‘Portráidí’ 2020 seolta agus ochtar scríbhneoirí nua curtha leis an mbailiúchán

Ainmníodh freisin an t-ochtar scríbhneoirí a bheas á gcur le cartlann Portráidí an bhliain seo chugainn

‘Portráidí’ 2020 seolta agus ochtar scríbhneoirí nua curtha leis an mbailiúchán

Seoladh inné an chéad sraith eile de phortráidí atá le cur leis an bhunachar digiteach ‘Portráidí’ don bhliain 2020.

Ochtar scríbhneoirí atá curtha leis an chartlann digiteach, chomh maith le heolas beathaisnéise agus sonraí eile fúthu féin agus a saothar.

I measc na scríbhneoirí sin, tá ceathrar ban, an file agus blagadóir Áine Durkin, an cumadóir ceoil agus scríbhneoir acadúil Pádraigín Ní Uallacháin, an file agus scríbhneoir Áine Uí Fhoghlú agus an scríbhneoir acadúil Máirín Ní Dhonnchadha.

An file agus scríbhneoir Declan Collinge, an t-aistritheoir Gary Hastings, an gearrscéalaí, file agus úrscéalaí Jackie Mac Donncha agus an scríbhneoir acadúil Seán Ó Coileáin, Iar-ollamh le Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, na scríbhneoirí eile a bhfuil a bportráid curtha le bunachar na scríbhneoirí Gaeilge.

Ainmníodh chomh maith an t-ochtar scríbhneoirí a bheas á gcur le cartlann Portráidí an bhliain seo chugainn.

An t-úrscéalaí agus aistritheoir Antain Mac Lochlainn, an gearrscéalaí agus iriseoir Deirdre Ní Ghrianna, an drámadóir agus scríbhneoir scripte, Diarmuid de Faoite, an t-údar Laoise Ní Chléirigh, an file agus gearrscéalaí Máire Dinny Wren, an file agus cumadóir Mícheál Ó Cuaig agus beirt scríbhneoirí acadúla, Pádraig Ó Riain agus Ríonach Uí Ógáin, atá roghnaithe don chéad sraith portráidí eile.

Agus na grianghraif á seoladh aige, dúirt an Dr Liam Mac Amhlaigh, eagarthóir an tsuímh, go raibh áthas air gur éirigh leo “portráidí áille maorga a chur ar fáil do bheoscríbhneoirí na Gaeilge i mbliana”, ainneoin na ndeacrachtaí a bhain le Covid-19.

Táimid ag cur ochtar in aghaidh na bliana faoi phortráidíocht. Réitítear iontrálacha breátha ar an suíomh idirlín Portraidí.ie agus tá beathaisnéisí, eolas tánaisteach, comhaid fuaime agus ar ndóigh sleachta samplacha de shaothair na scríbhneoirí ann chomh maith,” a dúirt Mac Amhlaigh.

In 2016 a bunaíodh an chartlann dhigiteach Portráidí, tionscadail atá á reáchtáil ag an iris Comhar i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge. Bhí portráidí de 107 scríbhneoir aitheanta Gaeilge, idir údair liteartha agus scríbhneoirí acadúla, sa chéad chnuasach, agus cuireadh ochtar scríbhneoirí leis an bhunachar gach bliain ó shin.

Ba í an grianghrafadóir Máire Uí Mhaicín, nach maireann, a thógadh na portráidí d’Fhoras na Gaeilge sna blianta 2009-2013.

Fág freagra ar '‘Portráidí’ 2020 seolta agus ochtar scríbhneoirí nua curtha leis an mbailiúchán'