Polasaí ‘Béarla amháin’ ar chomharthaí sráide ‘in aghaidh an dlí

Deir an Committee of Administration of Justice (CAJ) gur sárú ar an dlí é ag údaráis áitiúla ó thuaidh polasaí aonteangach a bheith acu maidir le comharthaí sráide

Polasaí ‘Béarla amháin’ ar chomharthaí sráide ‘in aghaidh an dlí

Tá ráite ag an Committee on the Administration of Justice (CAJ) i mBéal Feirste go bhfuil sé in aghaidh an dlí ag údaráis áitiúla polasaí ‘Béarla amháin’ a thabhairt isteach maidir le comharthaí sráide ó thuaidh.

Vótáil baill Chomhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach an tseachtain seo caite ar son polasaí ‘Béarla Amháin’ ar chomharthaí sráide sa cheantar.

Dúirt Leas-Stiúrthóir CAJ, Daniel Holder, le Tuairisc.ie, áfach, gur sárú ar an dlí é ag údaráis áitiúla ó thuaidh a leithéid de pholasaí aonteangach a bheith acu beag beann ar mhianta an phobail lena mbaineann sé.

Bhí Daniel Holder ó CAJ, eagraíocht neamhrialtasach ar son cearta daonna, ag tagairt don scéal gur vótáil baill Chomhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach an tseachtain seo caite i gcoinne cead a thabhairt Gaeilge a chur ar chomharthaí sráide sa cheantar.

Bhí iarratas déanta ag Cumann Áitritheoirí Abbeyville go gceadófaí cúig chomhartha a mbeadh na sráidainmneacha i nGaeilge orthu agus a gcás bunaithe ar fhigiúirí daonáirimh faoi líon na gcainteoirí Gaeilge sa bhaile.

Mhaígh Daniel Holder go mbeadh an moladh maidir le polasaí ‘Béarla amháin, ar vótáil na comhairleoirí ar a shon, in aghaidh an dlí.

“Cuireadh deireadh i 1995 leis an seandlí de chuid Stormont a chuir cosc ar an nGaeilge níl sé dleathach anois ag Comhairle cosc a chur ar chomharthaí dátheangacha i ngach cás beag beann ar dhearcadh na n-áitritheoirí ar an tsráid atá i gceist.

“Bheadh aon pholasaí dá leithéid ag teacht salach ar chonarthaí maidir le cearta daonna a shínigh an Ríocht Aontaithe le Comhairle na hEorpa agus ar na gealltanais a tugadh i dtaobh na Gaeilge de thoradh Chomhaontú Aoine an Chéasta,” a dúirt Daniel Holder, Leas-Stiúrthóir an CAJ.

Le linn an phlé i gComhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach faoin iarratas ar na comharthaí Gaeilge, mhol ceannasaí an DUP sa Chomhairle Phillip Brett go mbeadh polasaí ‘Béarla amháin’ i bhfeidhm maidir le comharthaí sráide agus thacaigh ceannasaí an UUP sa Chomhairle leis an moladh sin. 

Ag labhairt dó leis an Newtownabbey Times i ndiaidh an chruinnithe, chuir an comhairleoir de chuid an DUP Thomas Hogg fáilte roimh an gcinneadh glacadh le “polasaí Béarla amháin”.

“Bheadh amhras orm faoi chuspóirí na ndaoine a rinne an achainí seo agus creidim gur iarracht a bhí ann geiteo a dhéanamh den cheantar. Tá daoine an-trína chéile mar gheall ar an mbeart seo agus chuir sé isteach go mór ar an dea-chaidreamh a bhí i measc an phobail in Abbeyville le blianta fada. Cuirim fáilte roimh chinneadh na Comhairle mar bua atá ann don stuaim agus don mheasarthacht,” a dúirt an Comhairleoir Thomas Hogg.

Tá teannas ar leith faoi chúrsaí teanga faoi láthair mar gheall ar theip na gcainteanna polaitiúla de bharr easaontais faoi acht Gaeilge.

Dúirt David McNarry, iarcheannaire UKIP ó thuaidh, le déanaí nach mbeadh aon leisce air féin “an dlí a bhriseadh” agus aon chomhartha i nGaeilge a chuirfí suas ar a shráid féin “a tharraingt anuas”.

Dúirt McNarry nach raibh faoi daoine eile a ghríosú chun an dlí a shárú ach gurb amhlaidh go raibh seasamh á thógáil aige chun a chuid “Briotanachais féin a chosaint”.

Fág freagra ar 'Polasaí ‘Béarla amháin’ ar chomharthaí sráide ‘in aghaidh an dlí'