Roy Keane, Jimín Mháire Thaidhg, Séadna agus Seo Linn – a bhfuil molta do chúrsaí nua an Teastais Shóisearaigh

Tá liostaí curtha le chéile ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta de na ‘téacsanna’ Gaeilge, idir phrós, fhilíocht, amhráin agus ghearrscannáin, atá molta don chéad bhliain den Teastas Sóisearach nua

Roy Keane, Jimín Mháire Thaidhg, Séadna agus Seo Linn – a bhfuil molta do chúrsaí nua an Teastais Shóisearaigh

Idir Roy Keane agus Jimín Mháire Thaidhg, Séanna agus Seo Linn, níl aon easpa éagsúlachta ar an ábhar atá molta ag NCCA don dá chúrsa Gaeilge nua sa Teastas Sóisearach.

Tá liostaí curtha le chéile ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta de na ‘téacsanna’ Gaeilge, idir phrós, fhilíocht, amhráin agus ghearrscannáin, atá molta don chéad bhliain den Teastas Sóisearach nua.

Faoin leagan amach nua ar an Teastas Sóisearach, beidh dhá shiollabas, ceann atá oiriúnach do chainteoirí dúchais agus cainteoirí líofa agus ceann d’fhoghlaimeoirí, agus tá liostaí na dtéacsanna leagtha amach dá réir.

20 úrscéal atá molta mar shaothair a bheadh oiriúnach do chúrsa na gcainteoirí líofa, agus i measc na scríbhneoirí a bhfuil leabhair leo ar an liosta sin tá Alan Titley, Áine Ní Ghlinn, An Seabhac, Anna Heussaff, Micheál Ó Ruairc, Ré Ó Laighléis, Orna Ní Choileáin agus Máire Zepf.

Lena chois sin, tá 16 gearrscéal molta mar rogha do mhúinteoirí agus daltaí atá i mbun an chúrsa nua do scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge. I measc na scríbhneoirí a bhfuil saothar leo san áireamh anseo tá, Gabriel Rosenstock, Seán Mac Mathúna, Séamus Ó Grianna, Réaltán Ní Leannáin agus Pól Ó Muirí.

Tá roinnt scríbhneoirí ann a bhfuil saothar leo molta don dá chúrsa, ina measc Bróna Ní Uallacháin. Pól Ó Muirí agus Micheál Ó Ruairc.

Tá filí óga agus filí atá seanbhunaithe molta ar liostaí na filíochta, ina measc Seán Ó Ríordáin, Nuala Ní Dhomhnaill, Liam Ó Muirthile, Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Caitríona Ní Chléircín.

Cúig ghearrscannán atá molta dóibh siúd a bheidh ag tabhairt faoin gcúrsa do chainteoirí dúchais agus ocht ngearrscannán atá molta don chúrsa d’fhoghlaimeoirí.


IS FÉIDIR LIOSTAÍ NA SAOTHAR AR FAD ATÁ MOLTA A LÉAMH ANSEO


I measc na scannán sin, tá An tÁdh le Colm Bairéad agus Yu Ming is ainm don le Daniel O’Hara.

Tá cúig cinn de dhrámaí molta mar rogha do chúrsa na gcainteoirí dúchais chomh maith.

Tá liostaí fada amhrán molta don dá chúrsa, idir amhráin thraidisiúnta agus rogha ann idir amhráin thraidisiúnta, leithéidí Mo Ghile Mear agus Bean Pháidín, agus amhráin nua le leithéidí IMLÉ agus Seo Linn.

Fág freagra ar 'Roy Keane, Jimín Mháire Thaidhg, Séadna agus Seo Linn – a bhfuil molta do chúrsaí nua an Teastais Shóisearaigh'