Cuireann nuacht na Gaeilge isteach ar ‘rithim’ a chláir, a deir Ray D’Arcy

Thug D’Arcy le fios ar an aer gur aontaigh sé le héisteoir a bhí den tuairim go gcuireann na feasacháin nuachta - a bhíonn á léamh ag craoltóirí Raidió na Gaeltachta ón stiúideo i gCasla - isteach ar ‘rithim’ an chláir

File photo: Veteran radio presenter Ray D'Arcy has annnounced he will leave Today FM for RTÉ

Níl aon ráiteas le déanamh ag RTÉ faoin tuairim a nocht an láithreoir Ray D’Arcy an tseachtain seo caite go gcuireann na feasacháin nuachta Ghaeilge ar Raidió a hAon isteach ar ‘rithim’ a chláir, The Ray DArcy Show.

Déardaoin seo caite léigh D’Arcy amach ar an aer teachtaireacht ó éisteoir a cháin na feasacháin nuachta Gaeilge a chraoltar ar RTÉ Radio One i gcaitheamh an lae.

“I get frustrated that every day at 3.30 in the middle of an interesting interview or topic you have to go to An Nuacht. The momentum is totally lost.

“Why is it that we have to listen to the Nuacht on Radio One, but we never hear the News on Raidió na Gaeltachta or TG4?” a d’fhiafraigh éisteoir, darb ainm Liam, den láithreoir.

Thug D’Arcy le fios ar an aer gur aontaigh sé leis an éisteoir agus go bhfuil sé den tuairim go gcuireann na feasacháin nuachta – a bhíonn á léamh ag craoltóirí Raidió na Gaeltachta ón stiúideo i gCasla – go gcuireann siad isteach ar ‘rithim’ a chláir.

“Yesterday we were in the middle of a very interesting chat with Stephen Rae about his upbringing in the North of Ireland and that sort of thing, Protestant versus Catholic and all that and we had to go to An Nuacht and it does ruin the flow. You’re right, it does ruin the flow,” a dúirt D’Arcy.

Chuir sé ceist an éisteora i gcomparáid leis na hargóintí a chloistear aimsir Lá na mBan nuair a fhiafraítear cén fáth nach mbíonn Lá na bhFear ann freisin. Dúirt sé freisin go raibh Béarla cloiste aige ar TG4.

“I did hear Frankie Sheehan or somebody speaking in English on Rugbaí Beo because some of the rugby matches in the Pro 12 are only available on TG4. So the commentary is in Irish and then you have the analysis in English,” a dúirt sé.

Bhí míshástacht anuraidh ann i measc bhaill foirne RnaG faoin ‘drochmheas’, dar leo, a fhaigheann láithreoirí áirithe in RTÉ ar a gcomhghleacaithe sa stáisiún Gaeilge.

Is é an bealach míshlachtmhar ina bhfoghraítear ainmneacha agus sloinnte léitheoirí nuachta Gaeilge ar chláracha áirithe Béarla is mó a bhí ag cur as do dhaoine i gCasla.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur pléadh an cheist seo anuraidh le lucht bainistíochta RnaG agus ag leibhéal an cheardchumainn.

Tarraingíodh aird anuraidh chomh maith ar chomhrá gonta i nGaeilge idir Marion Ní Shúilleabháin ó RTÉ RnaG agus Nicky Byrne ó 2FM.

Fág freagra ar 'Cuireann nuacht na Gaeilge isteach ar ‘rithim’ a chláir, a deir Ray D’Arcy'

  • Breathnóir

    I ndiaidh na mblianta de bheith ag cur clár raidió i láthair shílfeá go mbeadh taithí go leor ag craoltóir mar d’Arcy a chlár a struchtúrú sa tslí nach mbrisfí an rithim ag míreanna réamhphleanáilte…

  • Enda McCabe

    Cé’n fáth go bhfuil siad buartha faoi Nuacht ag 3.30 ach níl aon rud le rá acu faoi News ag 4.00. Má bheadh craoltóirí níos eagraithe ní bheadh sus in aon agallamh.

  • Johnny

    Fáigh job don craoltóir sin ag BBC Hackney nó in áit dá leithéid. (Ó mo thrua muintir Hackney!)

  • Karol

    Bíonn ar stáisiúin sosanna a thógaint go rialta chun fógraí a chraoladh nó chun dul go dtí an nuacht. Ba cheart go mbeadh an láiritheoir ábalta deighleáil lena leithéid!

  • Darragh Ó Náraigh

    Bíonn orthu éisteacht le Gaeilge ar RTÉ toisc gur chraotlóir poiblí é RTÉ atá maoinithe ag an íocóir ceadúnais, pobal na Gaeilge ina measc.

    Mar chraoltóir poiblí, tá sé de dhulagas ar RTÉ freastal ar phobal Gaeilge na tíre agus muna dtaitníonn sé seo leis an éisteoir seo, bhuel, TOUGH!

    Muna bhfuil Pobal an Bhéarla sásta cúpla nóiméad Gaeilge a chloisteáil, is féidir leo éisteacht leis na stáisiúin phríobháideacha (agus tá neart díobh) – ní bheidh aon “Nuacht” le cloisteáil ansin.

  • Eoin Ó Brolacháin

    Caithfidh duine éicint a rá leis an Uas D’arcy nach bhfuil sé le Today FM níos mó. Tá dualgas ar RTE i leith na Gaeilge agus sin í an fáth go gcaithfidh muid ceadúnas a cheannach. An léifeadh sé tuít atá drochmheasúil ar an lucht siúil nó ar eachtrannaigh? Dála an scéil, rinne léiritheoir an chláir, Will Hanafin, ionsaí gránna ar an nGaeilge sa Sunday Independent cúpla bliain ó shin ach mar a deirim caithfidh duine éicint sa mbainistíocht a mheabhrú dóibh nach bhfuileadar ag craoladh ar stáisiún tráchtála a thuilleadh

  • Brónagh Ní Chuilinn

    An mbeadh an argóint céanna ann, más Nuacht trí Bhéarla a bheadh ann?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Státseirbhíseach eile atá aineolach ar a chuid dualgaisí…

  • Dee

    Is minic a ghlac sé sos fá choinne na fógraí ar an stáisiún eile!

  • padraig o donnchu

    Tuilleadh den tubaiste chuige mhuise, ce a iocann a thuarastal? nach apartheid teanga e sin aige? casaim air an nuacht ag an am sin chun an sceala is denai a fhail i mo theanga fein, bhfuil se ag iarraidh an ceart sin a bhaint diom? Sampla eile al eirionn gur pobal ata iomlan coilinithe, coillte, criogtha iad muintir na hEireann. Niudi neaidi e d’Arsy a ‘mhunlaionn’ tuairimi an phobail sin agus drochmheas a leiriu aige ar ar n-oidhreacht teanga agus cultuir. Is aithiseach an sceal e ach glacann an tread leis. Baaaaa

  • Tuigim

    Tá drochmheas ag Ray D’Arcy ar an nGaeilge.
    Fíorshoiléir.
    Is mór an náire é sin.
    Ach bíodh rogha ag gach duine.
    Ba chóir dó a) ‘Tá brón orm’ a rá.
    b) Iarracht a dhéanamh rud dearfach a dhéanamh ar son na G
    Mura ndéanann sé a) & b) ba chóir dó c) éirí as RTÉ.