Rialú maidir le torthaí tástáil anála gan bheith ar fáil i nGaeilge curtha ar ceal

An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a rinne achomharc faoin gcinneadh nach seasfadh na torthaí tástáil anála mar fhianaise sa chúirt agus nárbh fhéidir glacadh leo toisc nár cuireadh leagan Gaeilge de na torthaí ar fáil

GARDA AT A DRINK AND DRIVING CHECKPOINTS IN DUBLIN

Cuireadh ar ceal sa Chúirt Achomhairc inniu rialú go raibh torthaí tástáil anála, a rinneadh ar thiománaithe, neamhbhailí toisc nár chuir na Gardaí cáipéis i nGaeilge agus i mBéarla araon ar fáil do na tiománaithe a bhí i gceist.

Ba é an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a rinne achomharc faoin gcinneadh nach seasfadh na torthaí tástáil anála mar fhianaise sa chúirt agus nárbh fhéidir glacadh leo toisc nár cuireadh leagan Gaeilge de na torthaí ar fáil.

Ba é cás Mihai Avadenei, fear ar stop na Gardaí é agus amhras orthu go raibh sé ag tiomáint faoi thionchar an óil, a chuir tús leis an gconspóid faoi na torthaí tástáil anála.

I mBéarla amháin a eisíodh na torthaí tástáil anála a rinneadh ar Avadenei i stáisiún Shráid an Stórais i mBaile Átha Cliath.

Thug abhcóidí Avadenei dúshlán dlí i mí Iúil 2014 de bharr nár cuireadh leagan Gaeilge de na torthaí ar fáil, faoi mar atá sonraithe i rialacháin faoin Acht Tráchta.

Dúirt an Breitheamh Séamus Noonan nach seasfadh na torthaí mar fhianaise sa chúirt agus nárbh fhéidir glacadh leo.

Caitheadh amach an cás dá bharr.

“In my view, what arises in this case, being a failure to reproduce an entire half of the prescribed form, could not be regarded as ‘mere deviation’ from the form prescribed,” a dúirt an Breitheamh Noonan ag an am.

I ndiaidh an bhreithiúnais sin, thug an tAire Iompair, Paschal Donohoe reachtaíocht éigeandála isteach a d’fhág gur féidir torthaí tástáil anála a eisiúint i nGaeilge nó i mBéarla.

Meastar gur cuireadh moill le héisteacht 1,400 cás a bhain le tiomáint faoi thionchar an óil fad is a bhí achomharc á dhéanamh ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

Sa Chúirt Achomhairc inniu, dúirt an Breitheamh John Edwards gur aontaigh sé cuid mhaith le rialú an Bhreithimh Noonan. Dúirt sé áfach nach raibh ‘substaint’ ag baint leis an eolas a fágadh ar lár sna torthaí tástáil anála toisc nach raibh ann dáiríre ach ‘athrá’ i nGaeilge ar eolas a bhí tugtha i mBéarla.

Bhí an Breitheamh George Birmingham agus an Breitheamh Alan Mahon ar aon fhocal leis an mBreitheamh Noonan.

Fág freagra ar 'Rialú maidir le torthaí tástáil anála gan bheith ar fáil i nGaeilge curtha ar ceal'

  • Fearn

    Fan go fóillín.

    Bhí lucht na Gaeilge I dteideal leagan Gaeilge,in éineacht le béarla, ach ní raibh fhios acu go dtí gur iarr duine gan Gaeilge ar an Chúirt rialú. Rialaigh sí amhlaigh.

    Ansin, d’athraigh an tAire an dlí ag fágáil leagan Gaeilge NÓ béarla dlithiúil.

    ( Cé mhéad a bhéas I nGaeilge ní mé? )

    Anois tá cúirt níos aoirde a rá go raibh an ceart ag an chúirt ní b’ isle, cé nach bhfuil an dlí sin I bhfeidhm a thuilleadh.

    Aidhe! Tá sé agam anois

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Paschal Donohoe atá anois ina Aire caiteachais phoiblí….go sábhlaí muid…níl tuigbheál ar bith ag na boic seo ar ár dteangaidh dúchais agus an dochar atá siad ag déanamh dí.