‘Polasaí náisiúnta Gaeilge’ i measc na rún a phléifear ag Ard-Fheis Fhianna Fáil

Tá trí rún a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta le plé ag Ard-Fheis Fhianna Fáil san RDS i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo

File photo: Micheal Martin says he is preparing to become taoiseach.

Tá togcháin an Údaráis, Gaeilge na hArdteiste agus polasaí náisiúnta Gaeilge i measc na n-ábhar sna rúin a bheidh á bplé le linn Ard-Fheis Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo.

Moltar go mbeadh sé mar pholasaí ag Fianna Fáil go dtoghfaidh muintir na Gaeltachta baill bhord Údarás na Gaeltachta go daonlathach in áit chóras na gceapachán atá ann anois.

Luaitear éigeantacht na Gaeilge i scrúdú na hArdteistiméireachta freisin; moltar go gcoinneofaí an teanga ina croí-ábhar don scrúdú sin.

Tarraingíodh raic roimh an olltoghchán deiridh nuair a gheall Fine Gael go ndéanfaí ábhar roghnach den Ghaeilge ar leibhéal na hArdteiste dá dtoghfaí iad. Chuir Conradh na Gaeilge agus grúpaí eile agóid suas in aghaidh an mholta agus ar deireadh, fágadh cúrsaí mar a bhí.

Tá geallta ag an Roinn Oideachais, áfach, go ndéanfar athbhreithniú ar an gceist nuair a bheidh bearta na Roinne feidhmithe go hiomlán agus athbhreithniú déanta ar a n-éifeacht.

An rún deiridh Gaeilge a phléifear san RDS an deireadh seachtaine seo ná go mba cheart go mbeadh polasaí náisiúnta Gaeilge ag an bpáirtí a bheadh bunaithe ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a thug Fianna Fáil isteach nuair a bhí an páirtí i gcumhacht sa bhliain 2010.

Fág freagra ar '‘Polasaí náisiúnta Gaeilge’ i measc na rún a phléifear ag Ard-Fheis Fhianna Fáil'