Laghdú 60% i mbliana ar an tacaíocht airgid d’Fhéile na Gealaí

Deir coiste eagraithe na féile go bhfuil an maoiniú a gheall dhá cheanneagras Gaeilge tarraingthe siar acu go huile is go hiomlán agus go bhfuil laghdú 50% tagtha ar an urraíocht atá geallta ag dhá cheanneagras Gaeilge eile

Laghdú 60% i mbliana ar an tacaíocht airgid d’Fhéile na Gealaí

Tá sé ráite ag lucht eagraithe Fhéile na Gealaí go bhfuil an maoiniú agus an tacaíocht a chuirtear ar fáil do ghrúpaí deonacha agus do ghrúpaí pobail ciorraithe go mór ainneoin go bhfuil méadú tagtha ar “an tsuim sa teanga” agus ar an “éileamh ar ócáidí Gaeilge”.

Thug coiste eagraithe na féile le fios go bhfuil laghdú 60% tagtha ar an maoiniú agus an urraíocht atá geallta d’Fhéile na Gealaí 2025 i gcomparáid le féile na bliana seo caite.

Tá an maoiniú a gheall dhá cheanneagras Gaeilge tarraingthe siar acu go huile is go hiomlán agus tá laghdú 50% tagtha ar an urraíocht atá geallta ag dhá cheanneagras Gaeilge eile. Tugadh le fios freisin go bhfuil iarratais eile a rinne an coiste ar mhaoiniú “fágtha gan freagra” mar gheall ar an éiginnteacht atá in earnáil na Gaeilge faoi chúrsaí maoinithe i láthair na huaire.

Dúradh i ráiteas a eisíodh ar chuntas meán sóisialta na féile go bhfuil na ciorruithe “ag cur bac” ar “phleananna agus físeanna don todhchaí” na ngrúpaí pobail. Dúradh go bhfágann na ciorruithe go bhfuil “laghdú tubaisteach ar na deiseanna atá ag pobal labhartha na Gaeilge teacht le chéile” agus go bhfuil deiseanna á gcailleadh “daoine úra a fháiltiú” chuig pobal na Gaeilge.

Beidh an deichiú ceann d’Fhéile na Gealaí ag tarlú i Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí ar an 13-15 Meitheamh 2025. I measc na gceoltóirí a bheidh ar an ardán le linn an fhéasta mhóir cheoil beidh Burnchurch, Dlù, Sexy Tadhg, Na Friels, Súil Amháin, Piaras Ó Lorcáin, Nell Ní Chróinín, Colm Seoighe agus na hEasógaí, Na Railway Boys, agus Cigire na bPuntaí.

Tá costas €120 ar thicéad deireadh seachtaine don fhéile agus fógra magúil déanta ag lucht a heagraithe ar na meáin shóisialta go bhfuil an baol ann go n-ardófaí an costas sin go €1,000 mar gheall ar na ciorruithe. Tá roinnt ticéad ar fáil saor in aisce do mhuintir na hAlban a bhuí le deontas ó Cholmcille.

I measc na n-eagraíochtaí atá luaite mar urraitheoirí ar shuíomh Fhéile na Gealaí tá Conradh na Gaeilge, Gael Linn, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió Rí Rá, NÓS, Ciste Spreagtha, Comharchumann Ráth Chairn Coiste Pleanála Teanga Ghaeltacht na Mí, Colmcille, Foras na Gaeilge, an Chomhairle Ealaíon, Bloc, TG4, Ealaín na Gaeltachta, agus Údarás na Gaeltachta. Tá urraíocht geallta ag na comhairleoirí contae David Gilroy, Michael Gallagher agus Mike Bray freisin.

Reáchtáladh Féile na Gealaí i Ráth Chairn ar dtús sa bhliain 2016 agus tá fás agus forbairt tagtha ar an bhféile mhór Ghaeilge ó shin.

Fág freagra ar 'Laghdú 60% i mbliana ar an tacaíocht airgid d’Fhéile na Gealaí'

  • Scaoil amach muid

    Féile Steip do Bhéarlóirí in óstán cliniciúil lán-Bhéarla gan dúchais.

    Féile na Gealaí dos na Gaeil óga i lár na páirce sa Ghaeltacht.

    Cén fhéile is fearr go bhfuil airged na Gaeilge tuillte aici?

    Cé acu is fearr chun íomha nuaaoiseach a thabhairt don Ghaeilge?

    Cé acu is lú atá i sáinn san aimsir chaite?

    Cé acu is lú atá scartha amach ón Ghaeltacht?

    Cé acu is fearr a leanann sampla Eisteddfod Cymru?

    https://eisteddfod.cymru/yrwyl/2024fo