Reifreann faoi athaontú na tíre – an cheist nach féidir a sheachaint

Tá athrú mór ann maidir le líon na ndaoine atá dílis don Ríocht Aontaithe agus líon na ndaoine ar mhaith leo Éire aontaithe

Reifreann faoi athaontú na tíre – an cheist nach féidir a sheachaint

Tá cúpla rud nach féidir a sheachaint i dTuaisceart Éireann ar an aimsir seo. Reifreann faoin teorainn, aontú na hÉireann agus an Breatimeacht agus na ceisteanna sin go léir fite fuaite le chéile in aon cheist amháin.

I measc náisiúnaithe agus poblachtánaithe is mó atá caint ar reifreann, ní nach ionadh. Tá lucht leanta Shinn Féin an-tógtha leis an gceist. Shílfeá, ag éisteacht le cuid acu nach gá ach an reifreann a rith chun Éire aontaithe (nua) a bhaint amach. Níl aon dabht ach gur chuir an Breatimeacht beocht agus fuinneamh sa bhfeachtas chun reifreann a ghairm, ach treisíonn treocht nó patrún an daonra an cás. Ach ní leor sin. Más plean ceart, seachas áireamh uimhreacha, atá i gceist bheadh obair ullmhúcháin fhadtéarmach riachtanach.

Tá a fhios ag cait an bhaile go mbeadh sé soineanta iomarca muiníne a chur i bpobalbhreitheanna. Mar sin féin, de réir na bhfigiúirí tá líon na ndaoine atá i bhfabhar Éire Aontaithe ag méadú de réir gach suirbhé cé is moite de cheann amháin. San dá phobalbhreith is deireanaí tá laghdú tagtha le bliain anuas ar an mbearna idir an taobh atá ar son an aontais agus an taobh ar son athaontú na hÉireann.

De réir an tsuirbhé a rinne Lucid Talk don BBC ag deireadh na míosa seo caite chaithfeadh 42% vóta ar son Éire aontaithe agus 45% a vótálfadh le fanacht sa Ríocht Aontaithe. Bhí 12.7% neamhchinnte. An tseachtain seo d’fhoilsigh an Daily Telegraph torthaí pobalbhreith a bhí mar chuid de thuairisc de chuid iarchisteoir na dTóraithe An Tiarna Michael Ashcroft.  Brexit, the Border and the Union is teideal den tuairisc sin. Fuarthas tuairimí daoine i dTuaisceart Éireann, in Albain, sa Bhreatain Bheag agus i Sasana. Bhí blaiseadh ann de thuairimí daoine sa Phoblacht chomh maith. Dúirt 44% dá mbeadh reifreann ann anois go vótálfadh siad d’Éire aontaithe agus 49% a vótálfadh le fanacht san Ríocht Aontaithe. 7% a bhí neamhchinnte. Sa deisceart bhí 9% in éadan Éire aontaithe, 35% ar son athaontú na tíre taobh istigh de roinnt blianta agus 56% i bhfabhar athaontaithe am éigin ach ní go fóill.

Go dtí le déanaí bhí an dream ba ghlóraí sa tóir ar reifreann abhus ag déanamh talamh slán de go mbeadh muintir an deiscirt ar aon intinn leo. Seans go dtuigeann cuid acu faoin tráth seo nach aon ribín réidh é. Sa tuaisceart is ar dhaoine neamhchinnte go príomha a dhíreodh an dá thaoibh le haghaidh tacaíochta. Níl fianaise ar bith againn go bhfuil náisiúnaithe á mealladh ag an DUP ná an chluain á cur ag Sinn Féin ar aontachtaithe. Léiríonn miondealú ar na ceannlínte chomh corrach is a bheadh an cúrsa. Bhí 90% de Chaitlicigh a d’fhreagair ceisteanna i suirbhé an Tiarna Ashcroft ag iarraidh Éire aontaithe agus 86% de Phrotastúnaigh ag iarraidh a mhalairt. I ngach tuar faoin gcéad daonáireamh eile, meastar nach mbeidh móramh Protastúnach ann a thuilleadh i gceann ceithre bliana. Ní bheidh móramh Caitliceach ann ach an oiread cé gur i measc an phobail sin atá an líon is mó daoine óga. Beidh tionchar an Bhreatimeachta lánsoiléir faoin am sin.

Bhí an ceart ag Peter Robinson, iarcheannaire an DUP nuair a dúirt sé ina chéad léacht mar ollamh oinigh in Ollscoil na Ríona go raibh sé fánach ag aontachtaithe a bheith ag diúltú a dhul i ngleic le reifreann faoin teorainn. Tá stádas an tuaiscirt ag brath ar reifreann, de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta. Ba mhaith le Robinson na coinníollacha sin a athrú – moladh do-ghlactha ag náisiúnaithe – ach is é an chéad aontachtach sinsearach é a dúirt nach leor a rá go mbeadh an lá leo dá mbeadh reifreann ann. Thug sé údar machnaimh dá lucht éisteachta. Tubaiste a bheadh ann reifreann na teorann a reáchtáil ar an múnla céanna le reifreann na Breataine faoin Aontas Eorpach, dar leis.

Bhí aontachtaithe áirithe ar buile le Robinson agus iad ag maíomh nár cheart poiblíocht a thabhairt don bhfeachtas i bhfabhar reifrinn. D’admhaigh a thuilleadh gur gá dóibh tabhairt faoin obair.

Luíonn sé le réasún go mbeadh aon chinneadh faoi dhílseacht, dlínse agus féiniúlacht chomh casta sin go gcaithfeadh fios a bheith ag daoine cad ar a mbeidís ag vótáil. ’Sé sin go mbeadh margadh thuaidh theas, idirpháirtí déanta faoi cad a bhí á mholadh – Éire fheidearálach, nó poblacht le rialtas lárnach ó dheas, nó córas éigin eile.

Faoi shocrú feidearálach an i Stormont amháin a bheadh foras díláraithe nó an mbeadh mionrialtas i ngach cúige? An mbeadh ciall leis sin i dtír le daonra faoi bhun seacht nó fiú ocht milliún? An bhfaigheadh aontachtaithe aitheantas mar Bhriotanaigh san Éire nua? An mbeadh gach cosaint a leagadh amach i gComhaontú Aoine an Chéasta le fáil ag mionlaigh, aontachtaithe ina measc, sa réimeas nua?

Cén costas a bhainfeadh leis? Le NHS nó a mhacasamhail? An leanfadh an Ríocht Aontaithe ag cur maoiniú ar fáil agus cé chomh fada is a mhairfeadh sé sin? £10 billiún in aghaidh na bliana an buiséad reatha do Thuaisceart Éireann ó Whitehall, ach ní féidir a fháil amach go beacht cé mhéid de theacht isteach ó cháin ioncaim agus cáin bhreis luacha agus araile a fhaigheann an Bhreatain ón tuaisceart. An gcuirfeadh pobal an deiscirt fáilte roimh chostas mór an athaontaithe, gan trácht ar an mionlach míshocair a bheadh ann san Éire nua?

Fág freagra ar 'Reifreann faoi athaontú na tíre – an cheist nach féidir a sheachaint'

  • Criostóir Ó Maonaigh

    Féach ar an Eilvéis atá ina tír feidearálach le timpeall 7.5 mil, ceithre teangacha agus atá ag déanamh cuíosach maith de réir dealraimh. Bíodh tosnú as an nua againn, Éire Aontaithe le mionrialtas i ngach chúige agus príomhchathair nua i lár na tíre ar bhruach na Sionnaine. Bíodh misneach againn as glúin óg na hÉireann.

  • Croíbhriste

    Tá mé ag streachailt mo chuid mothúchán a chur i bhfocail.
    Agus mé ag fás aníos bhí a fhios agam i gcónáí cér mise agus cad é a bhí ionaim – Éireannach agus Caitliceach. Bhí mé i mo chónaí sa tuisceart agus dá bharr sin bhí cultúr na Breataine á bhrú orm de shíor, ach ba chuma, ní raibh meas agam ar a nósanna – nó iad a mheas mé a bheith acu – bhí tréithe eile againne mar Éireannaigh. Muidinne a bhí dílis don Chríostaíocht, fiú má bhí díoma orainn le drochiompar an chléir. Bhí meas againne ar an bheatha – bíodh a nginmhilltí acusan ach ná déantar iarracht é a bhrú orainne!
    Bhí ár gcultúr féin againn – ár dteanga, ár gcluichí, ár gceol, agus muid bródúil astu.

    Nach ormsa a bhí dul amú!

    Tá ginmhilleadh le tabhairt isteach sna 26 contae ar éileamh an phobail agus le tacaíocht gach pairtí polaitiúil. Tá ainm nua baistithe ar na 26 Contae – “Ireland” agus an t-ainm seo in úsáid ag an chraoltóir náisiúnta, ag an fhoireann sacair náisiúnta agus ag Teachtaí Dála. Ná daoine céanna a bhí ag céiliúradh Éirí Amach 1916 tamaillín ó shin, anois tá siad sásta an tír a roinnt ina “Ireland” agus “Northern Ireland”.
    Tá an tír roinnte ag an CLG ar mhaithe le conradh le Sky agus cúpla euro.
    Tá fear, in éadaigh ban curtha chun tosaigh mar íomha dearfach don Ghaeilge.
    Cad é atá ag tarlú?