Botaí cainte AI ag diúltú Gaeilge a fhoghlaim

Tá lucht taighde ag iarraidh fáil amach cén chúis atá leis an doicheall atá ar bhotaí AI roimh an nGaeilge, agus cé acu an ‘fabht’ sna hinnill, nó sa teanga féin atá i gceist

Botaí cainte AI ag diúltú Gaeilge a fhoghlaim

Tá deacracht ar leith ag an Intleacht Shaorga an Ghaeilge a fhoghlaim, de réir staidéir nua.

De réir an staidéir a rinne lucht taighde atá ag cur comhairle ar an Rialtas faoin Plean Digiteach don Ghaeilge 2023-2027 bíonn fadhbanna ag innill AI, nó samhailtí móra teanga (LLM), an Ghaeilge a fhoghlaim ‘nach bhfeictear i gcás teangacha eile’.

Déantar tagairt sa staidéar freisin d’iompar “neamhghnách” na n-inneall AI, nó botaí comhrá, nuair a chuirtear faisnéis i nGaeilge faoina mbráid.

Ní fios go fóill cén chúis atá leis an doicheall atá ar na botaí roimh an nGaeilge, nó cé acu an “fabht” sna hinnill, nó sa teanga féin atá i gceist. Táthar ag iarraidh a fháil amach freisin an bhfuil locht ar an tslí atá an Ghaeilge á teagasc do na hinnill nó ar chaighdeán na faisnéise Gaeilge atá á húsáid in oiliúint na mbotaí.

I gcás áirithe, dhiúltaigh bota mór le rá amháin glacadh le haon ábhar i nGaeilge ar chor ar bith agus d’fhreagair i mBéarla nach raibh ‘sé’ ag iarraidh go “mbrúfaí Gaeilge siar a algartam”.

Dúirt duine den lucht taighde le Tuairisc gur fhág na deacrachtaí seo go raibh dúshlán mór le sárú maidir le bogearraí casta AI a fhorbairt i nGaeilge.

“Tagann an chumhacht atá sna córais chomhrá réamhbhunaithe ó thacair sonraí fholuiteacha atá lipéadaithe de réir tacsanomaíochtaí agus ointeolaíochtaí agus a chabhraíonn le greim a fháil ar ghaoil bhríocha nó séimeantacha idir aonáin, sin táirgí, daoine, gnólachtaí srl.

“Ar chúis nach dtuigeann aon duine fós bíonn fadhb ar leith ann maidir le greim a fháil ar na gaoil bhríocha sin sa Ghaeilge.”

Fág freagra ar 'Botaí cainte AI ag diúltú Gaeilge a fhoghlaim'

  • Pat Butler

    “Tagann an chumhacht atá sna córais chomhrá réamhbhunaithe ó thacair sonraí fholuiteacha atá lipéadaithe de réir tacsanomaíochtaí agus ointeolaíochtaí agus a chabhraíonn le greim a fháil ar ghaoil bhríocha nó séimeantacha idir aonáin, sin táirgí, daoine, gnólachtaí srl.”

    Go bhféacha Dia orainn m’ás í sin thuas an saghas ‘Gaeilge’ a chumfaidh AI nuair a leigheasfar an córas!

  • Pocaire

    Cén lá atá ann inniu?

  • Criostóir Ó Maonaigh, An Astráil

    Nach féidir le duine cic sa thóin a thabhairt don mbota sin? Nó nár dhein éinne iarracht ar é a stop agus a chur ar siúl arís??

  • Pat Butler

    Lá na nAmadán faoi shéan is faoi mhaise daoibh go léir!!!

  • Pádraig Mac Fhearghusa

    = “Tá an inchinn agamsa rómhall chun an teachtaireacht uait a léamh,” an bhrí a bhainimse as. Measaim gur píosa spraoi do Lá na nAmadán atá i gceist.

  • Roibeárd Liam Mac

    Píosa spraoi don lá atá ann: Lá na n-nAmadán