An phríomhchonstaic roimh shíocháin san Úcráin ná go bhfuil sé do-dhéanta go polaitiúil ag Vladimir Putin deireadh a chur leis an gcogadh.
Tá dhá chúis leis seo.
An chéad chúis ná nach bhfuil go leor bainte amach ag Putin chun ‘bua’ a fhógairt. Tá costas ollmhór airgeadais, daonna agus polaitiúil íoctha ag an Rúis ach níl aon chuid dá n-aidhmeanna cogaidh bainte amach.
An dara cúis ná go bhfillfidh 700,000 saighdiúir ar gheilleagar nach mbeidh ábalta an saol a shíleann siad atá dlite dóibh a sholáthar dóibh tar éis a n-íobairtí don mháthairthír. Ní hamháin go mbeidh na fadhbanna eacnamaíochta agus sóisialta céanna ann is a bhí cheana ach beidh siad níos measa mar gheall ar an sciar ollmhór de mhaoin na tíre ata curtha amú ar an gcogadh. Beidh fadhbanna meabhairshláinte ag leor de na saighdiúirí seo.
Ní scéal maith é sin do cheannaire ar bith, fiú ceannaire uathlathach ar nós Putin.
Níl a lán gur féidir a dhéanamh mar gheall ar na fadhbanna eacnamaíochta. Maolóidh deireadh le smachtbhannaí na fadhbanna sin go pointe ach ní chuirfidh siad stop le meath fadtéarmach gheilleagar na Rúise.
Mar sin tá sé riachtanach go polaitiúil do Putin go bhféadfadh sé rud éigin a n-amharcfar air san Rúis mar ‘bua’ a fhógairt.
Tá rialtas Trump ag iarraidh an ‘bua’ seo a thabhairt do Putin trí iachall a chur ar an Úcráin an chuid eile den Donbas a ghéilleadh don Rúis. Ach tá an Úcráin ag cur cos i dtaca faoi seo. Is crios cosanta fíorthábhachtach an chuid den Donbas atá fós i seilbh na hÚcráine.
Tá saghas paradacsa anseo.
Bheadh sé fíordheacair ar an Rúis an chuid eile den Donbas a ghabháil ar pháirc an chatha. Má ghabhann siad é – nó má ghéilltear dóibh é – beidh sé i bhfad níos éasca ag an Rúis cuid mhór eile den Úcráin a ghabháil. Ach mura ngabhann siad é, nó mura dtugtar dóibh é, ní bheidh go leor bainte amach ag Putin chun deireadh a chur leis an gcogadh.
An bhfuil aon bhealach amach as an tsáinn seo? B’fhéidir go bhfuil. D’fhéadfaí rud eile a ghéilleadh don Rúis – rud atá curtha as an áireamh ag an Úcráin, agus ag a gcomhghuaillithe – agus sé sin aitheantas de jure a thabhairt d’fhlaitheas na Rúise ar na críocha gafa.
Is beag seans go mbeidh na tailte seo ag filleadh ar an Úcráin cuma aitheantas de jure nó de facto. Ní dhéanfadh aitheantas de jure nó de facto difríocht ar bith don chaolseans atá ag an Úcráin iad a fháil ar ais amach anseo.
Ní fhillfidh na tailte sin ar an Úcráin mura mbíonn géarchéim pholaitiúil agus eacnamaíochta inmheánach ollmhór sa Rúis, agus má tharlaíonn a leithéid de ghéarchéim, ní dhéanfaidh stádas de jure mórán difríochta do chumas na hÚcráine iad a thógáil ar ais nó brú a chur ar an Rúis iad a thabhairt ar láimh.
Toisc go bhfuil diúltaithe glan ag an Úcráin agus ag an Iarthar d’aon mholadh mar sin go dtí seo, bheadh a leithéid crua ó thaobh na polaitíochta, go háirithe san Úcráin, ach chabhródh sé sin le Putin ‘bua’ a fhógairt.
Bheadh buntáistí praiticiúla don Úcráin teorainn chinnte nua a bheith aici leis an Rúis agus gan ‘coimhlint reoite’ a bheith ag cothú éiginnteachta in oirthear na tíre.
Bheadh sé níos éasca infheistíocht eachtrannach a mhealladh.
Bheadh sé níos éasca dul isteach san Aontas Eorpach gan stádas éiginnte a bheith ag críocha in oirthear na tíre. Le teorainn idirnáisiúnta nua dhaingean bheadh sé soiléir cé a bheadh freagrach as aon chogadh a thosú in athuair.
Bheadh sé níos deacra go polaitiúil dá réir don Rúis an Úcráin a ionsaí arís, go háirithe dá bhféadfaí an tSín a tharraingt isteach sa scéal mar chomhráthóir ar an teorainn nua.
Chaithfeadh sé a bheith mar chuid den socrú go mbeadh cead ag aon áitritheoirí ar an dá thaobh den teorainn nua bogadh go dtí an taobh eile, agus go mbeadh príosúnaigh pholaitiúla ó na críocha gafa atá i ngéibheann ag an Rúis san áireamh ansin.
Argóint mhór a dhéantar i gcoinne aitheantas de jure do na críocha gafa ná gur fasach dainséarach é a chuirfeadh le nósmhaireacht dhaingean nach n-athraítear teorainneacha leis an lámh láidir.
Bhíos fhéin den tuairim seo go dtí le déanaí.
Ach táim tagtha ar an tuairim anois go bhfuil an cath sin caillte, agus go bhfuil deireadh leis an tréimhse eisceachtúil stairiúil inar fás mé féin aníos. Táimid ag filleadh ar ord domhanda atá níos tipiciúla ó thaobh na staire, ord ina dtógfaidh na cumhachtaí móra a bhfuil uathu, leis an lámh láidir más gá, má shíleann siad gur fiú an tairbhe an trioblóid.
Níl le déanamh ag tíortha eile ach teacht le chéile ar an mbonn nach neart go cur le chéile nó ‘gráinneoga’ a dhéanamh díobh fhéin – sé sin fórsaí míleata chomh maith a bheith acu go mbeartóidh cumhachtaí níos mó nach fiú an tairbhe an trioblóid iad a ionsaí, fiú dá bhféadfaí bua a fháil orthu i ndeireadh na dála.
Mar sin is é an rud is riachtanaí don Úcráin ná an díspreagadh is mó is féidir a thabhairt don Rúis chun í a ionsaí arís.
An bhfuilim ag maíomh go cinnte gur leor aitheantas de jure do na críocha gafa chun Vladamir Putin a shásamh? Nílim.
Is cuma cad a tharlaíonn anois beidh dúshlán mór polaitiúil roimh Vladamir Putin a chur ina luí ar mhuintir na Rúise amach anseo gurbh fhiú na híobairtí ollmhóra a deineadh.
Níl á rá agam ach seo a leanas.
Bheadh sé níos fearr don Úcráin go mbeadh aitheantas de jure ag na críocha atá ag an Rúis anois ná go mbeadh an chuid eile den Donbas faoi smacht na Rúise. Agus más é sin an praghas chun deireadh a chur leis an gcogadh agus flaitheas agus neamhspleáchas na hÚcráine a bhuanú, is praghas é is fiú a íoc.
Agus Sin Sin
Mo náire thú as an bpíosa áiféiseach seo atá scríofa agat! Géilleadh iomlán atá ann. Samhlaigh dá ngéillfeadh muintir na hÉireann do Shasana an chéad seo caite, bheadh an t-alt céanna á scríobh agat do nuachtán i mBéarla is muid ag tabhairt ómóis do Ríthe Shasana.
Pádraig
Níl eacnamaíocht na Rúise i gcruachás ar bith mar nach bhfuil éifeacht ar bith leis na smachtbhannaí.
Is acmhainn do Putin an cogadh seo a shíneadh amach go ceann i bhfad eile gan stró, mar
tá carn mór airgid aige, raidhse mhór.
Ceannaíonn an tSín, an Ind agus roinnt tíortha san Eoraip féin a gcuid íle agus gáis ón Rúis i gcónaí.
Ní hamháin sin ach is ó Éirinn (agus ó Shasana) a thagann roinnt de na páirteanna dróin a úsáideann arm na Rúise chun muintir dhearóil na hÚcráine a ídiú, clanna na muintire féin atá faoi dhídean an Stáit seo.
Ní híoróin go dtí é!
Fairis sin tá an tSín (i nganfhios), an Chóiré Thuaidh agus an Iaráin i bpáirt le Putin sa sléacht.
Armlón, saighdiúirí, trealamh, treoir agus faisnéis mhíleata á riar go fairsing air.
Sin é an chiall nach mbíonn ar siúl acu sna cainteanna ‘síochána’ úd ach galamaisíocht agus cur i gcéill.
Tá an cluiche fada á imirt ag Putin d’fhonn is an Úcráin agus an Eoraip a spíonadh agus a sniogadh.
Ceapann sé go n-éireoidh leis.
Tá a fhios go maith aige go bhfuil Trump socair ina phóca aige, a bhuí do na ‘físeáin ghnéis’ sin a rinne brathadóirí an KGB de, anallód, i Moscó agus i St Petersburg.
Rud a fhágann nach aon chríoch obann, anabaí ná luath a thiocfaidh ar an ár seo.
Agus an Eoraip i ladhar an chasúir, ina haonar.