‘Ridiculous’ go gcaithfí stop a chur le hagallamh ar mhaithe le Nuacht, a deir Ray D’Arcy

Deir RTÉ gur ‘frustrachas’ le sceidealú seachas leis an bhfeasachán nuachta féin ba chúis leis an dara ráiteas conspóideach ó D’Arcy faoin nuacht Ghaeilge in imeacht míosa

File photo: Veteran radio presenter Ray D'Arcy has annnounced he will leave Today FM for RTÉ

Don dara huair in imeacht míosa, tá ceist curtha ag an gcraoltóir Ray D’Arcy faoin bhfeasachán nuachta Gaeilge a chraoltar le linn a chláir.

Le linn dó a bheith ag cur agallaimh ar an iriseoir Úna Mullally, a scríobh den chéad uair faoin ailse atá uirthi san Irish Times inné, dúirt an craoltóir gur “ridiculous thing anyway” a bhí ann go gcaithfeadh sé cur isteach ar a cuid cainte le go gcloisfí an Nuacht ó stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla.

Dúirt urlabhraí ó RTÉ go raibh siad tiomanta do sheirbhís nuachta trí Ghaeilge a chraoladh ar Radio One, 2FM agus Lyric FM agus gur ‘frustrachas’ le linn agallaimh a bhí ‘mothúchánach’ ba chúis le míshásamh an chraoltóra.

Ghabh Ray D’Arcy leithscéal le hÚna Mullally tar éis na Nuachta agus dúirt gur oth leis cur isteach uirthi agus í ag caint óna croí faoin tinneas atá uirthi. “It’s nobody’s fault and everybody’s fault, I apologise for that,” a dúirt sé faoin ngá stop a chur leis an agallamh chun go gcraolfaí an feasachán nuachta i nGaeilge.

Sular craoladh an nuacht chuir D’Arcy an léitheoir nuachta Bríd Ní Chualáin i láthair dá lucht éisteachta mar ‘Bríd Ní Shúilleabháin’.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, chuir baill foirne ó RnaG a míshásamh in iúl do bhainistíocht an stáisiúin sin faoin mbealach míshlachtmhar, dar leo, a chaitheann láithreoirí áirithe Béarla lena n-ainmneacha Gaeilge.

Trí seachtaine ó shin dúirt Ray D’Arcy ar an aer gur aontaigh sé le héisteoir a sheol teachtaireacht chuig a chlár a cheistigh cén fáth a gcaithfí éisteacht le Nuacht ar Radio One ach nach gcaithfí éisteacht le ‘News’ ar Raidió na Gaeltachta nó TG4.

Dúirt an láithreoir freisin go bhfuil sé den tuairim go gcuireann na feasacháin nuachta – a bhíonn á léamh ag craoltóirí Raidió na Gaeltachta ón stiúideo i gCasla – go gcuireann siad isteach ar ‘rithim’ a chláir.

Ach i ráiteas a thug urlabhraí de chuid RTÉ do Tuairisc.ie aréir, dúradh gur “frustrachas” leis an sceidealú seachas leis an bhfeasachán nuachta féin ba chúis le caint D’Arcy.

Dúirt RTÉ gurbh é an “gá briseadh ó agallamh dian mothúchánach” a spreag caint D’Arcy.

Dúirt urlabhraí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta le Tuairisc.ie nach raibh aon ráiteas le déanamh acu faoin scéal mar gur “gnó inmheánach do RTÉ” a bhí ann.

Fág freagra ar '‘Ridiculous’ go gcaithfí stop a chur le hagallamh ar mhaithe le Nuacht, a deir Ray D’Arcy'

  • Joe Ó Beirgin

    Sílim go raibh an ceart ag D’Arcy sa chás seo. Chuir an clár nuachta isteach ar agallamh fíorspéisiúil inné.Arnó, tá muidne, na héisteoirí, oilúnta chun cur suas lena leithéid ach tá an cuma ar an scéal nach amhlaidh atá sé le Ray D’Arcy.

  • Micheál Ó Domhnaill

    Tar-éis 30+ bliain mar chraoltóir, nach bhfuil ar a chumas ag Ray Darcy smacht a choimeád ar ord a chuid cláracha? Táim cinnte gur aontaigh sé féin agus a fhoireann léirithe roimh ré cén fhad a bheadh ag teastáil don agallamh seo. I ngach clár, bíonn briseanna ann, d’fhógraíocht, nuacht, agus ina chás siúd, nuacht i mBéarla agus i nGaeilge. Déantar an t-am a bheidh ag teastáil do gach agallamh a mheas roimh ré, agus bíonn sé de dhualgas ar an gcraoltóir na ceisteanna a chur leastigh den am seo. De gnáth bíonn solúbthacht áirithe ann maidir le bogadh a dhéanamh ar bhriseanna fógraíochta, ach i gcás nuachta, ní bhíonn, agus seo ceacht bunúsach a fhoghlaimíonn craoltóir an chéad lá sa phost.
    In áit gearán a dhéanamh leis an bpobal faoi seo – gheobhadh sé 1. Níos mó ama a thabhairt do agallamh ‘mór’ den tsórt seo, nó é a thosnú níos luaithe ar eagla go mbeadh gá le ham breise; nó 2. an gearán a dhéanamh le lucht bainistíochta an chláir faoi críoch a chur leis an nuacht ag 3:30in nó é a bhogadh go clár éigin eile.
    Chuala mé an t-agallamh, agus bhí mé an-tógtha leis, agus bhraith mé gur labhair Úna Mullally le hionracas nach gcloistear go minic ar an raidió, agus tuigim nár theastaigh ó Ray, nó ón lucht éisteachta, go dtiocfadh deireadh leis roimh am.
    Ach bíonn srianta ar ghach clár agus caithfimid iad a thógaint san áireamh, faraoir. Gach rath ar Úna leis an dúshlán atá amach roimpi.

  • Colmán

    “Is mise a rinne an BBC!”

  • Darragh Ó Náraigh

    Níor chuala mé Gormfhlaith ag gearáin riamh faoin mbriseadh sa chlár le haghaidh na nuachta,

    níor chuala mé láithreoir ar stáisiúin Bhéarla de chuid RTÉ ag gearáin faoi bhriseadh le haghaidh nuachta i mBéarla, agus táim lán cinnte gurb é an t-aon chúis go raibh mo dhuine ag gearáin ná de bharr go raibh an nuacht as Gaeilge.

    Masla dúinn amach is amach, ná bíoch aon dul amú orainn. “Ridiculous” go gcaithfí cur suas len a leithéad ón gcraoltóir náisiúnta.

  • Iasan Ó Riabhaigh

    Ba mhaith liom ceist a cur ar D’arcy,dá mbeadh an nuacht á léamh i mBéarla,an mbeadh sé fós ag gearán faoin dtrasnáil?
    Is léir go gcuireann an Gaeilge is teach air…

  • Ceolinis

    Maidir le cúrsaí teilifíse, tá RTÉ sásta Nuacht RTÉ a bhogadh thart seachas am buan a thabhairt di. De ghnáth craolfar an Nuacht timpeall 17:40 ach d’fhéadfaí í a chraoladh am ar bith ag an deireadh seachtaine. Inniu bhí athrú eile de bharr rásaí Punchestown. Easpa measa atá anseo; ní minic a chuirtear isteach ar an Nuacht i mBéarla ar an gcaoi céanna.

  • Tuigim

    Ná déan leithscéal.
    Ná habair ‘I apologise’ faoi nuacht inár dteanga féin ó Chasla.
    Céard a chuireann isteach ort is mó, Ray: an Ghaeilge nó Casla?
    Teanga ó áit iarghúlta, an ea?
    Gabh ár leithscéal nach bhfuilimid chomh mór agus chomh cliste agus chomh galánta le Béarla! (Searbhas)

  • Éilis

    Aontaím go huile agus go hiomlán le Micheál thuas. Rud thar a bheith bunúsach d’aon léiritheoir cláir raidió is ea rithim an chláir agus an t-am a chomhaireamh go dtí an tsoicind dheiridh, i bhfad roimh ré.
    An botún smacht ama seo a rinneadh le hagallamh Una, bhí sé chomh bunúsach gur cheap mé go ndearnadh d’aon turas é. B’fhéidir go bhfuil Darcy ag iarraidh aird a tharraingt air féin agus go bhfuil feachtas pearsanta aige chun fáil réidh leis an bhfeasachán nuachta?

    D’éist mé leis an gclár agus chuir iompar Darcy olc orm, bhí sé chomh páistiúil agus chomh sotalach sin. Chaith sé go maslach leis an bhfeasachán nuachta a fhógairt, agus arís nuair a rinne sé iar-fhógairt air. Ba léir do chách nach bhfuil meas ar bith aige ar an nGaeilge. Nuair a bhí Mooney ina láithreoir ar an gclár seo níor braitheadh riamh a leithéid de mheon diúltach i dtaobh na Gaeilge. Molaim cúpla litir a scríobh chuig RTE chun a rá leo ‘Cop On!’

  • padraig

    Cén tuarastal ollmhór a íoctar leis an marcach duaine seo? Euro 250,000? Nach sinne saoránaigh na hÉireann (aka cáiníocóirí) a íocann é sin leis? Tuige, mar sin, an gcaithimís glacadh leis an díspeagadh poiblí tomhaiste sin ar sheirbhís ar bith as Gaeilge ? Tuigeann an marcach duaine seo cén leagan amach a bheidh agus a bhíonn ar gach clár agus tuigeann sé solúbthacht an leagan amach. An tátal atá le baint as an gcúram ar fad mar sin ná go bhfuil sé naimhdeach don Ghaeilge agus go n-úsáideann sé an clár mar bhata chun an teanga seo ‘gainne a bhualadh ach an deis a fháil chuige. Dá fheabhas é a chlár níor cheart go mbeadh aon ghlacadh leis an aithisiú sin agus ba cheart an méid sin a chur in iúl dó go neamhbhalbh.

  • Yvonne

    Sa chás seo, aontaím le Ray. Bhí ábhar an agallaimh seo an deacair a phlé agus ní raibh Úna Mulally ach cúpla nóiméid ar an aer. Ba chóir go gcraoltar an Nuacht ar dtús nó ag an deireadh ná idir eatharthu.

    Rinne Úna rud an chróga do mhuintir sa tír seo atá ag deileáil le hailse comh maith le haon turas fada. Go n-éirí mór an t-ádh léi.

    Maidir leis an Nuacht, is craoladh rí-thábhachtach do mhuintir na tíre seo ach ach bíodh croí oraibh.

  • micheal

    Cosuil le alán tráchtaire eile ar RTE, ceapann darcy to bhfuil sé I bhfad níos tabhachtaí agus éirimiula ná na ‘gnáth-daoine’.
    Níl ann ach duine seafóideach.