‘Rinne sí beart de réir a briathair agus thug seirbhís dá náisiún’ –Banríon Shasana á cur i gcré na cille

Bhailigh na céadta míle i lár Londan inniu do shochraid na Banríona Eilís II, an monarc is faide i réim riamh ina tír

‘Rinne sí beart de réir a briathair agus thug seirbhís dá náisiún’ –Banríon Shasana á cur i gcré na cille

Rinne Banríon Shasana, Eilís II, beart de réir a briathair agus chaith sí a saol i mbun seirbhíse a náisiúin, a dúradh ag a sochraid i Mainistir Westminster i Londain inniu.

Carráiste gunna, á tharraingt ag 142 mairnéalach ón gCabhlach Ríoga, a thug cónra na Banríona ó Halla Westminster go dtí Mainistir Westminster ar maidin.

Lean an Rí Séarlas III an chónra agus baill den teaghlach ríoga ina theannta, an Prionsa William agus an Prionsa Harry ina measc.

Slua 2,000 duine a bhí ag an searmanas, ina measc lucht ríoga, ceannairí idirnáisiúnta polaitiúla agus reiligiúnacha agus piardaí móra bhunaíocht na Breataine. Bhí Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn agus an Taoiseach Micheál Martin ag an searmanas.

Bhailigh na céadta míle i lár Londan don ócáid stairiúil.

Dúirt Ard-Easpag Canterbury Justin Welby ina sheanmóir go raibh an Bhanríon “lán de cheol” agus go raibh a muintir agus daoine ar fud na tíre, an Chomhlathais agus an domhain go léir faoi scamall bróin ó bhásaigh sí an tseachtain seo caite.

Dúirt an tArd-Easpag go raibh “saol lán eachtraí” ag an mBanríon agus gur “le grá” a thug sí a cuid seirbhíse.

Thagair sé don mhóid a thug an Bhanríon i bpíosa cainte a craoladh nuair a bhí sí bliain is fiche. Mhóidigh sí an uair sin go dtabharfadh sí a saol go léir i mbun seirbhíse don náisiún agus don Chomhlathas.

“Is annamh a choimeád aon duine riamh chomh maith sin aon ghealltanas,” arsa an tArd-Easpag.

Cuimhneofar orthu siúd a thug seirbhís agus beidh “grá ag daoine fós dóibh” nuair a bheidh “dearmad” déanta ag daoine “ar an dream a choimeádann greim an fhir bháite ar an gcumhacht agus ar phribhléidí”, a dúirt an tArd-Easpag.

“Seirbhís le linn na beatha, dóchas ar do bhás. Gach duine a leanann sampla na Banríona, agus a spreagadh chun creideamh i nDia agus iontaoibh a chur ann, féadaidís a rá in éineacht léi: Casfar ar a chéile arís sinn,” arsa Welby.

Macalla a bhí sa ‘Casfar ar a chéile arís sinn’ ar óráid a thug na Bhanríon le linn na paindéime, óráid inar úsáid na líne chéanna as an amhrán le Vera Lynn.

Bhí an searmanas bunaithe ar Leabhar na hUrnaí Coitinne 1662, leabhar urnaí oifigiúil Eaglais Shasana.

Ag deireadh an tsearmanais, seinneadh an Last Post ar an mbuabhall agus tugadh dhá nóiméad ciúnais don bhanríon sular seinneadh an Reveille. Ansin canadh Amhrán Náisiúnta Shasana ‘God Save the King’.

Píobaire na Banríona, Paul Burns, a chuir críoch leis an gcuid sin den searmanas nuair a sheinn sé ‘Sleep, Dearie, Sleep’.

Ina dhiaidh sin cluineadh clingireacht phlúchta chloig Mhainistir Westminster de réir traidisiún sochraide rí nó banríona.

Níos deireanaí inniu beidh seirbhís adhlactha don bhanríon Eilís i Séipéal Naomh Seoirse i gCaisleán Windsor agus cuireadh tugtha ansin do 800 duine.

Ag an tseirbhís sin canfaidh an cór Kontakion Rúiseach na Marbh, mar a casadh é anuraidh ag sochraid fhear céile na banríona, an Prionsa Philip. Ní féidir linn éalú ón mbás atá inár gcinniúint, an teachtaireacht san iomann sin.

Léifidh Déan Windsor, an Dr David Conner, as Apacailipsis [Taispeáint] Eoin 12, véarsaí 1-7, an ceann céanna a léadh ag sochraidí an Rí Seoirse V agus an Bhanríon Máire, seantuismitheoirí na Banríona Eilís agus ag sochraid a hathar Seoirse VI i 1952.

Le linn na seirbhíse seo inniu, tógfar uirlisí an stáit impiriúil – an choróin, an chruinne agus an ríshlat – de chónra na banríona agus leagfar ar an ard-altóir iad.

Leagfaidh Rí Séarlas 3 Shasana dathanna chomplacht champa bhanríon Shasana ar chónra a mháthar. Leagfaidh an tArd-Seomairlín a shlat oifige ar an gcónra.

Is ansin a ísleofar cónra na banríona isteach sa lusca ríoga fad a bheidh ridire an ghairtéir ag léamh amach os ard teidil na Banríona Eilís II agus caoineadh á chasadh ag píobaire na Banríona.

Adhlacfar an bhanríon le taobh a fir chéile i Séipéal Cuimhneacháin an Rí Seoirse VI ag a 7.30 tráthnóna ach ní bheidh i láthair ag an tseirbhís phríobháideach sin ach a teaghlach féin.

I ráiteas roimh shochraid an lae inniu, dúirt Rí Séarlas III Shasana, go ndeachaigh na daoine ar fad a léirigh a n-ómós don bhanríon “i bhfeidhm go mór air féin agus a bhean chéile”.

“Le deich lá anuas chuaigh an tacaíocht agus na teachtaireachtaí comhbhróin ar fad a fuaireamar ó dhaoine sa tír seo agus ar fud na cruinne i bhfeidhm go mór orm féin agus ar mo bhean,” a dúirt Rí Shasana lá adhlactha a mháthar.

Fág freagra ar '‘Rinne sí beart de réir a briathair agus thug seirbhís dá náisiún’ –Banríon Shasana á cur i gcré na cille'