Pobal na farraige is na tíre a thug Máire Ní Fhátharta abhaile 

Gach lóchrann ar an gcladach, agus gach solas ar muir, daoine iad a ndeachaigh scéal Mháire go croí iontu.

Pobal na farraige is na tíre a thug Máire Ní Fhátharta abhaile 

Ghlac os cionn 60 árthach agus 2,000 duine páirt sa chuardach a rinneadh do Mháire Ní Fhátharta as Doire Locháin sa Spidéal nuair a chuaigh sí ar iarraidh i gCuan na Gaillimhe an mhí seo caite, dar lena páirtí Dan King.

Dúirt King, seoltóir agus clársheoltóir go raibh na mílte daoine páirteach sa chuardach agus go raibh trí scór árthach ar an bhfarraige.

“Bhí teorainn 2,000 duine ar an bpobal WhatsApp don chuardach ar tír agus ba mhinic a sáraíodh an teorainn sin. Ar an bhfarraige bhí os cionn 60 árthach agus 300 duine sa lá [ag cuardach] idir bháid iascaigh – ó Oileáin Árann, Ros an Mhíl agus Ceann Chlochair i gcontae Lú – an Garda Cósta, Institiúid Náisiúnta Ríoga na mBád Tarrthála, an Chosaint Shibhialta, chomh maith le báid phríobháideacha, cumainn fothoinn, cláir sheaschéaslóireachta, cadhcanna, agus snámhaithe,” a dúirt Dan King agus é faoi agallamh sa Sunday Independent

Bhí héileacaptair de chuid an Gharda Cósta in úsáid freisin agus baineadh úsáid as uirlis de chuid Fhoras na Mara darb ainm ‘Adrift’ a ríomhann sonraí faoi na taoillí, an aimsir, agus sruthanna abhann agus farraige le samhailtí a chruthú le daoine atá ar iarraidh san fharraige a fháil.

Chuardaigh na mílte daoine a bhí sna grúpaí WhatsApp an cósta ó Cheann Boirne i gContae an Chláir siar chomh fada leis an gCeathrú Rua i gConamara ar feadh aon lá dhéag an mhí seo caite.

Aimsíodh Máire Ní Fhátharta Dé hAoine, an 22 Samhain, agus tugadh abhaile í go Doire Locháin an Luan dár gcionn. Ba amach ó Thrá na gCeann, an áit a ndeachaigh sí ag snámh ar an 12 Samhain, a thángthas uirthi sa deireadh.

Dúirt duine den lucht cuardaigh gur léirigh “gach lóchrann ar an gcladach, agus gach solas ar muir, daoine a ndeachaigh a scéal go croí iontu”.

Ghabh a muintir buíochas le chuile dhuine a thug cúnamh is tacaíocht dóibh ó chuaigh Máire ar iarraidh agus dúirt gurb é “gnaíúlacht, cineáltas agus teacht aniar an phobail” a chinntigh gur tugadh Máire abhaile.

Bailíodh os cionn €225,000 i bhfeachtas bailithe airgid le cuidiú le costas an chuardaigh agus dheonaigh siopaí agus gnólachtaí i gConamara, i nGaillimh agus chomh fada ó bhaile le Mullach Íde i mBaile Átha Cliath, trealamh agus éadaí do lucht an chuardaigh.

Fág freagra ar 'Pobal na farraige is na tíre a thug Máire Ní Fhátharta abhaile '

  • Colm Ó Cinnseala

    Sea, ba íontach an léiriú ar spiorad an phobail, idir áitiúil agus níos fuide i gcéin agus pobal na farraige (a tháinig ó i bhfad agus i gcéin) a bhí ann i rith an chuardaigh. Agus mise amuigh ar RIB d’fheicinn muintir na ‘Hi Viz’ le cladach gach lá, ba chuma cé chomh fuar agus a bhí sé, siar chomh fada le na Minna i gCois Fharraige. Is ardú croí agus meanman a bhi ann in aimsir an dóláis.