Putin ag iarraidh tíortha na hEorpa a dheighilt óna chéile faoi chás na hÚcráine agus na Meiriceánaigh ag seasamh siar

Mura dtagann aon rud aniar aduaidh ar chúrsaí, ní bheidh aon sos cogadh go luath agus leanfaidh na Rúisigh ar aghaidh leis an ionradh

Putin ag iarraidh tíortha na hEorpa a dheighilt óna chéile faoi chás na hÚcráine agus na Meiriceánaigh ag seasamh siar

Tá éiginnteacht á cruthú ag an rialtas nua sna Stáit Aontaithe i measc na bpáirtithe sa chogadh san Úcráin faoi cé chomh dáiríre agus atá siad faoi stop a chur leis an troid. Gan amhras bhí a gcur chuige go dtí seo bunaithe ar an mbrú is mó a chur ar na hÚcránaigh agus géilleadh d’éilimh na Rúise a oiread ab fhéidir leo.

Bhí na comharthaí go léir ann ag tús ré an rialtais nua go mbeadh athrú ar an gcúnamh míleata agus polaitíochta a thabharfaí don Úcráin. D’fhógair siad ar dtús nach gcuirfeadh siad cúnamh míleata breise ar fáil seachas an cúnamh a bhí geallta ag an seanrialtas.

D’fhógair siad nach nglacfadh siad leis an Úcráin a bheith ina ballstát de NATO agus ina theannta sin dúirt siad nach bhfaigheadh sí barántas slándála tar éis sos cogaidh. Fiú choinnigh siad siar faisnéis mhíleata ar feadh cúpla lá.

Nochtadh an cur chuige go soiléir don domhan mór nuair a tugadh íde béil d’Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy sa Teach Bán ag deireadh mhí Feabhra.

Bhí na cinntí agus na gníomhartha seo dírithe ar bhrú a chur ar na hÚcránaigh agus, ag an am céanna, bhí siad ag teacht le héilimh na Rúise ionas go mbeadh na Meiriceánaigh in ann na Rúisigh a mhealladh le glacadh le sos cogaidh.

Ach tá comharthaí ann le déanaí go bhfuil siad ag tarraingt siar ar an méid brú atá á chur acu ar na hÚcránaigh. Tá arm agus armlón fós ar fáil do na hÚcránaigh agus thug siad cead do na Gearmánaigh diúracáin fhrith-aerárthaí, a fuair siadsan ó na Meiriceánaigh, a sholáthar dóibh.

Ghlac siad le conradh nua chun páirteanna breise le haghaidh an scairdtrodaire F-16 a chur ar fáil dóibh. Anuas air seo tá siad tar éis eitiltí taiscéalaíochta a thosú arís thar an Muir Dhubh.

Cainteanna

Roinnt seachtainí ó shin, d’fhógair an Státrúnaí Marco Rubio go n-éireodh an Meiriceánaigh as a n-iarrachtaí leis na Rúisigh mura léireofaí dul chun cinn sna cainteanna. I bhfianaise an phlé a bhí ag Donald Trump agus Vladimir Putin Dé Luain seo caite, tá an chuma ar chúrsaí anois go bhfuil na Meiriceánaigh chun éirí as a n-iarrachtaí a bheag nó a mhór.

Ag tús an ionraidh, bhí ionadh ar na Rúisigh gur tháinig tíortha an iarthair le chéile chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin. Cé gur thóg sé roinnt ama chun é a chur i gcrích go héifeachtach, tháinig an cúnamh a bhí de dhíth ar na hÚcránaigh beagán ar bheagán.

Mar gheall air seo bhí aidhm nua ag na Rúisigh comhghuaillíocht an iarthair a bhriseadh suas ionas go mbeadh siad in ann leanúint lena n-ionradh. Agus na Meiriceánaigh ag tarraingt siar, tá an chuma air go bhfuil cuid den aidhm sin bainte amach acu anois.

Leanfaidh siad ar aghaidh lena n-iarrachtaí tíortha na hEorpa a scaradh óna chéile agus an chomhghuaillíocht a bhriseadh suas go hiomlán.

Mar aon lena n-aidhmeanna polaitíochta agus taidhleoireachta tá na Rúisigh ag leanúint ar aghaidh lena n-aidhm mhíleata.

Feachtas samhraidh

Agus dróin á n-úsáid sna láithreacha cogaidh éagsúla bhí sé thar a bheith deacair ag an dá thaobh bogadh laistigh de limistéar cúig chiliméadar déag ón líne choimhlinte.

D’oir sé seo do na hÚcránaigh mar, cé nach raibh orthusan ach an fód a sheasamh, bhí ar na Rúisigh bogadh chun dul chun cinn a dhéanamh ar an talamh arís.

Tá comharthaí ann le mí anuas go bhfuil na deacrachtaí a bhaineann le dróin na nÚcránach á sárú ag na Rúisigh ag leibhéal áirithe agus go bhfuil siad ag déanamh dul chun cinn beagán ar bheagán arís ar an talamh.

Anuas air seo, tá siad tar éis ginearál nua a cheapadh mar cheannasaí ar fhórsaí talún na Rúise le déanaí, ginearál a dúirt, nuair a cuireadh faoi agallamh é níos luaithe sa chogadh, nach raibh san ionradh ar an Úcráin ach an chéad chéim de chogadh níos leithne. De réir tuairiscí ón líne choimhlinte, tá feachtas ionsaithe samhraidh seolta ag na Rúisigh, go háirithe sa Donbas, agus tá na hÚcránaigh ag glacadh leis go seolfar feachtais nua sna láithreacha cogaidh eile.

Cé nach bhfuil na hÚcránaigh ag súil le cúnamh breise ó na Meiriceánaigh, mura gcuirfidh an rialtas stop leis, beidh siad ag fáil arm agus armlón ó chomhlachtaí Meiriceánacha go dtí 2028 mar gheall ar chonarthaí a síníodh níos luaithe sa chogadh. Amhail mar a rinne siad le dhá bhliain anuas, beidh siad in ann moill a chur ar dhul chun cinn na Rúiseach ach níl aon fhianaise ann go mbeidh siad in ann é a stopadh.

Tá sé soiléir anois nach bhfuil fonn ar bith ar na Meiriceánaigh brú a chur ar na Rúisigh glacadh le sos cogaidh agus mar gheall air sin fágfar faoi thíortha na hEorpa an brú sin a chur orthu. D’fhógair na hEorpaigh cúpla seachtain ó shin go raibh siad chun idirghabháil a dhéanamh ar longa de chuid scáthchabhlach na Rúise ach níl an cinneadh sin curtha i gcrích go fóill. Mhaígh siad go raibh siad chun smachtbhannaí breise a chur i bhfeidhm ach d’éirigh siad as sin chomh maith.

Fiú má éiríonn leo an beart a dhéanamh de réir a mbriathra is deacair a shamhlú go mbeidh tionchar suntasach aige seo ar sheasamh na Rúiseach agus na Meiriceánaigh tarraingthe siar ón bplé.

Mura dtagann aon rud aniar aduaidh ar chúrsaí, ní bheidh aon sos cogadh go luath agus leanfaidh na Rúisigh ar aghaidh leis an ionradh agus cuirfidh siad leis na hionsaithe ón aer.

Fág freagra ar 'Putin ag iarraidh tíortha na hEorpa a dheighilt óna chéile faoi chás na hÚcráine agus na Meiriceánaigh ag seasamh siar'

  • sderóiste

    Nach mbeadh sé ciallmhar mar sin – agus na ú ag déanamh dul chun cinn beag ach go rialta – go lorgófaí réiteach ar an gcogadh le stop a chur leis an doirteadh fola.
    Ni féidir leis an Úcráin buachan, ach is féidir tuilleadh a chailliúint.
    Ach in ionad bheith ag iarraidh réiteach a aimsiú a chuirfidh deire leis an gcogadh tá plolaiteoiri na hEorpa ag iarraidh go leanfái leis – agus iriseoirí freisin nach n-íocfaidh an praghas lena gcuid fola féin.