar fad.

Fág freagra ar 'Spreagadh le tabhairt do ghnólachtaí Gaeltachta a bheith ‘tuisceanach’ le cuairteoirí atá ag iarraidh Gaeilge a labhairt'

  • Lillis Ó Laoire

    Go n-éirí libh!

  • Sean Mac

    Lá na nAmadáin?

  • Siún

    Tá daoine le Gaeilge líofa atá ag obair i gnólachtaí, siopaí agus bialanna Gaeltachta ina bhfuil an Béarla in uachtar le fada. Níl sé éasca ar dhuine ar bith Gaeilge a bhrú orthu gan trácht ar thurasóírí.

    Is turasóirí Airbnb agus tithe saoire is cúis le heaspa tithíochta sa Ghaeltacht.
    An DisneyGaeltachts do thurasóirí an deireadh a bheidh leis seo?