Ruathar ar an gCaipeatól déanta ag drong de lucht tacaíochta Trump

Dúirt an tUachtarán tofa Joe Biden gur ‘geall le ceannairc’ an méid a tharla in Washington DC aréir. ‘Ní agóid atá anseo, éirí amach atá ann,’ ar sé…

Ruathar ar an gCaipeatól déanta ag drong de lucht tacaíochta Trump

Cuireadh cuirfiú i bhfeidhm i bpríomhchathair Stáit Aontaithe Mheiriceá aréir nuair a dhein drong de lucht tacaíochta Donald Trump ruathar ar an gCaipeatól.

Thug Uachtarán Mheiriceá “tírghráthóirí den scoth” ar a lucht tacaíochta ar éirigh le cuid acu a slí a dhéanamh isteach san fhoirgneamh in Washington mar a raibh oibrithe á gcoiméad ar mhaithe lena sábháilteacht.

Bhí an Taoiseach Micheál Martin i measc na gceannairí ar fud an domhain a cháin an méid a tharla.

Scaoileadh urchair le linn na círéibe agus maraíodh bean amháin.

Thug an lucht agóide aghaidh ar Chnoc an Chaipeatóil i ndiaidh do Trump óráid a thabhairt inar mhaígh sé gur toghchán calaoiseach a bhí i dtoghchán na Samhna, maíomh bréige atá á dhéanamh aige ó chaill sé in aghaidh Joe Biden.

Níor ghéill Trump fós gur chaill sé an toghchán agus tá iarrachtaí déanta ó shin aige brú a chur ar oifigigh phoiblí toradh an toghcháin a chur ar ceal.

Is ar mhaithe lena chás a chur chun cinn a bhí lucht an ruathair aréir, agus cé gur chuir Trump tvuít amach inar iarr sé ar dhaoine an áit a fhágáil go síochánta mhol sé go hard iad agus dúirt sé gur daoine “speisialta” iad.

Thosaigh an agóid ag 2:15 p.m, tráth a raibh lucht Theach na Comhdhála agus an tSeanaid i mbun díospóireachta faoi iarracht a bhí á déanamh ag grúpa Poblachtánach toradh an toghcháin a chur ar ceal.

Briseadh fuinneoga, scaoil na póilíní le deorghás agus d’ardaigh siad a ngunnaí nuair a bhí lucht na círéibe ar tí briseadh isteach.

Tugadh baill na Comhdhála agus an tSeanaid slán ón bhfoirgneamh nuair a réab an drong isteach ann, bratacha ar foluain acu agus féiníní á nglacadh acu.

“Bhuaigh Trump an toghchán,” a bhéic duine amháin den lucht agóide ó rostram an tSeanaid.

Dúirt an tUachtarán tofa Joe Biden, gur “geall le ceannairc” an méid a tharla.

“Ní agóid atá anseo, éirí amach atá ann,” arsa Biden.

Nuair a fuarthas smacht arís ar an gCaipeatól, tosaíodh athuair ar ghnó an lae– vótaí an cholásite toghcháin a chomhaireamh agus bua Biden a fhaomhadh.

Agus tús á chur athuair le himeachtaí aige, dúirt an leasuachtarán Mike Pence, “Sibhse a chuir ár gCaipeatól trí chéile inniu; ní agaibhse a bhí an bua. Ní bhíonn an bua in am ar bith ag an bhforéigean. Ag an tsaoirse a bhíonn an bua. Agus seo Teach na nDaoine go fóill…Fillimis ar an obair.”

D’fhógair Twitter go raibh cuntas Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá curtha ar fionraí acu ar feadh 12 uair an chloig ar a laghad. Dá scriosfadh Trump trí tvuít a chuir sé amach aréir bheadh cead aige filleadh ar an meán sóisialta is ansa leis, a dúradh.

Dúirt sé i gceann de na tvuíteanna sin gur “sciobadh” an toghchán ó “thírghráthóirí den scoth” agus gurb é sin ba chúis leis an ruathar ar an gCaipeatól.

“Go home with love & in peace. Remember this day forever!” arsa Trump.

Fág freagra ar 'Ruathar ar an gCaipeatól déanta ag drong de lucht tacaíochta Trump'

  • S. Mac Muirí

    Bhí siad ag súil le níos mó ná an méid sin, níos mó ná círéib. Thug mé suntas don an-líon eitleán míleata ag dul soir inné. (Bíd ar aon rian, nóiméad i ndiaidh a chéile, ach bíonn snag ama idir gach beirt.) Níor gnáthaistriú cathlán a bhí ann, ba léir.

  • Caomhín

    Ní duine amháin a mharaíodh, ach ceathrar. Go bhfóire Dia ar mo thír.