Rabhadh faoi ‘Éire aontaithe’ i leabhar nua ó bhreitheamh ard-chúirte

Déantar mionscagadh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta agus ar Bhunreacht na hÉireann i leabhar nua leis an mBreitheamh Richard Humphreys

Rabhadh faoi ‘Éire aontaithe’ i leabhar nua ó bhreitheamh ard-chúirte

Beyond the Border: The Good Friday Agreement and Irish Unity after Brexit, le Richard Humphreys (BÁC: Merrion Press, 2018)

Ceaptar go forleathan in Éirinn gur chóir Comhaontú Aoine an Chéasta a cheiliúradh. Rinne an conradh idirnáisiúnta seo an t-oileán go léir a shlánú ón bhforéigean seicteach agus an choimhlint ghéar idir an náisiúnachas agus an t-aontachtachas. Bunchloch i dtaidhleoireacht Rialtas na hÉireann is ea é le fiche bliain anuas.

Níl Richard Humphreys sásta leis an tráchtaireacht shoineanta sin, áfach. Breitheamh de chuid na hArd-Chúirte is ea é, agus seo leabhar neamhghnách uaidh. Sa chás McGimpsey & McGimpsey v Ireland [1990], mhaígh an Chúirt Uachtarach gur “riachtanas bunreachtúil” ab ea an tionscnamh chun an t-oileán a aontú. Dearbhú borb ab ea é seo, dearbhú a bhí bunaithe ar an dtéarma Wiedervereinigungsgebot i nGrundgesetz Iarthar na Gearmáine ó 1949, agus ní raibh an chúirt againne toilteanach an ráiteas conspóideach sin a mhíniú do mhuintir na hÉireann ná do na deartháireacha McGimpsey.

Déanann an Breitheamh Humphreys iarracht coincheap na haontachta a scagadh go foighneach sa leabhar seo aige. Déanann sé mionscagadh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta agus ar Bhunreacht na hÉireann, agus tugann sé rabhadh tábhachtach don dá stát ar an oileán. Faoin gcomhaontú, ní gá ach móramh glan i dTuaisceart Éireann chun tús a chur le próiseas na haontachta, agus ní foláir móramh glan eile a bheith sa Phoblacht chun aontú na tíre a chur i gcrích.

“Thus the 50 per cent + 1 rule is also the legal test for a united Ireland (subject to similar simple majority consent of those present and validly voting in a poll in the South,” a deir Humphreys. Is ceart idirdhealú a dhéanamh, dar leis, idir móramh glan agus móramh na n-aontachtach: ‘There is no principle of unionist consent.’

Ní luaitear móramh aontachtach ar chor ar bith sna cáipéisí dlíthiúla is tábhachtaí ó thaobh Uladh de ó Dhearbhú Shráid Downing i 1993 ar aghaidh. Cruthaíodh an stát ó thuaidh trí thoil an mhóraimh ann i 1920, agus is féidir an stát sin a chur ar cheal ach toil móramh áitiúil a bheith ann chuige i gceann de na pobalbhreitheanna a luaitear sa chomhaontú féin.

Ba chóir go gcuirfeadh na forálacha seo sa chomhaontú imní ar Rialtas na hÉireann agus ar mhuintir na hÉireann go léir. An bhfuil a fhios ag éinne céard a bheadh in ndán dúinn dá mbuafadh náisiúnaithe Uladh pobalbhreith den chineál sin le cúpla céad vóta, nó fiú le vóta amháin? Cuirfidh rabhadh an bhreithimh leabhar tábhachtach Philippe Sands QC, East West Street: On the Origins of Genocide and Crimes Against Humanity (Weidenfeld & Nicolson, 2016), i gcuimhne do lucht léite an leabhair seo.

Déantar cur síos i leabhar Sands ar thionchar beirt dlíodóirí ón Úcráin, Hersh Lauterpacht agus Rapheal Lemkin, ar fhorbairt an dlí idirnáisiúnta tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Cuireann Sands béim ar thorthaí scanrúla na bpobalbhreitheanna áitiúla i stair dhearóil na hÚcráine.

Aistríodh an chathair Lviv ó údarás amháin go húdarás eile ar ocht n-ócáid idir 1918 agus 1945, agus chuir sin go mór leis an naimhdeas polaitiúil a scrios an tír beagnach faoi dheireadh na tréimhse sin. Ábhar imní don fhealsúnaí Bertrand Russell freisin ab ea an córas polaitiúil a thugann cumhacht ollmhór don mhóramh beag.

Ina dhírbheathaisnéis Portraits from Memory (1956), scríobh sé mar gheall ar thigh amháin in Petrograd le linn ré Kerensky ar thug muintir an tí náisiún neamhspleách air “and appealed to President Wilson to give it a separate Parliament. This, however, was felt to be going too far”.

Cén fáth nach bhfuil na ceachtanna seo foghlamtha againn fós? Faoi dheireadh leabhar an Bhreithimh Humphreys, is léir gur chóir an comhaontú agus Bunreacht na hÉireann a athchóiriú chun tubaiste náisiúnta a sheachaint, is é sin aontú urchóideach an oileáin a bhaint amach trí mhóramh níos lú ná móramh an Bhreatimeachta.                

Fág freagra ar 'Rabhadh faoi ‘Éire aontaithe’ i leabhar nua ó bhreitheamh ard-chúirte'

  • Críostóir Ó Faoláin

    Ní leor é 50% + 1 chun athaontú na tíre a bhaint amach? Tá dul amú ort, ach más é sin do chás, cathfaidh nach leor é 50% – 1 chun na sé chontae a coimeád sa Ríocht Aontaithe? Nó an é go mbeidh an slat tomhais chun na sé chontae a choimeád sa Ríocht Aontaithe difriúil ón slat tomhais chun na sé chontae a thabhairt isteach in Éire Aontaithe? Cad a tharlaíonn má bhíonn mórámh beag ar thaobh na haontachtaithe, más gá dúinn cumhacht ollmhór an mhóramh beag a sheachaint? Nach tubaiste náisiúnta a bheadh ann má fágtar na sé chontae sa Ríocht Aontaithe trí mhóramh níos lú ná móramh an Bhreatimeachta, nó gan móramh ar bith?
    Más rud é go bhfuil sé scanrúil toil an mhóraimh a chur i gníomh, is scanrúla fós toil an mhóraimh a chur ó mhaith.

  • Eoin Ó Murchú

    Má tá difríochtaí agam le Críostóir faoi nithe eile, aontaím leis céad faoin gcead maidir leis an scéal seo. Más leór 50% + 1 le hÉirinn a dheighilt, is leór é freisin le hÉirinn a athaontú.

  • Cuairteoir

    Scéall Chailleach an Uafáis atá anseo, is cosúil. Seans gur sin teachtaireacht an leabhair ach tá neart tráchtairí & gnáthdhaoine ann anois ar léir dóibh an chiall a bhaineann le hÉirinn aontaithe, & iad ag méadú i gcónaí.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Ceist suimiúil atá ann ar aon nós.