‘Tá sé cosúil le mótarbhealach ag dul trí lár an bhaile’ – na céadta tuismitheoirí ó Chois Fharraige i mbun agóide

Baileoidh grúpaí lasmuigh de scoileanna i mBearna, sna Forbacha, ar an Spidéal agus in Indreabhán ar maidin agus iad ag éileamh go gcuirfí béim ar shábháilteacht ar bhóthar an R336 go práinneach

‘Tá sé cosúil le mótarbhealach ag dul trí lár an bhaile’ – na céadta tuismitheoirí ó Chois Fharraige i mbun agóide

Tá na céadta tuismitheoirí agus páistí ó Chois Fharraige le dul i mbun agóidíochta ar maidin agus iad ag iarraidh aird a tharraingt ar an gcontúirt ar bhaineann leis an mbóthar áitiúil.

Baileoidh grúpaí lasmuigh de scoileanna i mBearna, sna Forbacha, ar an Spidéal agus in Indreabhán agus iad ag éileamh go gcuirfí béim ar shábháilteacht ar bhóthar an R336 go práinneach.

Tá imní léirithe ag tuismitheoirí faoin luas a bhíonn faoi charranna agus feithiclí agus iad ag dul thar na scoileanna agus deir go mbíonn sé an-chontúirteach ag páistí a bhíonn ag iarraidh an bóthar a thrasnú agus iad ag teacht agus ag imeacht ón scoil.

Deir Cathal Ó Flatharta, a bhfuil páiste aige ag freastal ar bhunscoil Scoil Éinne ar an Spidéal, go bhfuil an scéal seo á phlé ag tuismitheoirí le polaiteoirí agus leis an gcomhairle contae le roinnt mhaith blianta ach go bhfuil na hagóidí á n-eagrú chun gníomh a éileamh.

Deir Ó Flatharta gur tharla roinnt timpistí gar don scoil le blianta beaga anuas, ceann an tseachtain seo caite san áireamh, agus cé nár gortaíodh aon duine go dona sna heachtraí sin, gur léir do chách an chontúirt a bhaineann leis an mbóthar.

“Tá sé cosúil le mótarbhealach ag dul trí lár an bhaile,” a deir sé. “Tá busanna, HGVs, leoraithe ag dul siar agus aniar chuile am den lá. Bíonn daoine ann, nuair a fheiceann siad an Prom agus bóthar leathan, cuireann siad an chos síos sa gcarr. Tá sé chomh contúirteach.”

Tá an scoil, stáisiún peitril agus eastát beag tithíochta buailte ar a chéile díreach taobh thoir de sráidbhaile an Spidéil, rud a dhéanann cúrsaí níos contúirtí fós, dar le Ó Flatharta, agus “go leor ag tarlú” díreach lasmuigh den scoil.

Deir sé go dteastaíonn bearta moillithe tráchta “de chineál éigin” go géar chun bealach a thabhairt do dhaoine an bóthar a thrasnú gar don scoil.

“Bíonn an scoil ag iarraidh ar thuismitheoirí siúl chun na scoile leis na páistí agus tá daoine sásta dul siar ar an Prom ach is nuair a thagann tú go dtí an scoil atá an fhadhb agat. Níl áis agat le dul trasna an bhóthair.”

Rinneadh iarracht cheana maor tráchta scoile a fháil chun cabhrú le páistí an bóthar a thrasnú ach ní bhfuarthas aon sásamh.

Deir Ó Flatharta go raibh tuismitheoirí i dteagmháil le comhairleoirí contae agus Teachtaí Dála aimsir an toghcháin chomh maith. “Níor chuala muid mórán ó shin,” ar sé.

Tá an fhadhb chéanna ag cur as do thuismitheoirí ó thrí bhunscoil eile i gCois Fharraige – Scoil Shéamais Naofa i mBearna, Scoil na bhForbacha agus Scoil Sailearna sna hAille in Indreabhán – agus iad anois ag éileamh gnímh.

Tá sé i gceist tabhairt faoi agóid siúil lasmuigh de na ceithre scoil maidin inniu ón 8.00rn go dtí 9.00rn chun aird a tharraingt ar an gceist.

Fág freagra ar '‘Tá sé cosúil le mótarbhealach ag dul trí lár an bhaile’ – na céadta tuismitheoirí ó Chois Fharraige i mbun agóide'

  • Proinsias

    Tá daoine i gcontúirt chuile lá. Tá trácht níos mó ar an R336 ná mar atá ar an N59 don Clochán agus an R336 aitheanta mar ceann des na bóithe is contúirtí sa tír. Ní mór do Chomhairle Contae na Gaillimhe “traffic calming measures” mar a ghlaotar orthu a chur i bhfeidhm ar an R336 taobh amuigh de scoileanna, siopaí, monarchain &rl
    Maidir leis an an bealach a bhí molta don bhóthar go Scríb tá an tuáille caite isteach ag an gComhairle Contae agus tithe á dtógáil fad an bhealaigh.
    Is gá bóthar náisiúnta a thógáil ó Ghaillimh go Scríob agus Ros a’ Mhíl.Caithfear déileáil le seo mar ceist infreastruchtúir náisúnta. Ní mór brú a chur at pholaiteoirí na Gaillimhe ar an dTaoiseach agus ag an Aire Iompair Darragh O’Brien maidir le
    Ní mór dóíbh cead a lorg ón AE píosa den SAC a chur ar leataobh don bhóthar mar go bhfuil riachtanas náisiúnta ag baint leis mar gheall ar fuinneamh gaoithe &rl.