Plean náisiúnta vacsaínithe do 14.3 milliún dáileog le foilsiú

Luaitear sa phlean, a d'ullmhaigh tascfhórsa speisialta faoi chathaoirleacht Bhrian MhicCraith, ollamh agus Gaeilgeoir líofa, cúig chineál láithreach do dháileadh na vacsaíní

Plean náisiúnta vacsaínithe do 14.3 milliún dáileog le foilsiú

Foilseoidh an Rialtas tráthnóna an plean náisiúnta vacsaínithe chun dul i ngleic leis an Covid-19, plean chun 14.3 milliún dáileog a cheannach ó shé chomhlacht dhifriúla.

€112 milliún an costas atá á lua leis na vacsaíní agus cuirfear ar fáil saor in aisce iad.

Tascfhórsa speisialta faoi chathaoirleacht Bhrian MhicCraith, ollamh agus Gaeilgeoir líofa, a d’ullmhaigh an plean a bheidh ríthábhachtach san iarracht an Covid-19 a chur faoi chois.

Luaitear sa phlean cúig chineál láithreach do dháileadh na vacsaíní – ospidéil agus ionaid sláinte eile, tithe altranais, mór-ionaid vacsaíne, clinicí dochtúirí teaghlaigh agus cógaslanna pobail.

Daoine os cionn 65 atá ina gcónaí go fadtéarmach in ionaid chúraim agus oibrithe sláinte an chéad dá dhream a thabharfar an tsnáthaid dóibh mí Eanáir.

Meastar nach mbeidh ach líon teoranta vacsaíní ar fáil mí Eanáir agus mí Feabhra ach go mbeidh dóthain ann do na daoine a bhfuil tús áite á thabhairt dóibh.

Beidh níos mó vacsaíní ar fáil mí Mhárta, Aibreáin agus Bealtaine de réir mar a bheidh níos mó acu ar fáil ó lucht a ndéanta.

Meastar gur i ndeireadh an earraigh agus tús an samhraidh a osclófar na mór-ionaid vacsaínithe in áiteanna amhail Óstán an Citywest i mBaile Átha Cliath.

Táthar ag súil go mbeidh córas nua ar líne ar fáil roimh dheireadh na bliana a cheadóidh do dhaoine clárú chun an chéad agus an dara dáileog den vacsaín a fháil.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur “comhiarracht mhór náisiúnta” a bheadh i ndáileadh na vacsaíní. Bheadh an plean vacsaínithe “ríthábhachtach” maidir le dul i ngleic leis an Covid-19 agus deis a thabhairt do dhaoine an gnáthshaol a bhíodh acu a chaitheamh arís, a dúirt an Taoiseach.

Tosófar ar an vacsaín Pfizer/BioNTech a thabhairt do dhaoine seachtain i ndiaidh don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) a mbeannacht a thabhairt di.

Meastar go ndéanfaidh an EMA an méid sin ar an 29 Nollaig rud a fhágann go mbeidh an chéad bhaisc réidh le dáileadh sa stát luath mí Eanáir. Déanfaidh an EMA cinneadh faoi vacsaín Moderna ar an 12 Eanáir.

Fág freagra ar 'Plean náisiúnta vacsaínithe do 14.3 milliún dáileog le foilsiú'