Rothaí a tógadh i nGaeltacht Chiarraí ag díriú ar áit a bhaint amach ar fhoireann Shasana do na Cluichí Oilimpeacha

Deir Knight, a rugadh gar do Aylesbury Shasana agus ar aistrigh a muintir go dtí Corca Dhuibhne nuair a bhí sí 18 mí, gur bhraith sí riamh gur Bhriotanach í

Rothaí a tógadh i nGaeltacht Chiarraí ag díriú ar áit a bhaint amach ar fhoireann Shasana do na Cluichí Oilimpeacha

Josie Knight. Pictiúr: Tim Rademacher/Wikipedia

D’fhéadfadh sé go mbeidh cainteoir Gaeilge a tógadh i nGaeltacht Chiarraí ar fhoireann rothaíochta Shasana a bheas ag dul in iomaíocht ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo 2021.

Deir Josie Knight, iardhalta de chuid Scoil an Ghleanna sa Daingean, atá ar fhoireann rothaíochta Shasana go bhfuil sí “ag díriú” ar áit a bhaint amach ar fhoireann Shasana do
na Cluichí Oilimpeacha, atá curtha siar go dtí 2021 de bharr na paindéime.

Bhí Knight ar fhoireann rothaíochta na hÉireann agus ghlac sí páirt i roinnt comórtas ar son na hÉireann sula ndeachaigh sí le foireann Shasana anuraidh.

Deir Knight, a rugadh gar do Aylesbury Shasana agus ar aistrigh a muintir go dtí an Daingean nuair a bhí sí 18 mí, gur bhraith sí riamh gur Bhriotanach í.

Ag labhairt di le The42, dúirt Knight, go raibh “athrú iomlán” tagtha ar a cuid spriocanna “taobh istigh de roinnt uaireanta an chloig” nuair a tháinig an fógra go raibh na Cluichí Oilimpeacha curtha siar go dtí an bhliain seo chugainn.

Dúirt Knight go raibh sí “an-tógtha” faoin deis atá aici dul in iomaíocht ag na Cluichí Oilimpeacha ach go gcaithfeadh sí “breith suas” ar na rothaithe eile atá ar fhoireann Shasana.

“Tuigim go maith gur lúthchleasaithe iontacha iad an chuid eile den fhoireann, cuid acu is seaimpíní Oilimpeacha iad. Is mian liom fáil amach cé chomh fada is féidir liom dul.”

Thréaslaigh Scoil an Ghleanna a gaisce leis an rothaí Josie Knight agus ghuigh gach rath uirthi i mbun traenála.

Fág freagra ar 'Rothaí a tógadh i nGaeltacht Chiarraí ag díriú ar áit a bhaint amach ar fhoireann Shasana do na Cluichí Oilimpeacha'