RnaG mar a bheadh ‘unloved foster child’ ag RTÉ – cruinniú faoi chiorruithe i gCasla

Pléadh cúrsaí ciorruithe agus dearcadh RTÉ i leith Raidió na Gaeltachta ag cruinniú a bhí ag foireann an stáisiúin Ghaeilge le lucht bainistíochta RTÉ inniu

RnaG mar a bheadh ‘unloved foster child’ ag RTÉ – cruinniú faoi chiorruithe i gCasla

Is ionann RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ‘unloved foster child’ ag RTÉ.

Cuireadh an méid sin i leith bhainistíocht RTÉ inniu ag cruinniú a bhí acu le foireann Raidió na Gaeltachta.

D’fhógair Stiúrthóir Ábhar RTÉ Jim Jennings ag an gcruinniú a bhí ar siúl i gceannáras an Raidió i gCasla go bhfuil ciorrú €200,000 le cur i bhfeidhm ar bhuiséad RnaG an bhliain seo chugainn.

€11.7 milliún seachas €11.9 milliún an buiséad a chuirfidh RTÉ ar leataobh don chraoltóir Gaeilge in 2020, laghdú 1.7%.

Fágann sin gur thug an craoltóir Gaeilge na cosa leis cuid mhór ó na ciorruithe atá á mbagairt ag RTÉ i bhfianaise na ndeacrachtaí móra airgid atá acu faoi láthair.

Tugadh le fios ag an gcruinniú go mbeadh tionchar ag na ciorruithe ar líon na gcraoltaí seachtracha a bheidh á ndéanamh ag an stáisiún Gaeilge.

Thug roinnt ball foirne le fios gur bhraith siad nach raibh ceangal chomh láidir ag RTÉ Raidió na Gaeltachta leis an bpobal is a bhíodh agus go raibh baint ag easpa acmhainní leis sin.

Dúradh ag an gcruinniú, gur mhó an lorg a d’fhágfadh aon chiorrú a chuirfí i bhfeidhm ar RnaG ar an tseirbhís ná mar a d’fhágfaí ar sheirbhísí eile, toisc an ‘bhonnlíne’ a bheith níos ísle sa stáisiún Gaeilge.

Cuireadh i leith RTÉ ag an gcruinniú nár thuig siad an tábhacht a bhí le Raidió na Gaeltachta agus dúradh nach mbíonn RTÉ ag éisteacht le lucht RnaG, rud a shéan lucht bainistíochta RTÉ.

Dúirt ball foirne amháin gurb ionann RnaG ag RTÉ agus “unloved foster child”, agus gur bhreathnaigh RTÉ ar an stáisiún Gaeilge mar ‘bhró mhuilinn’ anuas orthu seachas mar rud ar chóir é a ‘cheiliúradh’.

Dúirt ball foirne eile gur minic RTÉ ag déanamh gaisce faoin obair a dhéanann siad maidir le cur chun cinn na héagsúlachta agus na héagsúlachta cultúir ach nach bhféachtar ar an nGaeilge agus ar phobal na Gaeltachta mar chuid den éagsúlacht sin.

Ba chóir, a dúradh, a bheith mórtasach as an bhfreastal á dhéanann RnaG ar phobal na Gaeilge agus an teachtaireacht a chraobhscaoileadh gur ag cur na héagsúlachta chun cinn atá an stáisiún Gaeilge.

Dúradh gur léir nár thuig RTÉ a riachtanaí is a bhí RnaG maidir le slánú phobal na Gaeltachta agus nach dtiocfaidh an pobal sin slán mura dtacófaí leis an gcraoltóireacht seirbhís phoiblí Ghaeilge.

Dúirt Jim Jennings gurbh amhlaidh nár luadh RTÉ Raidió na Gaeltachta nuair a bhí na ciorruithe atá beartaithe ag an gcraoltóir á bhfógairt le déanaí toisc go raibh ‘jab an-mhaith’ á dhéanamh ag an stáisiún Gaeilge agus nach raibh aon ghá le hathruithe móra a dhéanamh ar an tseirbhís.

Dúirt sé gur mhaith leis féin go gcuirfí an ciorrú i bhfeidhm ar RnaG trí athrú a dhéanamh ar chleachtais oibre seachas aon rud eile.

Cé gur mhol sé an obair a bhí ar siúl ag RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Jennings go raibh gá le ‘díospóireacht níos leithne’ faoi chraoltóireacht na Gaeilge trí chéile. Dúirt ball foirne amháin gur údar imní i gcónaí é nuair a thosaítear ag caint faoin ngá le ‘díospóireacht’ faoi chraoltóireacht na Gaeilge mar ‘gurb é atá á rá i ndáiríre ná tá an iomarca airgid á chaitheamh againn ar chraoltóireacht na Gaeilge agus is gá gearradh siar a dhéanamh’.

Dúradh le foireann an Raidió nach raibh sé i gceist aon chónascadh a dhéanamh idir RnaG agus TG4 ná cúram maoinithe RnaG a aistriú go dtí an Roinn Cumarsáide.

Dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge nua RTÉ, Niamh Ní Churnáin, áfach, gur chóir go mbeadh tuilleadh comhoibrithe ar siúl idir craoltóirí na Gaeilge. Dúirt sí gur mhaith léi, mar shampla, go mbeadh craoltóirí RnaG le feiceáil níos minice ar an dteilifís.

Dúirt Jim Jennings go raibh RTÉ ag an ‘point of no return’ maidir le ceist a mhaoinithe.

Dúirt sé gur ag an Rialtas amháin a bhí leigheas an scéil.

Mura bhfuil an chraoltóireacht seirbhís phoiblí ag teastáil ón Rialtas abraidís amach é sin agus má tá cuiridís maoiniú ceart ar fáil di, a dúirt sé.

Fág freagra ar 'RnaG mar a bheadh ‘unloved foster child’ ag RTÉ – cruinniú faoi chiorruithe i gCasla'

  • Breathnóir1

    Tá sárobair á déanamh ag RnaG agus tá súil agam go mbeidh siad ábalta leanúint ar aghaidh leis an chraoltóireacht d´ardchaighdeán a dhéanann siad fiú leis na ciorruithe seo. Tá cláracha den scoth á ndéanamh acu, leithéidí Bladhaire, Tús Áite agus an tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra.
    Rith sé riamh liom gur chóir go mbeadh cláir á ndéanamh ag RnaG a thagann as Béal Feirste, faoi mar a dhéantar cláir i mBÁC faoi láthair cheana. Leis an easpa airgid, níl a fhios agam an dtarlóidh sin, ach dá ndéanfaí a leithéid i gcomhar le BBC Gaeilge?

  • An Teanga Bheo

    Daoine cumasach agus oilte dá chuir síos go minic ag aicme nach dtuigheann pobal gníomhach fíuntach na Gaeilge.