Radharc den chéad uair ar cad a tharlaíonn laistigh de bhéal an duine agus é ag labhairt Gaeilge na hAlban

Tá taifeadadh ultrafhuaime déanta de dhaoine ag labhairt Gaeilge na hAlban chun léiriú a thabhairt ar an tslí a bhogann an teanga chun fuaimeanna a dhéanamh

Radharc den chéad uair ar cad a tharlaíonn laistigh de bhéal an duine agus é ag labhairt Gaeilge na hAlban

Tá taifeadadh ultrafhuaime déanta de dhaoine ag labhairt Gaeilge na hAlban chun léiriú a thabhairt ar an tslí a bhogann an teanga chun fuaimeanna na Gàidhlig a dhéanamh.

Tá físeáin inár féidir éisteacht leis an taifeadadh ultrafhuaime curtha amach ar shuíomh nua, Teangannan na Gàidhlig.

Deir lucht an taighde go gcabhródh an taifeadadh le daoine Gaeilge na hAlban a fhoghlaim. Iarradh ar na daoine a ghlac páirt sa taifeadadh labhairt i mBéarla chomh maith agus deirtear go dtabharfaidh an taighde léargas nua do dhaoine ar an tslí a fheidhmíonn an dátheangachas.

Grúpa ó Ollscoil Lancaster a rinne na físeáin de theangacha daoine agus iad ag labhairt Gaeilge na hAlban. Baineadh leas ina dhiaidh sin as an ultrafhuaim chun íomhá chliathánach den teanga a fháil agus an duine i lár a chuid cainte.

Deirtear gurb é seo an chéad uair go bhfuil fáil go poiblí ar thaifeadadh dá leithéid.

Tá leaganacha lánluais agus leaganacha moillithe de na físeáin ultrafhuaime curtha ar fáil chun léargas a thabhairt ar conas mar a fhuaimnítear leis an teanga fuaimeanna ‘l’, ‘n’ agus ‘r’ Ghaeilge na hAlban.

Tá fuaimeanna ‘l’, ‘n’ agus ‘r’ Ghaeilge na hAlban cuibheasach neamhghnách i gcomparáid le teangacha eile. Tá trí bhealach éagsúil i nGaeilge na hAlban le gach ceann de ‘l’, ‘n’ agus ‘r’ a fhuaimniú.

An Dr Claire Nance agus Dr Sam Kirkham ó Ollscoil Lancaster a bhí i gceannas ar an taighde agus ba iad an Dr Di Wang ón ollscoil chéanna agus an Dr Eleanor Lawson ó Ollscoil Queen Margaret a rinne na físeáin.

Deir an Dr Claire Nance gur thug na físeáin “radharc an-spéisiúil go deo dúinn ar an taobh istigh de bhéal an duine agus é ag caint”.

Dúirt sí go raibh sé thar a bheith “tábhachtach” do chur chun cinn fhoghlaim na teanga go dtuigfí na gnéithe éagsúla de labhairt agus d’fhoghraíocht Ghaeilge na hAlban.

Fág freagra ar 'Radharc den chéad uair ar cad a tharlaíonn laistigh de bhéal an duine agus é ag labhairt Gaeilge na hAlban'