Ré nua, an seanchur chuige céanna

Seans maith gurbh é foláireamh an phobail go mbeadh sé do-mhaite Stormont a scrios le linn na paindéime an t-aon chúis go bhfuil na hinstitiúidí fós gníomhach

Ré nua, an seanchur chuige céanna

Dhá bhliain agus an tseachtain seo athbhunaíodh Stormont. D’ainneoin taithí na ndaoine ar an iompar ar an gcnoc bhí dóchas éigin ann go mbeadh na hinstitiúidí níb fheidhmiúla ná mar ba ghnách.

Ní féidir éifeacht na paindéime Covid-19 ar an dea-rialachas i ngach áit a chur as an áireamh nuair a bhíonn Stormont á mheas.

Ní féidir ach oiread a rá gurb í is cionsiocair leis an nguagacht reatha in Stormont. Seans maith gurbh é foláireamh an phobail go mbeadh sé do-mhaite Stormont a scrios le linn na paindéime an t-aon chúis go bhfuil na hinstitiúidí fós gníomhach.

Tá an DUP ag bagairt ó Mheán Fómhair agus ag leathbhagairt faoi láthair, go n-aistarraingeofar a chuid airí as an bhFeidhmeannas i ngeall ar an bPrótacal iarBhreatimeachta. Tá Jeffrey Donaldson ag brath ar an Státrúnaí Gnóthaí Eachtracha, Liz Truss agus rialtas na Breataine chun é a fhuascailt ón tsáinn a chruthaigh sé lena bhagairt. Cé gur lig Boris Johnson síos iad cheana tá ceannaire an DUP ag maíomh go n-aontaíonn Liz Truss le seasamh an DUP in éadan an Phrótacail.

D’aontaigh an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach an Prótacal dhá mhí roimh athbhunú Stormont. Dá réir d’fhanfadh Tuaisceart Éireann i margadh aonair an AE chomh maith le margadh na Ríochta Aontaithe, an craiceann is a luach dar le roinnt. Nuair a d’fhág an Bhreatain an tAE go hoifigiúil i dtús Eanáir anuraidh tháinig fadhbanna leis an bprótacal chun solais i dtaca le seiceáil earraí ón mBreatain Mhór ag calafoirt an Tuaiscirt. Chuir an Breatimeacht nimh sa phota in Stormont agus ní taise sin don bPrótacal d’ainneoin na híocshláinte a tairgeadh dhá bhliain ó shin.

Scaoil an cháipéis Ré Nua, Cur Chuige Nua a d’eisigh Státrúnaí an Tuaiscirt, Julian Smith agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, an glas a bhí ar Stormont le trí bliana. Mí roimhe sin bhí léasadh tugtha ag na vótóirí don DUP agus do Shinn Féin in olltoghchán Westminster; bhí laghdú breis is 5% ar vóta an DUP agus titim os cionn 6.5% ar sciar Shinn Féin.

Maítear gurb í an phairilis in Stormont ba chúis le míshástacht na dtoghthóirí. Thug an comhpholasaí deis dóibh filleadh ar an bhFeidhmeannas agus ar an Tionól gan éinne a bheith cloíte, go hoscailte ar aon nós. Aitheantas ab ea Ré Nua, Cur Chuige Nua ar an ngéarghá a bhí le leasuithe bunúsacha ar chleachtais agus iompar Stormont sna deich mbliana sular thit sé as a chéile in 2017.

Go sonrach, ghlacfaí céimeanna chun a chinntiú nach bhféadfadh praiseach ar nós an róchaiteachais a tharla le scéim fuinnimh in-athnuaite an RHI tarlú arís, chuirfí deireadh leis an mí-úsáid a bhaintí as an achainí chásmhaireachta agus chuirfí i gcríoch athchóiriú an chórais sláinte. Ina dteannta sin rithfí reachtaíocht chun Stormont a chosaint ó scrios obann dá siúlfadh mórpháirtí amach agus ar ndóigh gealladh reachtaíocht chultúir is teanga a dhearbhódh cearta Gaeilge.

Is mó go mór an líon de na forálacha i Ré Nua, Cur Chuige Nua ar deineadh faillí iontu ná a cuireadh i bhfeidhm. Ní ar an dream in Stormont amháin an locht. Díol suntais ab ea an tsiléig in Westminster faoin reachtaíocht le seasmhacht Stormont a chosaint. Tá an reachtaíocht sin i dTeach na dTiarnaí anois ach thóg sé i bhfad rófhada ar an Státrúnaí Brandon Lewis í a chur faoi bhráid na bhFeisirí. Seans go mbeadh an obair déanta níos luaithe murach gur bhris Boris Johnson Julian Smith as an státrúnaíocht chomh luath géar agus a bhí Stormont athbhunaithe.

Chinntigh tarraingt na gcos in Westminster agus Whitehall nach raibh brú ar bith ar Stormont chun a gcuid féin den mhargadh a chomhlíonadh. Glacadh go fonnmhar leis an deis. D’fhill an DUP agus Sinn Féin ar an streachailt laethúil, b’annamh a chonacthas aon bhlas den chomhoibriú a gealladh eatarthu féin nó idir iadsan agus na mionpháirtithe. Ó bhí úsáid an veto – an achainí chásmhaireachta – sa Tionól níos deacra d’uireasa móramh a bheith ag aon pháirtí, baineadh siar as daoine nuair a bhain an DUP leas as veto sa bhFeidhmeannas i dtaca le srianta Covid-19.

Nuair a dhiúltaigh an DUP dul chun cinn faoin nGaeilge a cheadú bhagair Sinn Féin briseadh eile in Stormont. Tráth a raibh an DUP á sracadh féin as a chéile ní aontódh Sinn Féin le ceapadh Céad-Aire nua, Paul Givan, go dtí gur gheall an Státrúnaí Lewis go rithfí an reachtaíocht teanga in Westminster. Ní dhearna sé go fóill é agus bhagair an DUP le gairid go mbeadh ciallachais aige do ‘inbhuanaitheacht’ Stormont má ritear an reachtaíocht go luath mar atá tuartha.

D’éirigh le Brandon Lewis agus Johnson na páirtithe ar fad sa bhFeidhmeannas, rialtas na hÉireann agus grúpaí iomadúla na n-íobartach a aontú in éadan na scéime chun “líne a tharraingt faoi na Trioblóidí”. ’Sé a bplean stop a chur le fiosruithe agus cúisimh in aghaidh iarfhórsaí stáit agus paraimíleataigh, cosc a chur ar ionchoisní agus cásanna sibhialta. Sárú as éadan is ea é sin ar shocrú Stormont House ar gheall Ré Nua, Cur Chuige Nua go gcomhlíonfaí é.

Ba é bua Ré Nua, Cur Chuige Nua gur athbhunaíodh Stormont agus gur polaiteoirí logánta a bhí i gceannas i gcaitheamh na paindéime seachas a bheith i lámha Whitehall. Maidir leis an gcur chuige nua, áfach, is beag rian de a facthas agus ní haon ábhar dóchais é roinnt a bheith ag baint leas as seantéamaí seicteacha tráth a bhfuil ceist an Phrótacal agus feachtas thoghchán an Tionóil ag druidim le cnámh na huillinne.

Fág freagra ar 'Ré nua, an seanchur chuige céanna'