Póilíneacht na teorann faoi scáth an Bhreatimeachta agus lucht mioscaise ag faire a ndeis

Beidh póilíní ar dhá thaobh na teorann faoi bhrú má imíonn an Bhreatain as an Aontas Eorpach gan aon mhargadh a bheith déanta

Póilíneacht na teorann faoi scáth an Bhreatimeachta agus lucht mioscaise ag faire a ndeis

Tá na foláirimh faoin lorg a d’fhágfadh an Breatimeacht gan mhargadh ar chúrsaí póilíneachta ag teacht go tiubh le seachtain. B’údar imní ar dhá thaobh na teorann iad na ráitis ó Choimisinéir an Gharda Síochána, agus ó Phríomh-Chonstábla an PSNI agus b’údar imní an méad a bhí i dtuarascáil ón dá Choimisiún Cearta Daonna ar an oileán.

Is léir don dall an tábhacht atá le comhoibriú trasteorann idir an PSNI agus an Garda Síochána maidir le slándáil agus saothar frithsceimhlitheoireachta. Is léir freisin gur mhór an chabhair don obair shlándála cois teorann agus trasteorann iad beartais nua slándála de chuid an AE, an barántas gabhála Eorpach cuir i gcás. Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar eachtraí a bhaineann le coiriúlacht eagraithe, mangaireacht drugaí go háirithe, chun a thuiscint cé chomh riachtanach is atá an comhoibriú ar an oileán seo féin agus ar bhonn idirnáisiúnta.

Bhí a fhios le tamall maith go raibh an PSNI agus An Garda Síochána buartha faoin dúshlán a bhainfeadh le teorainn chrua. Níor chuir Simon Byrne, Príomh-Chonstábla nua an PSNI ná Coimisinéir an Gharda, Drew Harris, fiacail ann an tseachtain seo.

Déanfaidh na Gardaí agus an PSNI a ndícheall, cibé sórt Breatimeacht a tharlóidh, a dúirt Harris. Ní léir an mbeidh éifeacht ag plean Harris atheagar ó bhonn a chur ar an nGarda Síochána, nuair a chuirfear an plean sin i bhfeidhm nó mó chuirtear i bhfeidhm é. Leanfaidh an dá sheirbhís ag roinnt eolais chun tacú le fiosruithe agus chun contúirt a sheachaint, arsa Harris ach beidh an chreatlach reachtúil Eorpach faoinar deineadh sin ar ceal. Bhain sé geit as a lán nuair a mheabhraigh sé dóibh go mbeadh an comhoibriú leis an Ríocht Aontaithe taobh le socrú a rinneadh trí scór bliain ó shin. D’éagmais chóras an AE bheifí ag brath ar chonradh ó 1959, ar sé.

Ní hiontas é nach gcothódh an t-eolas sin muinín.

D’éiligh an Príomh-Chonstábla Byrne soiléiriú faoina bplean ó rialtas na Breataine – go n-éirí leis! D’éiligh sé breis foirne. 6,750 oifigeach atá ag an PSNI faoi láthair, 750 gann ar an líon a mhol Coimisiún Patten fiche bliain ó shin nuair nach raibh sa Bhreatimeacht ach aisling an ‘mhionlaigh chraiceáilte’ mar a thugtaí orthu an t-am sin. Tá 300 oifigeach geallta dó ach maíonn ceannaireacht an PSNI nach leor sin i bhfianaise na contúirte ó easaontóirí poblachtacha. Léirigh Byrne imní go gcothódh Breatimeacht gan mhargadh fadhbanna thairis sin, smuigleáil agus conas déileáil léi san áireamh. Mheas sé freisin go mbeadh baol mór mísheasmhachta ann más fíor don tuar faoin scrios eacnamaíochta a dhéanfadh an Breatimeacht gan mhargadh.

De réir na tuarascála, tá údar maith leis an imní. De réir taighde a rinneadh thar ceann Choimisiún Cearta Daonna Thuaisceart Éireann agus Coimisiún Cearta Daonna agus Comhionannais na hÉireann bheadh tionchar tromchúiseach ag Breatimeacht gan mhargadh ar chomhoibriú póilíneachta trasteorann. Ní leor dea-thoil ná dea-chaidreamh idir na Gardaí agus an PSNI chun a dhul i ngleic leis na bearnaí reachtúla a fhágfar.

Dá mbainfidís triail as, bheadh na cúirteanna lán go béal le daoine ag tabhairt a ndúshlán, cúis mhaith acu agus muinín sa tseirbhís basctha.

Léirigh an taighde nár baineadh úsáid riamh as an mBarántas Gabhála Eorpach taobh amuigh de thíortha an AE; is leis an Aontas Eorpach a bhaineann sé. Dá éagmais chaithfí filleadh ar na seansocruithe leis an Ríocht Aontaithe faoi eiseachadadh –acht 1957 atá ina chnámh spairne idir Éirinn agus an Bhreatain ar feadh blianta. Chuir an Barántas Gabhála Eorpach deireadh leis an achrann faoi eiseachadadh ach da éagmais d’fhéadfadh an cheist a bheith fíorchonspóideach arís.

Is fíor gur féidir conarthaí úra a aontú amach anseo agus gur dócha go mbeidh rialtas na Breataine, d’ainneoin a reitrice ag iarraidh a bheith bainteach le Europol agus eagraíochtaí slándála eile. B’fhéidir go bhféadfaí ‘ailíniú’ leis na socruithe don Bharántas Gabhála Eorpach a bhaint amach agus fadhbanna eiseachadta a sheachaint ach tógfaidh an idirbheartaíocht am. Idir an dá linn ní haon ribín réidh é póilíneacht na teorann agus is maith atá a fhios againn go bhfuil lucht mioscaise ag fanacht ar a ndeis chun a theacht i dtír ar an nguagacht.

Fág freagra ar 'Póilíneacht na teorann faoi scáth an Bhreatimeachta agus lucht mioscaise ag faire a ndeis'

  • Liam Mac Lochlainn

    Fadhb eile sa phrácás seo ar a dtugtar Breatimeacht. Tá plean ann 300 póilín a chur ó Albain go Tuaisceart Éireann i gcás go mbeidh corraíl shibhialta ann i ndiaidh ‘Breatimeacht gan Mhargadh’. Dúirt Callum Steele ón Scottish Police Federation go bhfuil imní air faoi shábháilteacht na n-oifigeach sin: ní iompraíonn siad airm agus níl traenáil fhóirsteanch acu.