CEARLANN
Ceardlanna ceol leictreonach do dhéagóirí
Tá sraith ceardlann ar an gceol leictreonach á reáchtáil ag na ceithre oifigeach pleanála teanga timpeall ar chathair na Gaillimhe do dhéagóirí. Is iad na hoifigí atá á n-eagrú ná oifig An Bruach Thoir, Gaeltacht an Eachréidh, Gaeilge Mhaigh Cuilinn agus Bearna – Cnoc na Cathrach (Gaeilge ABC).
Beidh na hoifigí ag obair leis an meitheal ealaíontóirí agus ceoltóirí Gliogar leis na ceardlanna a chur ar fáil agus beidh na ceardlanna á reáchtáil trí Ghaeilge. Dhá lá a bheidh i gceist in Áras na nGael ar Shráid Dhoiminic i nGaillimh. Níl aon táille ar na ceardlanna ach tá an spás teoranta agus caithfear clárú roimh ré. Is féidir clárú ag an nasc seo.
OIDHREACHT
Club leabhar speisialta ag Gaeilge Locha Riach
Beidh Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta ag tosú amárach, 16 Lúnasa agus ag dul ar aghaidh go dtí 24 Lúnasa agus lear mór imeachtaí beartaithe ar fud na tíre mar chuid den cheiliúradh. Seo rogha as na h-imeachtaí a bheidh ar bun trí Ghaeilge.
Mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta beidh Gaeilge Locha Riach ag reáchtáil eagrán speisialta den chlub leabhar agus iad ag díriú ar an leabhar Fiche le Colm Ó Ceallacháin.
Titeann imeachtaí an úrscéil amach i samhradh na bliana 1969, tugtar triúr ógánach le chéile ar thránna iarthar Chorcaí, triúr a n-athraítear a saol ó bhonn nuair a thagann an ceathrú duine ina measc, garmhac an Ghinearáil. Deich mbliana níos deireanaí a thagann deireadh leis an scéal, agus an Ginearál ar leaba a bháis. Scéal grá agus tragóid é seo atá suite i saol atá comhthreomhar, ach nach bhfuil ródhifriúil, le saol ár linne féin.
Beidh an club leabhar ag teacht le chéile ar an Déardaoin, 21 Lúnasa ag a 8 i.n. in Oifig Gaeilge Locha Riach. Tuilleadh eolais anseo.
Ceardlann tógála báid bheaga i gCill Dara á heagrú ag Cill Dara le Gaeilge
Beidh ceardlann tógála báid bheaga á heagrú ag Cill Dara le Gaeilge i gCuan Nás na Ríogh. Is imeacht praiticiúil agus cruthaitheach é seo ina mbeidh báid bheaga, nó mionbháid, á ndéanamh as ábhar athchúrsáilte. Is í an aidhm atá ag an gceardlann ná feasacht comhshaoil a spreagadh, obair foirne agus an tsamhlaíocht. I ndiaidh na ceardlainne reáchtálfar rás spraíúil ina gcuirfear na mionbháid a tógadh ag rásaíocht ina aghaidh a chéile.
Chomh maith leis an ngníomhaíocht sin beidh cainteanna ar siúl ina ndéanfar iniúchadh ar stair bháid na Canála Móire agus an ról a bhí acu sa gceantar áitiúil. Táthar ag súil go dtabharfaidh na cainteanna deis do dhaoine níos mó a fhoghlaim faoi oidhreacht chultúrtha agus thionsclaíoch an Náis.
Tuilleadh eolais agus clárú ag an nasc seo.
Turas Bhrú na Bóinne as Gaeilge
Beidh turas treoraithe ar Bhrú na Bóinne – Cnóbha agus Sí an Bhrú á reáchtáil as Gaeilge ar an Domhnach, 17 Lúnasa ag a 2 i.n. Cuirfear tús leis an turas in Ionad Oidhreachta Bhrú na Bóinne. Níl aon táille air, ach tá líon an-teoranta ticéad ar fáil agus caithfear clárú roimh ré.
Turas oidhreachta ar chalafort Dhún Laoghaire
Beidh turas oidhreachta dátheangach ar chalafort Dhún Laoghaire á reáchtáil do theaghlaigh mar chuid d’imeachtaí na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta. Tá an turas á reáchtáil ag an gcomhlacht Moontour agus gabhfar amach ag cadhcáil thimpeall ar Dhún Laoghaire ag foghlaim faoi stair an bhaile agus an nasc leis an bhfarraige. Tabharfar cuairt freisin ar na hainmhithe atá ina gcónaí thart ar an gcalafort agus tabharfar roinnt eolais faoin dúlra sa gceantar. Beidh an turas á threorú trí Ghaeilge agus trí Bhéarla. Cuirfear cultacha fliucha agus seaicéid tharrthála ar fáil. Táille €16.50 an duine atá ar an turas agus caithfear clárú roimh ré. Tuilleadh eolais anseo.
FÉILTE
Puball na Gaeilge ag Féile Thrá Lí
Beidh cúig lá d’imeachtaí Gaeilge á reáchtáil i bPuball na Gaeilge ag Féile Thrá Lí, ag tosú inniu, Dé hAoine 15 Lúnasa. Tá an puball socraithe ag Páirc an Phiarsaigh ar Shráid Deiní i dTrá Lí i rith an fhéile. Beidh Lón le Gaeilge á reáchtáil inniu ag 12:30 i.n. agus cuirfear céilí ar bun san ardtráthnóna le Christy Mac Gearailt ag tosú ag 2:30 i.n. Cuirfear margadh na féile ar bun maidin Dé Sathairn, agus do na páistí, beidh ospidéal na dteidithe ar bun agus picnic na dteidithe. Beidh seó draíochta ar bun san ardtráthnóna ag tosú ag a 3 i.n. Tá neart imeachtaí eile leagtha amach don fhéile agus gach eolas le fáil anseo.
Fág freagra ar 'Puball na Gaeilge ag Féile Thrá Lí, Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta, Ceardlanna ceol leictreonach le Gliogar'