Post an Phríomhfheidhmeannaigh i bhForas na Gaeilge fógartha

Tiocfaidh deireadh le conradh cúig bliana Shéain Uí Choinn, ceannasaí na heagraíochta teanga trasteorann, ag deireadh na bliana

Post an Phríomhfheidhmeannaigh i bhForas na Gaeilge fógartha

Tá post an Phríomhfheidhmeannaigh i bhForas na Gaeilge fógartha.

€131,650 an tuarastal atá luaite leis an bhfolúntas atá fógartha toisc deireadh a bheith ag teacht le conradh cúig bliana Shéain Uí Choinn, ceannasaí na heagraíochta teanga trasteorann.

Ag deireadh na bliana seo a thiocfaidh deireadh le conradh Uí Choinn ar féidir leis cur isteach ar an bpost in athuair más mian leis.

Bord Fhoras na Gaeilge a cheapann na Príomhfheidhmeannach.

I gCeannáras Fhoras na Gaeilge i lár Bhaile Átha Cliath a bhíonn na Príomhfheidhmeannach i mbun a chuid oibre.

Dé hAoine an 22 Deireadh Fómhair an sprioc d’iarratais ar an bhfolúntas do cheann de na poist is sinsearaí in earnáil na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Post an Phríomhfheidhmeannaigh i bhForas na Gaeilge fógartha'

  • Dónall

    Lonnaithe i mBÁC..nach méanar don teanga….