Raic sa Dáil nuair a dhiúltaigh an Taoiseach ceist a fhreagairt i mBéarla

D’iarr Mick Wallace ar an Taoiseach ceist faoi Uachtarán Mheiriceá agus an chogaíocht ladrann (drone warfare) a fhreagairt i mBéarla.

 

Screen Shot 2015-03-11 at 13.08.39

Dhiúltaigh an Taoiseach Enda Kenny ceist a fhreagairt i mBéarla sa Dáil ar maidin.

Is é inniu ‘Lá na Gaeilge’ i dTithe an Oireachtais agus reáchtáladh Ceisteanna na gCeannairí i nGaeilge don chuid is mó.

D’iarr an Teachta Dála neamhspleách Mick Wallace ar an Taoiseach ceist faoi Uachtarán Mheiriceá agus an chogaíocht ladrann (drone warfare) a fhreagairt i mBéarla, rud a dhiúltaigh an Taoiseach a dhéanamh.

Dúirt an Taoiseach leis an dTeachta Dála neamhspleách leas a bhaint as an gcóras aistriúcháin, ach thug Wallace le fios nach raibh teacht aige ar a leithéid san áit ina raibh sé ina shuí agus ghabh sé leithscéal as gan a bheith ábalta Gaeilge a labhairt.

Mhol an Taoiseach dó bogadh go dtí suíochán eile ag a mbeadh teacht aige ar an gcóras aistriúcháin agus mhínigh sé dó an stair a bhain leis an gcóras céanna.

D’iompaigh an Taoiseach ar an mBéarla ansin agus dúirt sé, “Put on your translation service, this is our national language, and this is ‘Lá na Gaeilge’, a deireann siad liom”.

Mar fhreagra ar ráiteas an Taoisigh go raibh sé ag iarraidh an ‘teanga náisiúnta’ a labhairt, dúirt Wallace faoina anáil, “Why don’t you speak German so!”.

Bhí raic ansin ar feadh tamaill fad is a bhí an Teachta Dála neamspleách ag iarraidh an córas aistriúcháin comhuaineach sa Dáil a chur ag obair dó féin.

Fad is a bhí Wallace ag iarraidh an córas a chur i bhfearas bhí paiste seoigh ag Teachtaí Dála eile faoin scéal.

D’fhreagair an Taoiseach an cheist i nGaeilge sa deireadh agus dúirt Wallace leis, “Taoiseach, you can’t hide behind Irish”. Cháin sé go láidir clár ladrainn Mheiriceá arís agus d’impigh sé ar an Taoiseach an cheist a phlé leis an Uachtarán Obama ag an gcruinniú a bheidh aige leis an tseachtain seo chugainn.

Dúirt an Taoiseach nach mbeadh deis aige gach a luaigh Wallace a phlé Obama ach go labharfadh sé leis an Uachtarán faoi ‘chearta daonna’.

Dúirt sé chomh maith go mbeadh sé ag plé le Obama ceist na nÉireannach atá ag cur fúthu go mídhleathach i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Nuair a tháinig deireadh le Ceisteanna na gCeannairí dúirt an Teachta Dála ó Fhianna Fáil Seán Ó Fearghaíl go raibh ‘ceannaireacht’ maidir leis an dteanga léirithe ag an Taoiseach sa bhabhta trasnáile le Wallace, ach dúirt sé gur trua nach raibh mórán faoin nGaeilge sa tuarascáil ar dhul chun cinn Chlár an Rialtais a foilsíodh inné.

Fág freagra ar 'Raic sa Dáil nuair a dhiúltaigh an Taoiseach ceist a fhreagairt i mBéarla'

  • Fearn

    maith an fear, a bhailís, seasfaidh tú ceart lucht an bhéarla

  • Iasan Ó Riabhaigh

    Fimíneach is ea an Taoiseach Éanna Ó Cionnaoith-“…..ár dteanga náisiúnta” a deireann sé,agus é fhéin agus a chuid comhaltaí san rialtas ag iarraidh ár dteanga a mharú,gan tacú ar bith ar son na Gaeilge.
    Tá Gaeilge linn go brách,níl ach lá amháin.

  • Tuigim

    Is fuath liom na geoin agis is maith an cheist í ACH Ardmheas ar a rinne an Taiiseach agus meas caillte agam ar Wallace anseo.
    Más duine ag obair i rialtas na hÉireann thú, ba chóir go mbeadh Gaeilge in úsáid agat gach lá.
    Ná maraigh daoine le geoin (ladrainn mar ar éirigh leis na
    leads a chur san bhfoclóir) is ná maraigh ár dteanga.
    Wallace as bealach leis an masla.
    Geoin = Ladrainn domsa.

  • Seán Ó Riain

    Bhí an ceart ag Taoiseach seasamh leis an nGaeilge agus ba cheart go gcaithfeadh Mick Wallace na cluaisíní mura bhfuil Gaeilge aige. Cháin Aodhán Ó Ríordáin agus Dara Calleary an Taoiseach ar an teilifís anois – bhí dul amú ar an mbeirt acu. Ba chóir dóibh seasamh leis an nGaeilge.