Geábh eile ag De Niro ar iomaire an mhaifia

Cé nach aon sárshaothar é The Alto Knights i gcomparáid le scannáin eile sa seánra seo, éiríonn le Barry Levinson, Nicholas Pileggi agus Robert De Niro saothar tathagach go maith a chur os ár gcomhair.

Geábh eile ag De Niro ar iomaire an mhaifia

The Alto Knights
Stiúrthóir: Barry Levinson
Cliar: Robert De Niro, Debra Messing, Cosmo Jarvis, Kathrine Narducci, Michael Rispoli

Ní haon iontas go raibh uisce le fiacla nuair a fógraíodh an saothar seo. An ceardaí pinn Nicholas Pileggi, an té a sholáthraigh an script scannáin do Goodfellas (1990) i gcomhar le Scorsese, script a bhí bunaithe ar a leabhar féin Wiseguy. Ní hamháin sin ach bhí an seanfhondúir Robert De Niro, máistir na saothar maifia, le tabhairt faoi dhá ról. Lena chois sin ar fad is é Barry Levinson, an té a fuair gradam Oscar do Rain Man (1988), a bhí mar stiúrthóir.

Táimid i Nua-Eabhrac na bliana 1957 mar a gcímid Frank Costello (De Niro) á lámhach agus é ar a shlí isteach chuig a dhíonteach galánta in Central Park West. Sé Costello ceann feadhna theaghlach coiriúlachta Luciano agus sé a sheanchompánach Vito Genevese (De Niro chomh maith) a d’ordaigh an iarracht feallmharaithe. Cuirtear an lasair sa bharrach.

In iardhearcthaí nach bhfuil chomh snasta sin tugtar léargas ar chairdeas fadsaoil na beirte agus a dteacht in inmhe sa choiriúlacht eagraithe. Tá Frank níos stuama, níos coimeádaí agus níos fadradharcaí ná Vito; fear teasaí, foréigneach ar fuirist olc a chur air. B’éigean do Vito a sheolta a ardú go dtí an Iodáil ar feadh na mblianta le héalú ó líomhaintí dúnmharaithe.

Fágadh Frank i gceannas ar an teaghlach, agus ar an “gCoimisiún”; comhghuaillíocht na dteaghlach coiriúlachta. Dhein sé a chúram go paiteanta sa tréimhse ina raibh an maifia in airde láin. Le filleadh Vito agus muc ar gach mala aige tá contúirt ann do Frank agus don choiriúlacht eagraithe rúnda trí chéile.

Tá radharcanna foréigin agus cadrála againn, cuid acu go maith, agus an-mhaith, cuid acu neafaiseach go maith. Cuimhním ar gach re sea sna cairteacha éagsúla (agus na piardaí móra ag triall ar chruinniú i bhfad ó bhaile) mar bhuaicphointe amháin. Faighimid léargas maith ar oibríocht na dteaghlach éagsúil ach tá cuid mhaith de seo feicthe cheana againn. Gan amhras ní féidir comparáidí le leithéidí Goodfellas a sheachaint, ach sí comparáid an tsoip agus na scuaibe í.

Cinneadh tábhachtach ba ea é De Niro a bheith sa dá ról. Ar shlí amháin oibríonn sé mar is aisteoir den scoth é a dhealaíonn an bheirt (le cabhair an smididh) óna chéile go caolchúiseach agus go héifeachtach. Ar shlí eile ní raibh aon ghá leis agus ba bhreá leat dá mbeadh aisteoir cumasach amhail Joe Pesci mar chéile comhraic aige. Ach oiread lena ról sa scannán The Irishman (2019); tá radhairc áirithe nach bhfuil a aois ag teacht lena chló. Tá taispeántais bhreátha ó dhaoine eile sa chliar, Narducci agus Michael Rispoli, go háirithe.

Cé nach aon sárshaothar é seo i gcomparáid le scannáin eile sa seánra seo, éiríonn le Levinson, Pileggi agus De Niro saothar tathagach go maith a chur os ár gcomhair.

Fág freagra ar 'Geábh eile ag De Niro ar iomaire an mhaifia'

  • WTF

    Ach an bhfuil an Béarla sothuigthe gan fotheidil?