Ní le Red Bull “Poll na bPéist”!

BRISEANN AN DÚCHAS: An tseachtain seo, Máirtín Jaimsie

CliffDive14-8012

Cheapfá gurb iad “Red Bull” a fuair amach “Poll na bPéist” in Árainn i dtosach – ach ar ndóigh, ní hiad. Tá Poll na bPéist ansin leis na cianta cairbreacha – agus beidh inár ndiaidh. Poll dronuilleogach (30 méadar X 10 méadar) gearrtha amach go nádúrtha sa leac, ionas gur beag nach mionnófá gurb é an duine daonna a rinne an obair.

Is cosúil le linn snámha nua-aimseartha é, ar an gcéad dhearcadh. Théadh muid ag snámh go minic ann agus muid inár leaidsí óga ar ár mbealach siar ag iarraidh ronnach ar Charraig na bPiseog. Níorbh fholáir dhuit duine a bheith in éineacht leat le láimh a thabhairt aníos dhuit, mara mbeadh lán mhara rabharta ‘at, nó rópa ceanglaithe ar storrán ar an mbruach, len thú fhéin a tharraingt amach. Faoin aill siar ó dheas de bhaile Ghort na gCapall atá sé suite.

Chinn sé ar Tim Robinson (Stones of Aran) aon scéal a fháil faoi Pholl na bPéist ón traidisiún. Dúirt an scríbhneóir Tomás Ó Flaithearta nár chuala sé fhéin aon seanchas faoi, ach go raibh sé in am scéal a chumadh! Chuala mise cara mór liom fhéin ag inseacht scéil do chailín óg strainséartha, sa mbliain 1975.

Bhíomar ag deasú eangaigh ag an ngaráiste i gCill Mhuirbhigh nuair a bhuail an bhruineall seo bleid orainn agus í ar a bealach anuas ó Dhún Aongusa. Bhí sí th’éis an timpeall a dhéanamh – suas thré Ghort na gCapall agus siar barr na haille go dtí an Dún. Chonaic sí Poll na bPéist síos uaithi agus is í an cheist a bhí aici – “Cén doimhne a bhí sé?” Is beag ná raibh “níl fhios a’m” ráite agamsa, nuair a labhair mo mhéit – Mickey. “Inseoidh mise duit cén doimhne atá Poll na bPéist” a deir sé, agus é ag suí ar an gclaí beag agus ag lasadh Gold Flake……

“Bhí fear ar an Oileán seo fadó” a deir sé, agus é ag breathnú isteach ina dhá súil – chomh dháiríre is dhá mbeadh sé ag déanamh faoistin a bháis.

“Murchadha Beag, Mhurchadha Mhóir Sheáin Shéamaisín a thugaidís air. Fear chomh breá is a bhí in Árainn ariamh, ná in Éirinn, dhá ndéarfhainn é. Bhí sé sé troigh sé, má bhí sé orlach ar airde; é leathan, ligthí oscartha. Iomróir, fear sluasaide agus laí ar dhá cheann an iomaire; scoth an mharcaigh, fear caite meáchain agus snámhaí ar nós an róin. Go deimhin, bhí gaol aige leis na rónta mar go mba de Chlainne Confhaola é. An-fhear ban a bhí freisin ann,” arsa Mickey agus é a tarraingt a anála mar a dhéanfadh an dea-scéalaí, go bhfeicfeadh sé cén chaoi a dtógfadh sí an méid sin.

Thóg sí go maith é. Rinne sí meangadh beag gáirí agus choinnigh sé air.

“Ach leis an scéal gearr a dhéanamh fada,” a deir sé (ag caitheamh súil mhagúil anall i mo threosa), “bhí Murachadh Beag lá i gCill Rónáin. Lá Aonaigh a bhí ann, agus chuaigh siad isteach le haghaidh deoch Tigh Mhary Bheag th’éis dhóibh na beithígh a bheith curtha chun bealaigh acu..

“Thosaigh an chaint, an cur síos agus an argóint th’éis píosa. Ba ghearr gur tarraingíodh anuas, ar chaoi ‘cínt, doimhne Pholl na bPéist. Ba é deireadh an scéil gur ghlac Murchadh Beag leis an dúshlán, a ghabháil síos go grinneall an phoill lena thomhais go cruinn cén doimhne a bhí ann.”

“An Domhnach dhár gcionn, th’éis an darna hAifreann in Eochaill, siar leo ó dheas, siar faoin Aill ag Port Bhéal a’ Dúin. Bhí suas le dosaen fear óg ann, a chuala faoin dúshlán mara raibh siad Tigh Mhary Bheag lá an aonaigh. Thug Murachadha leis glionda a bhíodh aige ag iascach den aill ard ar a raibh dhá chéad feá de dhorú. Thug sé leis freisin staic de mhullán cladaigh – trí ceathrúnaí céid meáchain – bheadh seaneire fir eile inti..

Nuair a bhain siad amach bruach an Phoill – leag Murchadha uaidh an mullán, scaoil sé anuas an dorú den ghlionda agus rinne sé corna deas cóiriúil dhó ar an mbruach. Ansin chaith sé dhó, síos go dtíona dhrár bán den fhlainín baile a bhí taobh istigh air, dhá threabhsar ceanneasna. Chuir sé cor de chloigeann an dorú thimpeall a bhásta, rug sé ar an mullán mór agus chuir sé lena chliabhrach í, choisric sé é fhéin agus léim sé isteach, cosa i dtosach. Chuaigh an dorú ina lasair amach ina dhiaidh – an dá chéad feá – nó gur scuabadh an glionda den bhruach ar nós urchair agus go ndeachaigh sé fhéin faoi uisce.

D’imigh nóiméad, nóiméad go leith, dhá nóiméad. Bhíodar ag feiceáil corrbholscóid aeir ag teacht go barr uisce i dtosach, ach ansin tada. Ní raibh smid as na fir óga. Ní raibh smeámh as aer. Chuaigh duine des na fearaibh amach ag an mbruach ó dheas ag ceapadh go mb’fhéidir gurb amhlaidh a shnámh Murchadha trasna amach sa bpluais atá faoi thalamh idir an poll agus an fharraige mhór; ba gheall le rud é a dhéanfadh sé le diabhlaíocht – ach níorbh é…. faríor.

Caoineadh agus tórraíodh go fiúntach Murchadha Beag Mhurchadha Mhóir Sheáin Shéamainsín ar feadh seacht lá agus seacht n-oíche, mar ba nós ag an am. Cuartaíodh é ach ní raibh aon fháil i ndán dhó. Briseadh croí a mháthar mar ná raibh de mhaicín aici ach é. Bhí croíthe an oileáin briste i ndiaidh a n-aon laoch.

Ach dhá mhí go dtí an lá, i ndiaidh a imeachta tháinig litir as Australia! Murchadha Beag ag iarraidh orthu a chuid éadaí a chur chuige! Cuireadh, ach níor tháinig sé abhaile ariamh..”

D’inis mo mhéit Mickey scéal eile ansin don bhruinneall óg, faoi Oileán an Dá Bhronnóg. Ag campáil a bhí sí agus dúirt sí go mba mhaith léi oíche a chaith’ amuigh ann. Mise a thug amach sa gcurrach as Bun Gabhla iad. Chaith Mickey an oíche in éineacht léi – ar fhaitíos go dtiocfadh uaigneas uirthi!