Ríméad ar Rowntree an gorta a bheith thart

Baineann cuid mhaith de na tréithe atá luaite agam le Graham Rowntree le stair na foirne a bhfuil sé anois ina ceannas freisin

Ríméad ar Rowntree an gorta a bheith thart

Foireann na Mumhan a thug an chreach leo an lá deireanach iomaíochta i gcomórtais rugbaí na mbólaí seo. Mar sin féin bheadh iontas orm dá gceapfadh an lucht leanta is dílse acu siúd gurb ionann sin agus go dtiocfaidh athrú láithreach ar ordlathas chúigí na tíre.

Ach súil a chaitheamh ar imirt na Muimhneach le scór bliain, thuigfeá cén fáth go ndearnadh ceiliúradh chomh croíúil ar an mbua ar na Stormers in Cape Town Dé Sathairn seo caite agus ar Pháirc Thuamhan ar fhilleadh abhaile dóibh. Sraith Magners a bhí mar ainm air nuair a bhuaigh siad é i 1912 – an mórchomórtas deireanach a bhuaigh siad.

Bó mhaith bhainne a bhí sa mbó Mhuimhneach roimhe sin. Sna 10 mbliana roimhe sin bhuaigh siad Corn Heineken faoi dhó agus bhíodar sna babhtaí leathcheannais seacht n-uaire eile. Bó sheasc a bhí inti ó shin.

Níl aon lá ariamh nach ndeachaigh an chrógacht agus an spleodar a bhaineann le foirne an chúige sin i bhfeidhm orm, ach thug mé suntas an babhta seo nach raibh an éirí in airde céanna faoina gcóitseálaí Graham Rowntree agus a bhíonn go hiondúil nuair is sna nóiméid dheireanacha a chinntítear an bua – mar a tharla le húd John Hodnett agus slánú Jack Crowley i Catpe Town.

Fiú agus gan ann ach go raibh an fheadóg séidte bhí ar dhúirt Rowntree ar an taobhlíne tomhaiste, meáite – níos dáiríre fós leathuair ina dhiaidh agus é ag caint leis na meáin ar fad i seomra na n-agallamh. Ba í a theachtaireacht go raibh ríméad air an gorta a bheith thart, ach nach mbeidh a fhios go ceann tamaill cén sórt sochair a bhainfí as an síol a bhí curtha.

Cuntas cruinn a bhí ann. Ainneoin ar tharla dóibh siúd seachtain roimhe i gCluiche Ceannais Chorn na Seaimpíní, is ag Cúige Laighean i gcónaí atá an mheitheal is fearr sa tír. Iadsan an tslat tomhais a bheas ag foirne na tíre seo ar fad agus ag go leor eile thar sáile.

Ag éisteacht le Rowntree is minic a chuireann sé Jack Charlton i gcuimhne dom. Tá go leor i bpáirt acu – sliocht na muintire a thochail mianaigh an ghuail in oirthuaisceart Shasana lena gcuid lámh agus a sheol na cnapacha dubha ar fud na tíre agus an domhain ar bord loinge agus ar thraenacha.

Leathuair an chloig ó thuaidh de Newcastle upon Tyne in Ashington a saolaíodh Jack, beagán níos faide ná sin ó dheas den chathair chéanna atá an teach i Stockton-on-Tees inar caitheadh Rowntree ar an sop.

Tá go leor cosúlachtaí freisin idir canúintí a mbéil, cé go raibh caint fhear an tsacair níos dílse don cheantar agus níos grusaí ná fear an rugbaí, a saolaíodh 60 míle ó dheas dó.

Mar sin féin d’aithneofá go mb’fhearr leo beirt cúpla crúsca a chaitheamh siar sa bpub áitiúil ná in óstán galánta. “Ní oireann pórtar agus cairpéad a chéile,” mar a deireann fear ar m’aithne.

Seans gur ón gcrann caorthainn a fuair Rowntree a ainm. Is beag tír in Iarthar na hEorpa nach bhfuil an crann céanna luaite ina chuid seanchais. Baineann Cath Bhruíon Chaorthainn le hachrann a thit amach nuair a rinne mac Rí Lochlann gabháil ar Fhionn Mac Cumhaill agus ar na Fianna le cleasaíocht – ghreamaigh siad de chathaoireacha draíochta.

In Albain is é an crann caorthainn suaitheantas Chlann Mhachlachlan, a chuid caora i gceann Chlann Mhaolchaluim. I gCríocha Lochlann deirtear gurbh é a shábháil an dia Thor, a bhí á bhá i sruth láidir uisce nó gur éirigh leis breith ar chraobh de.

Déarfainn gur mó suim a bheadh ag Graham Ó Caorthannáin sin againne a chloisteáil gur as staicín de chrann thar a bheith láidir agus thar a bheith miotalach agus acmhainneach a tháinig a ainm. Ní thiocfadh sé amú ach oiread air go mba mhinic a chuir an seandream feac in uirlis le giota de, fearsaid i dtuirne nó maide troda.

Baineann cuid mhaith de na tréithe atá luaite agam le Graham Rowntree le stair na foirne a bhfuil sé anois ina ceannas freisin. Tá an dlúthcheangal leis an gceantar ina bhfuil siad suite ar cheann de na rudaí is mó a mbíonn práinn as. Is ionann scéal i gcónaí.

Is i gcontaetha Chorcaí, Luimnigh nó Thiobraid Árann a saolaíodh 15 de na 25 imreoir a sheas an fód sa gcluiche ceannais in aghaidh na Stormers. Éireannaigh freisin iad beirt eile, Tadhg Beirne agus Jeremy Loughman. Is iad Mike Haley (Sasana), Antoine Frisch (An Fhrainc), Malakai Fekitoa (Tonga), RG Snyman & Jean Kleyn (An Afraic Theas) agus Roman Sanaloa (Haváí) amháin a rugadh taobh amuigh den tír seo.

Nuair a bhuaigh Cúige Mumhan ar Toulouse i gCluiche Ceannais Chorn Heineken i gCaerdydd in 2008, ochtar déag Muimhneach, beirt Nua-Shéalannach (Doug Howlett agus Rua Tipoki), Tongach (Lifemi Mafi) agus an tAstrálach Paul Warwick a bhí ar liosta na foirne.

Mumhain v Stormers : 2023

Mike Haley; Calvin Nash, Antoine Frisch, Malakai Fekitoa, Shane Daly; Jack Crowley, Conor Murray; Jeremy Loughman, Diarmuid Barron, Stephen Archer; Jean Kleyn, Tadhg Beirne; Peter O’Mahony (capt), John Hodnett, Gavin Coombes. Ionadaithe: Niall Scannell, Josh Wycherley, Roman Salanoa, RG Snyman, Alex Kendellen, Craig Casey, Ben Healy, Keith Earls.

Mumhain v Toulouse : 2008

Denis Hurley, Doug Howlett, Lifeimi Mafi, Rua Tipoki, Ian Dowling, Ronan O’Gara, Tomas O’Leary; Marcus Horan, Jerry Flannery, John Hayes, Donncha O’Callaghan, Paul O’Connell (capt), Alan Quinlan, David Wallace, Dennis Leamy.

Ionadaithe : Frankie Sheahan, Tony Buckley, Mick O’Driscoll, Donnacha Ryan, Peter Stringer, Paul Warwick, Keith Earls.

Is é Keith Earls an t-aon duine atá ar an dá liosta.

Fág freagra ar 'Ríméad ar Rowntree an gorta a bheith thart'

  • jpmorley0@gmail.com

    Trí thréith a luaitear leis an gcrann caorthainn:
    crógacht, cosaint & gaois.